Seolann an tAire McConalogue Scéim Bonneagar TFC na Marglann 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go gcuirfear cistiú ar fáil do mharglanna beostoic do bhonneagar TFC. Is féidir le marglanna beostoic iarratas a dhéanamh leis an Roinn ar dheontas uasta €5,000 chun íoc as 50% den airgead a chaitheann marglann ar bhonneagar TFC, faoi Scéim Bonneagar TFC na Marglann 2021.
Dúirt an tAire,
“Gach bliain, díoltar beagnach trí milliún eallach agus caora trí mharglanna beostoic. Baineann ríthábhacht le hasraonta inmharthana díolacháin lena chinntiú go bhfuil an earnáil talmhaíochta agus an slabhra soláthair bia ag feidhmiú go hiomlán. Caithfidh mé ómós a léiriú do na marglanna agus na feirmeoirí as dul i dtaithí go tapa anuraidh ar dhíolacháin ar líne, faoi mar ba ghá a dhéanamh mar gheall ar bhearta sláinte poiblí Covid-19.”
“Caithfear breithniú a dhéanamh ar an bhfís níos fadtéarmaí don earnáil anois. Fiú nuair is féidir filleadh ar fhreastal i bpearsan ar mharglanna, nuair a thiocfaidh feabhas ar chás COVID-19, leanfaidh díolacháin ar líne a bheith ina ngné shuntasach. Cruthaíonn an meascán de dhíolacháin ar líne agus i bpearsan agus tairbhe don iomaíocht mar gheall go mbíonn deis ag níos mó daoine tairiscint a chur isteach ar bheostoc ná mar a bhíonn ag an méid daoine is féidir freastal ar áitreabh na marglainne.”
Caithfidh marglanna a chinntiú go bhfuil bonneagar TFC ardchaighdeáin i bhfeidhm acu chun díolacháin ardchaighdeáin ina n-oibríochtaí a éascú.
Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil an 15 Samhain 2021. Ní féidir le marglanna iarratas a dhéanamh ar dheontas ach uair amháin.
Nótaí don Eagarthóir:
Tá na téarmaí agus coinníollacha, agus an fhoirm iarratais ar fáil ag gov.ie - Iarratas ar Cheadúnas Marglann Bheostoic (www.gov.ie).
Is féidir ceisteanna a sheoladh chuig: ahaw_marts@agriculture.gov.ie
CRÍOCH