Pléann na hAirí ról Coillte sa Chlár Foraoiseachta atá dírithe ar fheirmeoirí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, agus an tAire Stáit Pippa Hackett le hionadaithe sinsearacha Coillte um thráthnóna chun plé a dhéanamh ar dhul chun cinn Coillte chun a fhís fhadtéarmach straitéiseach go dtí an bhliain 2050 a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, fís atá dírithe ar rannchuidiú Coillte le cur le spriocanna um ghníomhú ar son na haeráide.
Thug Coillte an t-eolas is déanaí do na hAirí maidir lena fhís straitéiseach a chur i bhfeidhm agus ar an áit a bhfuil seo suite laistigh den Chlár Foraoiseachta nua €1.3 billiún atá dírithe ar fheirmeoirí. Cuid ríthábhachtach den straitéis seo is ea conas a chuirfidh Coillte le spriocanna foraoisithe an náisiúin ar aon dul le beartas Rialtais.
D’iarr na hAirí ar Coillte eolas breise chun dáta a thabhairt dóibh ar an réimse samhlacha féideartha lena spriocanna a sholáthar ina leith chun foraoisí nua a chruthú idir an t-am i láthair agus 2050. Beidh breithniú ar conas is féidir le Coillte oibriú níos dlúithe le feirmeoirí agus le pobail áitiúla lárnach sa tuairisc chun dáta seo.
Mhínigh Coillte do na hAirí go bhfuil súil acu go gcuirfidh Ciste Foraoiseachta Straitéiseach na hÉireann 700 heicteár, ar an meán, d’fhoraois nua i ngach bliain sna chéad chúig bliana eile amach romhainn, agus conas a sholáthróidh an t-achar iomlán foraoise nua a chuirfear tríd an gciste thart ar 3.5% de na 100,000 heicteár d’fhoraoisí nua a gheall Coillte a éascú faoin mbliain 2050. As sprioc náisiúnta fhoriomlán an Stáit 450,000 heicteár d’fhoraoisí nua a chur faoin mbliain 2050, cuirfidh an ciste níos lú ná 1% den iomlán sin.
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD:
“Beidh baint lárnach ag feirmeoirí sa rath a bheidh ar ár straitéis fhoriomlán foraoiseachta. Bhí an Rialtas soiléir ina threoir beartais, rud atá le sonrú i ndearadh an Chláir Foraoiseachta agus sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, go mbeidh an deis is mó ag feirmeoirí aghaidh a thabhairt ar ár spriocanna foraoiseachta, agus tairbhe a bhaint as ár n-íocaíochtaí foraoiseachta.
“Tá pacáiste cistithe €1.3 billiún curtha i bhfeidhm againn don chéad Chlár Foraoiseachta eile, agus tá na dreasachtaí faoin gClár ceaptha feirmeoirí, roimh aon úinéirí talún eile, a mhealladh agus a chúiteamh. Anuas ar Chistithe Foraoiseachta Straitéiseach na hÉireann, d’iarramar ar Coillte breithniú a dhéanamh ar an réimse samhlacha a úsáidfidh sé le haghaidh a thabhairt ar a spriocanna chun foraoisí nua a chruthú idir an t-am i láthair agus 2050, ar a n-áirítear an fhéidearthacht oibriú níos dlúithe le feirmeoirí, nó talamh a fháil go díreach, ar bhealach a thacaíonn leis an gcomhshaol, leis an ngeilleagar tuaithe agus le hioncaim theaghlaigh feirme.
“Tá feirmeoirí i gceartlár an Chláir uaillmhianaigh agus dhea-chistithe seo. Anuas ar íocaíochtaí aonair feirme ar thalamh choilltithe, rud nach bhfaighidh úinéirí talún eile, íocfar préimh 20 bliain le feirmeoirí faoin gClár nua, i gcomparáid le húinéirí talún eile a gheobhaidh íocaíochtaí ar feadh 15 bliana.”
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Foraoiseacht, an Seanadóir Pippa Hackett:
“Tráth fíorspreagúil é seo d’fhoraois na hÉireann, agus dhearamar Clár Foraoiseachta a dhéanfaidh soláthar don aeráid, dár mbithéagsúlacht agus dár bhfeirmeoirí. Tá ár spriocanna chun foraoisí nua a chruthú uaillmhianach, agus is ceart go mbeadh, agus gheall Coillte dá pháirt a ghlacadh trí 100,000 heicteár a sholáthar as ár sprioc náisiúnta iomlán de 450,000 heicteár faoin mbliain 2050. Tá Ciste Foraoiseachta Straitéiseach na hÉireann dírithe ar 3,500 heicteár de choilltiú a sholáthar i rith cúig bliana, agus is céim bheag ach céim thábhachtach, mar sin féin, é seo i dtreo sprioc choillithe an náisiúin a bhaint amach. Nuair a chuirtear san áireamh gur talamh feirme é thart ar dhá thrian dár gcuid talún, is iad ár bhfeirmeoirí is mó a chuirfidh iarrachtaí coilltithe na hÉireann chun cinn, agus is iad is mó a bhainfidh tairbhe as ár gClár Foraoiseachta nua dar luach €1.3 billiún, a bhuíochas leis an mbealach ar shaincheapamar na dreasachtaí faoin gclár nua.”
Ag labhairt dóibh i ndiaidh an chruinnithe, dúirt na hAirí, mar fhocal scoir:
“Tá ról ríthábhachtach le glacadh ag Coillte chun ár bpleananna uaillmhianacha foraoiseachta a bhaint amach. Chualamar inniu go bhfuil Ciste Foraoiseachta Straitéiseach na hÉireann ar cheann de roinnt samhlacha a chuirfidh Coillte chun feidhme chun cur lenár spriocanna foraoiseachta foriomlána. D’fhéadfadh Coillte freisin foraoisí nua a sholáthar ar scála ar thalamh phoiblí, agus spreagann an dul chun cinn atá á dhéanamh ag Coillte muid sa chomhthéacs seo i dtaobh idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis áitiúla agus comhlachtaí stáit le talamh a shainaithint atá faoi úinéireacht phoiblí cheana féin agus atá oiriúnach don fhoraoiseacht.”