Oscailt Bhliain 5 de Scéim Leasa na gCaorach deimhnithe ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go gcuirfear tús leis an gcúigiú bliain de Scéim Leasa na gCaorach an 1 Feabhra 2021. Clárófar rannpháirtithe atá sa scéim cheana féin go huathoibríoch do bhliain 5 agus ní bheidh aon ghá dóibh aon ghníomh a ghlacadh más mian leo fanacht sa scéim. Táthar ag glacadh le hiarratais anois chomh maith le bheith páirteach sa chúigiú bliain den Scéim ó iontrálaithe nua san fheirmeoireacht caorach.
Dúirt an tAire,
" Seoladh Scéim Leasa na gCaorach i mí na Nollag 2016 agus cuireann sí tacaíocht ar fáil d'fheirmeoirí chun tabhairt faoi ghníomhartha a rachaidh chun leasa folláine an tréada. Bhí ríméad orm a bheith ábalta maoiniú €17 milliún a fháil faoi phróiseas Bhuiséid 2021 le síneadh a chur leis an scéim don chúigiú bliain agus tús á chur againn le tréimhse idirthréimhseach sula dtugtar an Comhbheartas Talmhaíochta nua isteach. Tá mo Roinn ag cur pacáistí eolais amach chuig rannpháirtithe na scéime faoi láthair ina bhfuil téarmaí agus coinníollacha agus leabhair thaifeadta gnímh do bhliain 5 den scéim."
Fágfaidh an síneadh atá curtha leis an scéim go mbeidh leasú le déanamh ar Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann agus go mbeidh an Coimisiún Eorpach le cur ar an eolas ina leith Dheimhnigh an tAire McConalogue go mbeadh a Roinn féin ag lorg athrú ar an tréimhse thagartha i gcomhthéacs an athraithe sin. :.
"Tá súil agam go bhfaighimid toradh dearfach ar an iarraidh seo. Is céim thábhachtach é an bhliain thagartha a thabhairt cothrom le dáta ón dáta reatha go dtí an bhliain thagartha 2017 atá beartaithe chun tacú le feirmeoirí caorach forchéimnitheacha agus cur leo. Tá cluas tugtha agam d'fheirmeoirí ina leith seo agus tá mé sásta a dheimhniú go bhfuil an t-athrú tábhachtach seo ar an RDP lorgtha agam," a dúirt an tAire McConalogue.
Mhol an tAire McConalogue do gach iontrálaí nua incháilithe in earnáil na caorach ar mhian leo iarratas a dhéanamh le bheith páirteach sa scéim a gcuid foirmeacha a sheoladh ar ais faoin 1 Feabhra.
Is féidir teacht ar fhoirmeacha iarratais trí theagmháil a dhéanamh le rannóg Scéim Leasa na gCaorach trí ríomhphost a sheoladh chuig sheepscheme@agriculture.gov.ie nó ar an nguthán ar 076/1064420. Chun críocha na scéime, sainmhínítear iontrálaí nua ar fheirmeoireacht caorach mar iarratasóir a bhfuil iarratas déanta aige ar uimhir thréada nua sa tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig, an bhliain roimh bhliain na scéime, nó iarratasóir a bhfuil uimhir thréada aige cheana féin ach nár choinnigh caoirigh ná nár thrádáil caoirigh ar feadh tréimhse dhá bhliain suas go dtí an 31 Deireadh Fómhair roimh bhliain na scéime.
CRÍOCH