Osclaíonn an tAire McConalogue iarratais ar Mhaolú Níotráití 2023
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, inniu gur féidir iarratais ar Mhaolú Níotráití 2023 a chur isteach anois ag baint úsáide as tairseach ar líne na Roinne, www.agfood.ie
Dúirt an tAire:
“Tugann an Maolú Níotráití deis d'fheirmeoirí feirmeoireacht a dhéanamh ar rátaí stocála níos airde gan ár gcáilíocht uisce a chur i mbaol. Tá an Maolú Níotráití faoi réir coinníollacha diana áirithe atá deartha chun an comhshaol a chosaint agus riachtanais na Treorach maidir le Níotráití a chomhlíonadh."
“Tá ról tábhachtach le himirt ag gach feirmeoir maidir lenár gcomhshaol a chosaint go háirithe iad siúd atá ag feirmeoireacht ar bhealach níos déine, agus tá sé ríthábhachtach go gcosnóimid agus go n-athbhunóimid ár n-uiscí a luaithe is féidir chun an maolú níotráití a choinneáil ag leibhéil reatha amach sa todhchaí. Tá cáilíocht an uisce ríthábhachtach do thimpeallacht shláintiúil agus tá fonn ar fheirmeoirí tuilleadh feabhsuithe a chur chun cinn anseo."
Tá an Maolú Níotráití ag brath ar chaighdeáin cháilíochta uisce a chomhlíonadh, agus tá na bearta seo deartha chun cáilíocht uisce a chosaint agus nuair is cuí chun sochair bhithéagsúlachta a sholáthar.
“Molaim d'fheirmeoirí faoi stoc níos déine dul i dteagmháil a luaithe is féidir leis an bpróiseas iarratais seo agus an gá atá le maolú a phlé lena gcomhairleoir talmhaíochta,” a dúirt an tAire.
Moltar go láidir d'fheirmeoirí déiríochta nár bhain leas as an maolú roimhe seo dul i gcomhairle lena gcomhairleoir talmhaíochta, mar gheall ar na bandaí nua rátaí eisfheartha is infheidhme do bha déiríochta ón 01 Eanáir 2023.
Is iad na trí bhanda is infheidhme maidir le ba déiríochta: 80kg N/bó, 92kg N/bó agus 106kg N/bó in aghaidh na bliana. Roimhe seo measadh go raibh gach bó déiríochta comhionann i dtéarmaí ráta eisfheartha cothaitheach ag 89kg N/bó in aghaidh na bliana.
Chun difríochtaí in aschur cothaitheach a léiriú de réir mar a mhéadaíonn toradh bainne, ó 2023 ar aghaidh, deimhneofar go bhfuil gach tréad déiríochta i gceann de na trí bhanda bunaithe ar mheántoradh bainne an tréada/bó. D'fhéadfadh iarratas a dhéanamh ar Mhaolú Níotráití cabhrú leis na feirmeoirí déiríochta seo cloí leis na teorainneacha atá leagtha amach sna Rialacháin maidir le Níotráití.
Scríobhfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go luath chuig feirmeoirí ina n-aonar maidir leis na roghanna bandála is infheidhme maidir lena dtréad agus na ceanglais maidir le bandáil. Cabhróidh sé seo le feirmeoirí iad féin a chur ar an eolas chun cinntí tábhachtacha a dhéanamh sa bhliain amach romhainn.
Tá an córas ar líne dírithe ar an bpróiseas iarratais a shimpliú agus cabhrú le feirmeoirí pionóis a sheachaint. Is féidir le feirmeoirí leanúint de bheith ag cloí leis na rialacháin trína mbeostoc a bhainistiú, dóthain sciodair/aoileach clóis feirme a onnmhairiú nó talamh breise a fháil ar cíos.
Is é an 31 Márta 2023 an dáta deiridh le haghaidh iarratas. Meabhraítear d'fheirmeoirí a rinne iarratas ar mhaolú in 2022 go gcaithfidh siad Cuntais Leasacháin do 2022 a chur isteach faoin dáta deiridh an 31 Márta 2023.
Tá ráitis Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N&F) le haghaidh Eanáir go Samhain 2022 (eallach amháin) ar fáil anois freisin le feiceáil ar chóras ar líne na Roinne, www.agfood.ie. . Foilseofar Ráiteas N&F dheireadh na bliana a luaithe a bheidh na sonraí go léir ar fáil. Níl roinnt doiciméad a cuireadh faoi bhráid na Roinne tar éis an 31 Nollaig 2022 san áireamh go fóill; déanfar é seo a phróiseáil in am trátha.
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe cheana féin le haghaidh www.agfood.ie. é sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie. agus cliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas anseo.
Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear Téarmaí & Coinníollacha, ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne anseo.