Seolann an tAire McConalogue clár bunscoile nua dírithe ar naisc áitiúla le talamh portaigh a neartú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD clár bunscoile nua inniu bunaithe ar oideachas a chur ar pháistí maidir leis na buntáistí timpeallachta agus eacnamaíochta a bhaineann lenár mbratphortaigh. Tá an clár, a d'fhorbair an Chomhairle Oidhreachta mar chuid de LIFE IP Wild Atlantic Nature, á leathadh amach sna scoileanna i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Sligeach agus Liatroim ó Mhí Mheán Fómhair ar aghaidh tar éis scéim phíolótach rathúil.
Is togra timpeallachta atá á mhaoiniú ag an AE é LIFE IP Wild Atlantic Nature agus tá sé mar aidhm aige feidhmíocht na hÉireann maidir le gnáthóga a chaomhnú a fheabhsú, bratphortaigh ach go háirithe, ag díriú ar bhratphortaigh in iarthuaisceart na tíre den chuid is mó. Tá sé á reáchtáil ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra tríd an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le naoi bpáirtí eile, an Chomhairle Oidhreachta agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) san áireamh.
Tugann an clár oideachais léargas do na páistí ar an bportach mar ghnáthóg, ag foghlaim faoi conas is féidir leis na portaigh smacht a bheith acu ar thuillte, uisce óil glan agus bia ardchaighdeáin a chur ar fáil, tacú le bithéagsúlacht agus dul i ngleic le hathrú aeráide trí na mílte tona carbóin a stóráil. Is iad na páistí ár bhfeirmeoirí sa todhchaí, agus tá siad ag foghlaim conas bainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar ghnáthóga le cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe.
Tosaíonn an fhoghlaim sa seomra ranga, áit a bhfoghlaimíonn daltaí faoi na plandaí tábhachtacha agus gnáthóg an bhratphortaigh agus conas úsáid a bhaint as an scórchárta measúnuithe gnáthóige a forbraíodh mar chuid de Scéim Íocaíochta torthaí-bhunaithe aigreatimpeallachta an Atlantaigh Fhiáin. Eagraítear turas chuig an bportach ansin, áit a ndéantar stiall aitheantais ar phlandaí portaigh chun measúnú a dhéanamh ar na plandaí a aimsíodh agus más táscairí dearfacha nó diúltacha iad maidir le bail an phortaigh. Ar ais sa seomra ranga, déantar na scóir a ríomh chun cinneadh a dhéanamh má tá a mbratphortach áitiúil sláintiúil nó má tá lámh chúnta ag teastáil ó fheirmeoirí agus ón bpobal áitiúil chun a bhail a fheabhsú.
Tá athtogra i gceist leis an gcéim dheireanach den chlár chun foghlaim na ndaltaí a neartú.
D'fhorbair Comhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann agus NatureNorthWest an clár oideachais, agus eiseoidh saineolaithe oidhreachta an clár ón scéim Oidhreacht sna Scoileanna de chuid na Comhairle Oidhreachta.
Ag labhairt dó ag seoladh an chláir ag Scoil Náisiúnta Crannóg Buí in Ard an Rátha, Dún na nGall, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD:
“Ó thosaigh LIFE IP Wild Atlantic Nature in 2021, bhí mo Roinn bródúil le bheith mar chomhpháirtí sa togra fiúntach seo leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus eile chun Scéim Íocaíochta phíolótach torthaí-bhunaithe aigreatimpeallachta an Atlantaigh Fhiáin (SIAF) a chur ar fáil do 840 feirmeoir. Íocadh níos mó ná €3m chuig feirmeoirí faoin scéim go dtí seo agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don tréaniarracht atá ar bun ag feirmeoirí chun na gnáthóga sna bratphortaigh a fheabhsú. Tá Éire ar thús cadhnaíochta maidir le scéimeanna agra-chomhshaoil torthaí-bhunaithe san Eoraip agus táimid ag léiriú an chaoi ar féidir le SIAF comhthairbhí a chur ar fáil d'fheirmeoirí agus don timpeallacht.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le baill foirne agus daltaí ag Scoil Náisiúnta Crannóg Buí as ucht fáilte a chur romhainn agus as páirt a ghlacadh sa chlár oideachais, rud a léirigh sibh dom go paiseanta inniu. Mholfainn go láidir do bhunscoileanna eile i limistéar an togra chun páirt a ghlacadh sa chlár nuair a thosaíonn an téarma scoile nua i Meán Fómhair.”
