Pléann an tAire McConalogue príomhcheisteanna imní d’Iascairí Cladaigh leis an bhFóram Náisiúnta Iascaigh Chladaigh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD go fíorúil inniu le baill an Fhóraim Náisiúnta Iascaigh Chladaigh (NIFF).
D’fháiltigh an tAire McConalogue roimh na hionadaithe sin ó na sé Fhóram Réigiúnacha Iascaigh Chladaigh a bhí ag freastal ar an NIFF den chéad uair, ag tabhairt dá haire go bhfuil ag éirí go maith leis an bpróiseas chun ballraíocht an Fhóraim a athnuachan.
“Tá ríméad orm leis an leibhéal tiomantais atá léirithe ag daoine agus iad i dteagmháil leis na Fóraim mar, murach an tiomantas sin, ní bheadh an tionscnamh seo tagtha chun cinn mar ghuth cumhachtach don earnáil cladaigh,” a dúirt an tAire.
Phléigh an tAire saincheisteanna atá tábhachtach don earnáil cladaigh le baill an Fhóraim, lena n-áirítear na moltaí i dtuarascáil deiridh Thascfhórsa na hEarnála Bia Mara. Ghabh an tAire buíochas leis an NIFF as a rannpháirtíocht sa Tascfhórsa agus as a rannchuidiú luachmhar sna díospóireachtaí sin.
Dúirt an tAire,
“Táim ag scrúdú tuarascáil an Tascfhórsa go práinneach d’fhonn freagairt chuimsitheach ar thionchair an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a chur i bhfeidhm go tapa ar ár n-earnáil iascaireachta agus ar phobail chósta."
Phléigh an tAire agus ionadaithe cladaigh raon ábhar eile freisin lena n-áirítear iascach ronnach “duán agus dorú” agus bainistíocht inbhuanaithe ar iascach an phortáin dheirg, atá ar cheann de na stoic is tábhachtaí d’iascairí cladaigh agus don earnáil bia mara.
Áiríodh sa chruinniú rannchuidithe ó Bhord Bia, Foras na Mara agus Bord Iascaigh Mhara. Ghabh an tAire buíochas le gach duine a bhí i láthair as a rannpháirtíocht chuiditheach le linn an chruinnithe.