Seolann an tAire McConalogue Scéim Oiliúna nua Agra-Chomhshaoil agus Sábháilteachta Feirme d’fheirmeoirí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, agus Airí Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, an Seanadóir Pippa Hackett agus Martin Heydon TD inniu seoladh Scéim Oiliúna Agra-Chomhshaoil (AETS) nua d’fheirmeoirí. Is scéim oiliúna dheonach í an tionscnamh atá oscailte d’fheirmeoirí chun a gcuid eolais ar thionscnaimh agra-chomhshaoil agus ar shábháilteacht feirme a fheabhsú.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Tá áthas orm an Scéim Oiliúna Agra-Chomhshaoil (AETS) seo a oscailt mar go gcuirfidh sí faisnéis ar fáil go héasca d’fheirmeoirí agus méadóidh sí a bhfeasacht agus a dtuiscint ar shaincheisteanna reatha. Cuirfidh an cúrsa aon lae faisnéis ar fáil d’fheirmeoirí ar raon ábhar, lena n-áirítear saincheisteanna comhshaoil, ceachtanna a fhoghlaimítear ó rannpháirtíocht sa scéim agra-chomhshaoil is déanaí, coincheap na mbeart agra-comhshaoil atá bunaithe ar thorthaí, agus caighdeáin sláinte agus sábháilteachta feirme. Tá sé mar chuid dár bhforbairt ar an gcéad CAP eile agus cinntíonn sé go bhfuil feirmeoirí in ann an leas is fearr a bhaint as an raon scéimeanna comhshaoil a thosóidh an bhliain seo chugainn”.
Tá an Scéim mar chuid de Chlár Náisiúnta um Fhorbairt Tuaithe na hÉireann 2014-2020 agus tá sí á cur ar fáil san idirthréimhse roimh thús beartaithe Phlean Straitéiseach nua CAP na hÉireann in 2023. Tá buiséad de €7m ar fáil don scéim. Is iad cuspóirí na Scéime oiliúint a chur ar rannpháirtithe feirmeoirí AETS i gcleachtais agus caighdeáin chomhshaoil, chun cur le glacadh agus le cur i bhfeidhm scéimeanna agra-comhshaoil sa todhchaí, agus béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht feirme. Cruthóidh comhairleoirí atá faofa ag an Roinn mar oiliúnóirí don sainscéim seo (‘Traenálaithe AETS’) na cúrsaí agus cuirfidh siad cúrsa aon lae ar fáil d’fheirmeoirí a bhfuil suim acu ann. Seachadfar ar a laghad leath den scéim ar fheirm.
Dúirt an tAire Hackett
“Beidh an chéad CAP eile in Éirinn ar an gceann is uaillmhianaí ó thaobh an chomhshaoil de. Tá sé tábhachtach go mbeadh feirmeoirí in ann an leas is fearr a bhaint as na scéimeanna atá ar fáil agus cabhróidh an tionscnamh oiliúna seo lena ndírítear ar bhithéagsúlacht ar an bhfeirm agus fócas bunaithe ar thorthaí leo é sin a dhéanamh.”
Dúirt an tAire Heydon
“Mar Aire le freagracht as sábháilteacht feirme, táim diongbháilte gur cheart modúl ar shábháilteacht feirme a chuimsiú sna tionscnaimh oiliúna seo. Ní mór dúinn gach deis a thapú chun teachtaireacht na sábháilteachta a scaipeadh ar fheirmeacha ar dtús agus cuireann an scéim seo an deis ar fáil chun é sin a dhéanamh i suíomh réadúil. Anuraidh chonaiceamar feabhas suntasach ar ár dtaifead sábháilteachta feirme ach ní féidir linn a bheith réchúiseach. Is bás de bharraíocht é bás amháin ar an bhfeirm agus tá go leor oibre le déanamh fós.”
Tá tuilleadh eolais faoin scéim ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/service/30bf5-agri-environment-training-scheme-aets/