Osclaítear Scéim um Chúnamh Infheistíochta €3.1 milliún don Earnáil Prátaí Síl agus Prátaí Sceallóg
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., oscailt na Scéime um Chúnamh Infheistíochta 2023 don Earnáil Prátaí Síl agus Prátaí Sceallóg. Chomh maith le tacaíocht a chur ar fáil don Earnáil Prátaí Síl, leathnaíodh an scéim in 2023 chun saothróirí prátaí sceallóg Éireannacha a chuimsiú.
Cabhróidh an Scéim um Chúnamh Infheistíochta 2023 don Earnáil Prátaí Síl agus Prátaí Sceallóg le forbairt acmhainne laistigh d’earnálacha prátaí síl agus prátaí sceallóg na hÉireann agus cabhróidh sé le feabhsuithe i mbonneagar táirgthe, stórála agus margaíochta prátaí síl agus prátaí sceallóg trí chúnamh deontais a sholáthar do tháirgeoirí i dtreo costas caipitil trealaimh agus saoráidí sainfheidhmeacha. Maoinítear an Scéim, ar fiú €3.1m in 2023 í, trí úsáid a bhaint as maoiniú faoi leithdháileadh na hÉireann ón gCúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB).
Ag labhairt faoi oscailt na scéime, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue:
“Tá lúcháir orm oscailt na scéime seo, dar luach €3.1 milliún, a fhógairt. Is aitheantas í an scéim ar na dúshláin a mbíonn ar earnáil phrátaí na hÉireann dul i ngleic leo tar éis chinneadh na Ríochta Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil. Cabhróidh leathnú na scéime go saothróirí prátaí sceallóg Éireannacha le tionscal na bprátaí a dhaingniú agus a chosaint don todhchaí agus léiríonn sé arís mo thiomantas d’fhorbairt leanúnach an tionscail thábhachtaigh seo. Cuirfidh an Scéim seo ar chumas na saothróirí speisialaithe sin acmhainn a fhorbairt agus béim as an nua ar an tsamhail soláthair áitiúil a chinntiú”.
Maidir le prátaí síl, amhail ón 1 Eanáir 2021, ní féidir tuairim is 4,000t de phrátaí síl, a sholáthair an Bhreatain Mhór roimhe seo, a iompórtáil isteach in Éirinn a thuilleadh. Ina theannta sin, allmhairíonn Éire thart ar 64,000 tonna prátaí ón RA. Úsáideann úinéirí siopaí sceallóg an chuid is mó de na hallmhairí prátaí úra seo.
Agus í ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht le freagracht speisialta as gairneoireacht:
“Is comhpháirt ríthábhachtach dár n-earnáil Talmhaíochta í an earnáil Gairneoireachta, agus tá an-áthas orm go n-éascófar leathnú earnálacha prátaí síl agus prátaí sceallóg na hÉireann leis an Scéim um Chúnamh Infheistíochta 2023 seo don Earnáil Prátaí Síl agus Prátaí Sceallóg. Beidh an maoiniú a sholáthróidh an Scéim seo ina bhuntáiste mór do na saothróirí sin sna hearnálacha prátaí síl agus prátaí sceallóg agus cabhróidh sé leo a n-acmhainn a fhorbairt chun soláthar comhsheasmhach prátaí Éireannacha agus díláithriú allmhairí a chinntiú.”
Cuirfear cúnamh deontais caipitil ar ráta suas le 40% ar fáil do gach infheistíocht cheadaithe agus gheobhaidh feirmeoirí óga cáilithe suas le 60% de chúnamh deontais.
Is féidir sonraí iomlána na Scéime um Chúnamh Infheistíochta 2023 don Earnáil Prátaí Síl agus Prátaí Sceallóg, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas Schemes and Payments nó trí ríomhphost a sheoladh chuig seedpotatogrants@agriculture.gov.ie