Síníonn Airí Meabhrán Tuisceana Thuaidh-Theas ar Ghníomhú Aeráide agus Oidhreacht Chultúrtha
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Shínigh An tAire Pobail Deirdre Hargey MLA agus An tAire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan, TD, Meabhrán Tuisceana (MOU) ar Oidhreacht Chultúrtha agus Gníomhú Aeráide inniu chun tacú le comhoibriú Thuaidh-Theas níos fearr maidir le déileáil le tionchair an athraithe aeráide ar oidhreacht thógtha agus sheandálaíochta ar fud an oileáin.
Dúirt An tAire Hargey:
“Is deis iontach í seo do mo Roinn comhoibriú lenár gcomhghleacaithe maidir leis na dúshláin atá romhainn maidir le hathrú aeráide agus a impleachtaí don timpeallacht stairiúil.
“Déanann mo Roinn ár dtimpeallacht stairiúil a thaifeadadh, a chosaint a chaomhnú agus a chur chun cinn agus tá freagracht ar leith aici as ár 190 séadchomhartha atá faoi chúram an stáit. Is deis iontach í seo chun eolas a roinnt agus a chinntiú chomh maith agus is féidir linn go gcosnófar ár sócmhainní oidhreachta luachmhara do na glúnta atá le teacht. Is saincheist í an t-athrú aeráide ar cheart dúinn go léir a ghlacadh go dáiríre léi agus tá sé ar cheann de na príomhthéamaí i straitéis cúig bliana mo Roinne, gné lárnach den Inbhuanaitheacht agus den Fhás Ionchuimsitheach.”
Thar ceann Rannán Oidhreachta na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, dúirt An tAire Noonan:
“Ar fud an oileáin seo tá an dúshlán roinnte romhainn ár n-oidhreacht sheandálaíochta agus ailtireachta nach féidir a fháil ar ais a chosaint ó thionchair an athraithe aeráide agus imeachtaí adhaimsire.
Cumasaíonn An Meabhrán Tuisceana seo comhoibriú Thuaidh-Theas níos láidre fós d’fhonn an oidhreacht seo a chosaint agus táimid ag tnúth le comhoibriú níos láidre fós lenár gcairde agus lenár gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann, ag roinnt eolais, eispéiris, sonraí agus na cleachtais is fearr.”
Dúirt An tAire Noonan freisin:
“Ba chéim ríthábhachtach ag mo roinn foilsiú ár bPlean Oiriúnaithe Earnála don Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta chun iarracht foireann chomhcheangailte a threorú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair an athraithe aeráide. Tá mé an-bhuíoch don Aire Hargey as rannpháirtíocht neartaithe comhghleacaithe óna roinn ag obair taobh le taobh linn agus muid ag cabhrú lena chéile an t-ualach a iompar agus aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim atá os comhair ár n-oidhreachta”.
Tá an oidhreacht ar fud an oileáin nochtaithe do stoirmeacha níos déine, creimeadh cósta agus ardú i leibhéal na farraige feadh chóstaí an Atlantaigh, agus bíonn frasaíocht mhéadaithe ag aeráidí thuaidh sa gheimhreadh agus riosca méadaithe triomaigh sa samhradh. Aithníonn an Meabhrán Tuisceana gur gá athléimneacht sócmhainní oidhreachta cultúrtha a mhéadú chun a leochaileacht i leith tionchair an athraithe aeráide a laghdú.
Tá éigeandáil aeráide dearbhaithe ag Dáil Éireann agus Tionól Thuaisceart Éireann agus aithníonn siad an ról lárnach ar féidir leis an oidhreacht chultúrtha a imirt i ngníomhú aeráide a spreagadh agus i dtacú le pobail aistriú ceart a dhéanamh i dtreo athléimneacht aeráide.
Tá go leor tréithe oidhreachta cultúrtha sa tírdhreach agus sa muirdhreach a bhfuil cáilíochtaí agus caidrimh trasteorainn acu a chuireann lena dtuiscint mar dhlúthchuid de bhonn eolais an Mheabhráin Tuisceana. Áirítear leis seo sócmhainní oidhreachta trasteorainn roinnte a bheith ann mar bhealaí stairiúla, créfoirt, uiscebhealaí agus lochanna farraige mar Loch Feabhail agus Loch Cairlinn chomh maith le héabhlóid choitianta ar oidhreacht thógtha iar-mheánaoiseach agus pátrúin lonnaíochta stairiúla ar fud an oileáin.
CRÍOCH