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta Martina Moloney:
“Le blianta beaga anuas, tá an Chomhairle Oidhreachta tar éis a caidreamh leis an earnáil oideachais a neartú agus is tuilleadh fianaise é seoladh an chláir nuálach nua seo maidir le tábhacht na hoidhreachta san oideachas. Agus ár n-oidhreacht nádúrtha faoi bhagairt, tá sé iontach seoladh an togra a fheiceáil ag an am seo agus ba mhaith liom tréaslú leo siúd a raibh baint acu leis.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta Virginia Teehan:
"Is í an ghné idirghlúine den chlár seo an rud a léiríonn cé chomh speisialta is atá seo, tagann a lán daltaí ó theaghlaigh feirmeoireachta atá ag tabhairt aire don ghnáthóg phortaigh agus beidh caidreamh dlúth acu leis an talamh cheana féin. Tabharfaidh an clár deis dóibh an caidreamh sin a leathnú agus le dul i ngleic ar bhealach níos doimhne lena gclann agus lena gcairde, ag spreagadh comhfhreagrachta maidir lena cothabháil. Is cinnte go mbeidh an Chomhairle Oidhreachta sásta tacaíocht a thabhairt don aistriú eolais agus scileanna seo ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile.”
Dúirt Bainisteoir Togra den LIFE IP Wild Atlantic Nature, Dr Derek McLoughlin:
“Tá sé mar aidhm ag LIFE IP Wild Atlantic Nature réitigh fhadtéarmacha maidir le nádúr, talmhaíocht agus aeráid a fhorbairt agus a thástáil ar bhealach a oibríonn do gach duine sa phobal áitiúil. Bímid ag brath ar úinéirí talún chun bainistíocht a dhéanamh ar an talamh ar bhealach inbhuanaithe agus chun earraí agus seirbhísí atá ag teastáil ón bpobal a sholáthar. De réir mar a thagann an chéad ghlúin eile d'fheirmeoirí chun cinn, tá sé tábhachtach gur féidir leo leanúint leis na traidisiúin feirmeoireachta sna ceantair thábhachtacha seo, agus chun cur le heolas agus taithí atá ag úinéirí talún cheana féin. Ionas gur féidir leis seo tarlú, ní mór dúinn cinntiú go bhfuil teachtaireachtaí soiléire maidir le húsáid talún agus polasaí cuí a fhorbairt chun torthaí sóisialta agus timpeallachta tairbheacha a chur ar fáil ar bhealach ar féidir tacú le slí bheatha na bhfeirmeoirí.”
Cuireann an Scéim Oidhreachta sna Scoileanna painéal Saineolaithe Oidhreachta ar fáil a thugann cuairt ar bhunscoileanna (go pearsanta nó ar líne) chun cabhrú le páistí agus a múinteoirí foghlaim faoina n-oidhreacht áitiúil. Tacaíonn an scéim le haidhmeanna agus le cuspóirí an churaclaim d'Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE) agus cuireann siad uirlis agus acmhainn bhreise oideachais ar fáil do mhúinteoirí.
Spreagann an clár oideachas faoin aer agus tá sé mar aidhm ag an gclár feasacht, meas, suim agus tuiscint na bpáistí bunscoile (4-12 bliain d'aois) i leith ár n-oidhreacht a spreagadh tríd múinteoirí agus daltaí dul i ngleic lena n-oidhreacht áitiúil ar bhealach idirghníomhach.
Tá an togra LIFE IP Wild Atlantic Nature á reáchtáil ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra tríd an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Tá naoi bpáirtí eile a bhfuil baint acu leis an togra seo, is iad sin an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM); Teagasc; Bord na Móna; Coillte; RTÉ; Fáilte Éireann; An Chomhairle Oidhreachta; Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair; Universidade de Santiago de Compostela.
Tá sé mar aidhm ag an togra stádas caomhnaithe sa ghréasán Limistéir Chaomhantais Speisialta (LCS) na mbratphortach, príomhghnáthóg faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón AE. Tá an príomhfhócas ar na 35 suíomh Natura 2000 in iarthuaisceart na hÉireann, áit a bhfuil an togra ag comhoibriú le feirmeoirí, úinéirí talún, lucht déanta polasaithe agus daoine eile chun réitigh a thacaíonn le pobail áitiúla agus leis an timpeallacht a chur ar fáil.
Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar: the LIFE IP Wild Atlantic Nature website.