Pobal a Thacaíonn le Rannchuidiú le Straitéis Oidhreachta Domhanda na hÉireann
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seoladh comhairliúchán poiblí inniu a thugann cuireadh do dhaoine den phobal agus do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i bhforbairt na chéad Straitéise Oidhreachta Domhanda d’Éirinn.
Leagfar amach i ‘Straitéis don Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn 2024-2034’ fís don Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn d’fhonn a chinntiú go ndéanfar í a fhorbairt agus a bhainistiú de réir riachtanais Choinbhinsiún 1972 maidir le hOidhreacht Dhomhanda EOECNA.
Dhaingnigh Éire an Coinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda i 1991 lena chinntiú go gcosnófar ár gcomhoidhreacht chultúrtha agus nádúrtha chun taitneamh a bhaint as na glúine seo agus na glúnta atá le teacht. Is í Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN) sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Pointe Fócais an Rialtais le haghaidh rannpháirtíocht le hIonad Oidhreachta Domhanda EOECNA agus a phríomhghníomhaireacht chun an Coinbhinsiún Oidhreachta Domhanda a chur i bhfeidhm in Éirinn.
Leagtar amach sa Straitéis seacht sprioc atá le baint amach sna deich mbliana amach romhainn agus leagtar béim inti ar ról na bpobal áitiúil agus na bpríomhpháirtithe leasmhara i bpróisis, i mbainistíocht, i gcaomhnú, i gcosaint, i gcur i láthair agus i léirmhíniú na hOidhreachta Domhanda. Tá an SSN ag lorg tuairimí ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí maidir leis an dréachtfhís agus na dréachtspriocanna, cad iad na dúshláin is mó i bpríomhréimsí a cuid oibre, agus aon aiseolas eile ba cheart a chur san áireamh agus an Straitéis á forbairt.
D’fháiltigh an tAire Stáit don Dúlra, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan TD, roimh sheoladh an chomhairliúcháin phoiblí:
“Tugann an comhairliúchán poiblí seo deis luachmhar do dhaoine a dtuairimí a chur in iúl faoi thodhchaí na hOidhreachta Domhanda anseo in Éirinn. In ainneoin gur náisiún beag oileánach é, tá dhá Réadmhaoin Oidhreachta Domhanda EOECNA aitheanta againn chomh maith le trí shuíomh eile ar ár Liosta Sealadach. Tá tábhacht ollmhór chultúrtha agus stairiúil ag baint leis na suíomhanna íocónacha seo agus is cuid shainiúil dár bhféiniúlacht fhísiúil agus chultúrtha iad, sa bhaile agus thar lear araon. Tá freagracht orainn aire a thabhairt don oidhreacht shaibhir chultúrtha agus nádúrtha seo agus í a chothú ionas go mbainfidh na glúnta atá le teacht sult aisti agus tabharfaidh an comhairliúchán seo deis don phobal a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an gcaoi a ndéanaimid seo.”
Is féidir le daoine den phobal páirt a ghlacadh sa cheistneoir ar líne . Tá sé beartaithe deireadh a chur leis an gcomhairliúchán an 10/04/2024.
CRÍOCH
Baineann an Straitéis leis an Oidhreacht Dhomhanda a thagraíonn do láithreáin oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha, do shéadchomharthaí, d’fhoirgnimh, d’áiteanna agus do thírdhreacha a bhfuil tábhacht chultúrtha, stairiúil, eolaíoch nó cineálacha eile tábhachta ag baint leo (faoi Choinbhinsiún 1972 EOECNA maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda, Chultúrtha agus Nádúrtha a Chosaint).
Déileáiltear leis an oidhreacht bheo, amhail cleachtais agus léirithe cultúrtha, ar leithligh mar Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe (faoi Choinbhinsiún 2003 EOECNA maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe a Chosaint).