Osclaítear an Scéim Buníocaíochta 2021 d’Iarratais
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara feirmeoirí ar an eolas inniu go bhfuil an próiseas iarratais don Scéim Buníocaíochta (an SBÍ) agus an Scéim Glasaithe oscailte anois.
Beidh paca eolais faoin SBÍ á fháil ag feirmeoirí sa phost sna laethanta amach romhainn ina bhfuil léarscáileanna agus sonraí faoi thalamh. Beidh bileog áisiúil chabhrach sa phaca freisin. Cabhróidh an t-eolas seo le feirmeoirí chun a n-iarratas ar líne a dhéanamh. Is é an dáta deiridh d’iarratais ar an SBÍ in 2021 Dé Luain, an 17 Bealtaine. Spreagtar feirmeoirí agus comhairleoirí chun tabhairt faoin bpróiseas iarratais anois, i ndiaidh gur osclaíodh go luath é, seachas fanacht go dtí go bhfuil an dáta deiridh ag druidim leo.
Tá gach gné de na Scéimeanna Íocaíochtaí Díreacha (an SBÍ, Glasú, Scéim na bhFeirmeoirí Óga, an Cúlchiste Náisiúnta, aistriú teidlíochtaí, agus Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha) ar líne anois. Cabhraíonn seo lena chinntiú gur féidir leis an Roinn gach iarratas a phróiseáil faoi na scéimeanna seo chomh héifeachtúil agus is féidir.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Sna laethanta amach romhainn, beidh a bpacaí faoin SBÍ á bhfáil ag feirmeoirí sa phost. Caithfear gach iarratas a dhéanamh ar líne ó 2018 ar aghaidh, faoi mar a cheanglaítear i Rialacháin an AE. Ar an gcaoi sin, níl aon fhoirm iarratais ar pháipéar sa phaca. Tá Téarmaí agus Coinníollacha iomlána ar fáil ar líne, nó ar iarraidh, faoi mar a dtugtar cuntas air thíos. Tá an bhileog chabhrach atá i ngach paca an SBÍ d’fheirmeoirí ar fáil ag www.gov.ie/en/service/f16b22-basic-payment-scheme/ www.gov.ie/en/service/f16b22-basic-payment-scheme/.
Cuirfear gach feirmeoir ar an eolas freisin sna seachtainí amach romhainn ar luach a dteidlíochtaí íocaíochta trí agfood.ie. B’fhéidir go dtabharfaidh feirmeoirí faoi deara go dtiocfaidh laghdú 2.05% i mbliana ar an íocaíocht mar gheall ar an uasteorainn íocaíochtaí díreacha náisiúnta de bharr an chomhaontaithe a rinneadh ar Bhuiséad an AE go déanach in 2020.
Más mian le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir le hiarratas ar líne, is féidir leo:
• glaoch ar 076 1064424 maidir le ceisteanna faoi chlárú ar www.agfood.ie – mar shampla, ceisteanna faoi phasfhocail a cailleadh, conas clárú etc.
• glaoch ar 076 1064420 maidir le ceisteanna faoin iarratas féin ar an SBÍ a líonadh a luaithe a bhíonn siad cláraithe ar www.agfood.ie , nó chun iarraidh ar chóip pháipéir de na Téarmaí agus Coinníollacha.
CRÍOCH