Ordaíodh fear a fuarthas ciontach i dumpáil i bportach cosanta €18,810 a íoc
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I gcás a thug an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta os comhair na Cúirte Dúiche sa Mhuileann gCearr, ar Déardaoin an 8ú Aibreán, ciontaíodh fear agus gearradh fíneáil iomlán de €15,000 móide €3,810 air i gcostais as dumpáil i 2020 i Láthair Oidhreachta Náisiúnta Portach Bhealach Bhaile an Mhuilinn atá faoi chosaint.
Tá Portach Bhealach Bhaile an Mhuilinn ainmnithe mar Láthair Oidhreachta Náisiúnta (NHA) faoin Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 2000.
Thug Maor Páirc na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) Tríona Finnen fianaise go ndearna sí imscrúdú ar thuairiscí dumpála i mí Feabhra 2020 agus go bhfaca sí ar dhá dáta leoraí ag dumpáil ábhar ithreach laistigh den Láthair Oidhreachta Náisiúnta faoi chosaint ar thailte atá cláraithe faoi úinéireacht an Aire agus ar thalamh cóngarach. Chualathas sa chúirt nach raibh aon cheadúnas ná cead i bhfeidhm chun an dumpáil a dhéanamh ón gComhairle Contae nó ón NPWS.
Chualathas sa chúirt, nuair a chuir Maor Páirce Finnen faoi agallamh é, gur admhaigh an fear tiománaí a fhostú chun ithir a iompar agus a dhumpáil ar an talamh. Dumpáladh iomlán comhcheangailte de 100 lán leoraí d’ithir sa Láthair Oidhreachta Náisiúnta faoi chosaint in earrach 2020.
Bhí an Breitheamh, tar éis dó fianaise Mhaor Páirce Finnen agus soiléiriú ar phointí ó Mhaor Páirce NPWS Therese Kelly a fháil, sásta gur chóir an fear a chiontú ar gach toghairm os comhair na Cúirte agus dúirt sé go gcaithfí déileáil leis na sáruithe mar thromsháruithe ar an dlí.
Thug an fear le fios go raibh sé i gceist aige achomharc a dhéanamh ar an mbreithiúnas. Cuireadh an cás i gcoinne an chosantóra eile, an tiománaí leoraí, ar atráth go dtí an 17ú Meitheamh.
Dúirt Malcolm Noonan T.D., An tAire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchán, agus é ag fáiltiú roimh an mbreithiúnas:
“is ceist thromchúiseach í dumpáil mhídhleathach, go háirithe nuair a bhíonn tionchair aige ar ghnáthóga tábhachtacha. Cuirim fáilte roimh an mbreithiúnas agus fíneáil seo. Tá súil agam go gcuirfidh sé cosc ar dhaoine eile a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí den sórt sin agus molaim m’fhoireann sa tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus iad siúd go léir a chabhraigh leis an ionchúiseamh rathúil seo a bhaint amach.”
Críoch