Ráiteas leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly - Dé Sathairn, an 27 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é clár vacsaínithe na hÉireann an clár sláinte poiblí is tábhachtaí le cuimhne na ndaoine. Tá sé bunriachtanach go gcuirtear an clár ar siúl i gcomhréir leis na rudaí ar aontaíodh tús áite a thabhairt dóibh chun an tairbhe is mó a bhaint den chlár vacsaínithe agus an luas ar ar féidir le hÉirinn teacht as bearta COVID-19 a ghéarú. Bhí na vacsaíní a sholáthair Ospidéal Beacon do scoil go hiomlán míchuí agus ní féidir glacadh leis, ach chomh beag. Rinne mé breithniú ar an gceist seo go cúramach agus d’oibrigh mé le FSS chun measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí oibríochtúla a bhaineann le hoibríochtaí vacsaíne ag Ospidéal Beacon i mBaile Átha Cliath a chur ar fionraí.
D’iarr mé ar FSS anois oibríochtaí vacsaíne a chur ar fionraí ag Ospidéal Beacon seachas i gcás na ndaoine siúd atá sceidealaithe cheana féin a vacsaín a fháil ag an ionad. Tá socruithe eile á gcur i bhfeidhm ag FSS. Anuas air sin, d’iarr mé ar FSS oifigeach sinsearach a cheapadh chun scrúdú a dhéanamh láithreach ar an méid a tharla agus moltaí a dhéanamh maidir le haon ghníomhartha nó athruithe a theastaíonn.