Osclaíonn an tAire McConalogue Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES) go foirmiúil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD an Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES) ar fiú €1.5 billiún í go foirmiúil.
Is féidir le comhairleoirí iarratas feirmeoirí ar ACRES a chur isteach suas go dtí an dáta deiridh, an 21 Samhain. Tógann sé seo ar oscailt an chórais i mí Mheán Fómhair maidir le hullmhú na bpleananna ag comhairleoirí.
Ag oscailt na scéime nua agra-chomhshaoil go foirmiúil dó, dúirt an tAire,
“Tá áthas orm ACRES a oscailt go foirmiúil ionas gur féidir le feirmeoirí iarratais a chur isteach. Comhlíonann an scéim uaillmhianach seo ár dtosaíochtaí comhshaoil agus chun tacú le hioncam teaghlaigh feirme araon. Ós rud é go bhfuil conarthaí le tosú an 1 Eanáir 2023 agus chun cabhrú leis an oiread oibre agus is féidir a ullmhú roimh ré, tá mo Roinnse tar éis oiliúint a chur ar chomhairleoirí agus méid suntasach faisnéise a fhoilsiú chun feirmeoirí a threorú le cúpla mí anuas. Tá rochtain ag beagnach 700 comhairleoir ar an gcóras agus tá os cionn 3,200 Plean Inbhuanaitheachta Feirme dréachtaithe agus réidh le cur isteach."
Tá ACRES, atá mar chuid de Phlean Straitéiseach Chomhbheartas Talmhaíochta na hÉireann (CAP) don tréimhse 2023 -2027, ceaptha chun cur go mór le torthaí feabhsaithe cáilíochta a bhaint amach maidir le bithéagsúlacht, aeráid, aer agus uisce, trí threoir ilfheidhmeach agus trí ghníomhartha bunaithe ar thorthaí. Bunphrionsabal de chuid ACRES is ea an ghníomhaíocht cheart a shuíomh san áit cheart chun rannchuidiú na ngníomhaíochtaí leis na cuspóirí seo a uasmhéadú agus a fheabhsú.
Ag tabhairt dá haire di gealltanas an Rialtais de €1.5 billiún do ACRES thar a thréimhse, arb é an méid is mó riamh a gealladh do scéim agra-chomhshaoil, dúirt an tAire:
"Fuair mé maoiniú sa Bhuiséad le déanaí chun 30,000 rannpháirtí a ghlacadh isteach sa tráinse seo d'ACRES a éascú. Is méid suntasach airgid é sin toisc gurb ionann an íocaíocht bhliantúil uasta do rannpháirtí in ACRES Ginearálta agus suas le €7,311 agus d'fhéadfadh rannpháirtí i gcur chuige Comhoibriú ACRES suas le €10,500 a fháil in aon bhliain ar leith. Molaim do gach feirmeoir agus comhairleoir breathnú go dáiríre ar an scéim roimh an dáta deiridh an 21 Samhain.
"Ba mhaith liom ACRES a sheachadadh dár dteaghlaigh feirme agus don chomhshaol agus mar sin táim ag tnúth leis an scéim uaillmhianach seo a fheiceáil sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn."
Tá Téarmaí agus Coinníollacha ACRES, mar aon leis na sonraíochtaí le haghaidh ACRES Ginearálta, foilsithe ar láithreán gréasáin na Roinne ag gov.ie/ACRES. Idir an dá linn, tá Foirne Tionscadail Chomhoibrithe ACRES ag cur a bPleananna Gníomhaíochta Áitiúla i gcrích faoi láthair agus ag dul i dteagmháil le feirmeoirí. Chuir an Roinn réimse seimineár gréasáin ar fáil d'fheirmeoirí agus do chomhairleoirí, atá ar fáil ar an láithreán gréasáin freisin.
ACRES Ginearálta, atá ar fáil go náisiúnta (lasmuigh den limistéar geografach ardtosaíochta de réir mar atá sainmhínithe do chur chuige Comhoibrithe ACRES thíos), a thairgeann raon beart (treoir agus bunaithe ar thorthaí araon); agus
Comhoibriú ACRES, atá ar fáil d'fheirmeoirí i limistéir shainithe geografacha ardtosaíochta. Taispeánann an léarscáil in Iarscríbhinn 1 de Théarmaí agus Coinníollacha ACRES na 8 gcrios de Thionscadal Comhair ACRES (‘CP’).
Léiriú Spéise/Comhaontú Rochtana a chur isteach;
Plean Inbhuanaitheachta Feirme (FSP) a ullmhú agus a chur isteach ar chóras Bainistíochta Talún Cineálach (GLAM) na Roinne, agus
An t-iarratas a chomhlánú agus a chur isteach chun uaslódálacha ábhartha a chur san áireamh.
Osclaíodh ACRES d'iarratais ar líne Dé Luain, an 17 Deireadh Fómhair, 2022, agus tá sé inrochtana ag comhairleoirí ACRES faofa trína gcuntas Agfood go dtí an 21 Samhain 2022.
Tá ábhar tacaíochta chun iarratais ar ACRES a ullmhú lena n-áirítear Sonraíochtaí Scéime, Téarmaí & Coinníollacha críochnaithe, lámhleabhar úsáideora GLAN, treoir AgriSnap agus treoir físe maidir leis an FSP a chruthú agus an t-iarratas a chur isteach ar fáil ag gov.ie/ACRES.
Is féidir teacht ar fhístreoireacha go díreach ag:
Fanfaidh an córas iarratais ACRES ar oscailt go dtí 23.59pm an 21 Samhain, 2022