Seolann an tAire McConalogue agus Ard-Stiúrthóir Bia agus Talmhaíochta (FAO) na Náisiún Aontaithe, Qu Dongyu, tuarascáil chomhpháirtíochta FAO-na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhreastail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., agus Ard-Stiúrthóir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), QU Dongyu, ar shearmanas fíorga inniu chun foilseachán nua a sheoladh, FAO + Éire: Dul i bPáirt chun domhan síochánta, cothrom agus inbhuanaithe a bhaint amach (FAO + Ireland: Partnering for a peaceful, equal and sustainable world).
Dúirt an tAire McConalogue, “Tá bród ar Éirinn dul i bpáirt le FAO chun dul i ngleic le bunchúiseanna an ocrais agus na bochtaineachta agus cabhrú lenár gcomhsprioc a bhaint amach chun feabhas a chur ar shlándáil bhia agus ar chothú do chách agus chun freastal orthu siúd is mó atá i ngátar ar dtús. Tá bealaí nua agus níos fearr á n-aimsiú ag Éire agus FAO chun talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe iolracha a bhaint amach, trí ghlacadh le cur chuige córais bhia.
”Rinneadh ball d’Éirinn de FAO i 1946 agus comhpháirtí tiomanta í Éire i gcaitheamh na 75 bliain sin sa chomhrac domhanda in aghaidh an ocrais agus an mhíchothaithe. Léirítear sa tuarascáil seo an rannchuidiú fiúntach a thug Éire, trína comhpháirtíocht le FAO, do shaol agus slite maireachtála feirmeoirí beaga agus a dteaghlaigh ar fud an domhain. Is eol dom go dtéann na hiarrachtaí seo go mór i bhfeidhm ar theaghlaigh feirme Éireannacha.”
Is ionann an méid iomlán a ranníoc Éire le FAO sa tréimhse ó 2014 go 2020 agus €26 milliún. Caitheadh an scair ba mhó de chistiú deonach na hÉireann i rith na tréimhse 2014-2020 ar na hiarrachtaí a rinne FAO chun athléimneacht slite maireachtála a mhéadú i leith bagairtí agus géarchéimeanna agus san obair a rinne sé chun deireadh a chur leis an ocras, easpa bia agus míchothú.
Dúirt an tArd-Stiúrthóir Qu, “Léirítear sa tuarascáil seo gur tháinig fás agus forbairt ar an gcomhoibriú idir FAO agus Éirinn le sé bliana anuas. Baineann ríthábhacht le tacaíocht leanúnach na hÉireann leis an iltaobhachas agus córas na Náisiún Aontaithe chun clár forbartha 2030 a bhaint amach agus baineann ríthábhacht leis freisin chun dul i ngleic leis na dúshláin ollmhóra a leanann géarchéimeanna, coimhlint agus imirce éigeantais a chruthú inniu.”
Nótaí d’Eagarthóirí
• Sainghníomhaireacht den NA í Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) atá freagrach as deireadh a chur leis an ocras agus cothú agus slándáil bhia níos fearr a bhaint amach do chách. Is é FAO coimeádaí SDG 2: Zero Hunger, a bhfuil ceannas á ghlacadh acu ar iarrachtaí idirnáisiúnta sa troid in aghaidh an ocrais agus gach foirme de mhíchothú trí fheabhas a chur ar tháirgiúlacht agus rialachas talmhaíochta, agus feabhas á chur freisin ar shaol daonraí agus cur leis an mborradh atá ag teacht ar gheilleagar an domhain.
Tá eolas breise ar fáil ag www.fao.org
• Ba í an tsuibscríbhinn bhliantúil a d’íoc Éire in 2020 le hEagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) na NA €1.64 milliún. Cuireadh cistiú breise €2.14 milliún ar fáil freisin do thionscadail ar leith FAO, lena n-áirítear slándáil bhia do dhídeanaithe i limistéar abhantraí Loch Chad atá thíos le coimhlint; feabhas a chur ar fhaireachas agus rialú ionradh an lócaiste gaineamhlaigh sa Chéinia; agus tacú le sraith gníomhartha Chruinniú Mullaigh Chórais Bhia na NA maidir le teacht ar bhia sábháilte agus cothaitheach.
Tugtar cuntas ar shonraí breise faoin gcomhpháirtíocht idir Éirinn agus FAO sa tuarascáil atá ar fáil ag gov.ie - FAO + Éire: Dul i bPáirt chun domhan síochánta, cothrom agus inbhuanaithe a bhaint amach (FAO + Ireland: Partnering for a peaceful, equal and sustainable world) (www.gov.ie).