Tá an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí le hoscailt arís ag an Aire Hackett
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
**Tugann an tAire pleananna chun solais a chuir sí faoi bhráid Choiste Monatóireachta an CFT
**Athruithe a bheartaítear a dhéanamh atá dírithe ar na hachair dá n-íoctar a mhéadú agus ar fheirmeoirí lánaimseartha agus fairsinge a mhealladh
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go mbeartaíonn sí an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí a oscailt arís d’iarratasóirí nua an 9 Feabhra. Méadaíodh an buiséad don bhliain 2022 faoi €5 milliún sa bhreis d’iontrálaithe nua, i ndiaidh gur bhain an tAire cistiú breise amach don limistéar seo a dtugtar tús áite dó.
Dúirt an tAire agus an chaoi gur chuir sí roinnt athruithe ar a bheartaítear faoi bhráid Chlár um Fhorbairt Tuaithe (an CFT) de chuid na Roinne go dtabharfar tuairim orthu, agus go gcuirfear an scéim i gcrích ag deireadh an phróisis sin á dtabhairt chun solais aici:
“léiríonn na hathruithe atá á gcur faoi bhráid an Choiste Monatóireachta mo thiomantas do gach saghas feirmeora a spreagadh machnamh a dhéanamh ar aistriú go feirmeoireacht orgánach. Tugann na feabhsúcháin seo mo thiomantas chun solais freisin do gach seift a chur chun feidhme is féidir liom a úsáid leis an achar talún 7.5% ar a ndéantar táirgeadh orgánach a mhéadú.”
Is iad na hathruithe ar an scéim reatha atá á mbeartú ag an Aire:
1. méadaíodh an t-achar dá bhfaighidh feirmeoirí íocaíocht níos mó aníos ó 60 heicteár go 70 heicteár mar aitheantas ar an achar níos mó ar a ndéanann feirmeoirí lánaimseartha feirmeoireacht.
2. beidh feirmeoireacht a bhfuil stoc forleathan acu in ann íocaíocht iomlán faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí a fháil chomh fada agus a shásaíonn siad na leibhéil stocála íosta atá i gceist faoin Limistéir faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha.
Agus é ag caint faoi na hathruithe, dúirt an tAire:
“Creidim go ndéanfaidh na tograí seo i struchtúr iontrála agus íocaíochta na scéime an scéim níos mealltaí i measc i bhfad níos mó feirmeoirí. Mar gheall go bhfuil costais ionchuir níos airde tuartha d’fheirmeoirí i mbliana, is cinnte gurb é an t-am i láthair an t-am is fearr d’fheirmeoirí Éireannacha machnamh ceart a dhéanamh ar bhallraíocht a ghlacadh den scéim i ngeall ar na deiseanna margaidh atá ag dul i bhfairsinge do thorthaí orgánacha Éireannacha agus an iarracht atá á déanamh go mbeidh feirmeoireacht Éireannach níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.”
Beart comhshaol talmhaíochta atá sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí faoi Clár um Fhorbairt Tuaithe na Roinne. D’fhéadfadh feirmeoirí a iontrálann conradh cáiliú d’íocaíochtaí bliantúla a mhéid le €220 in aghaidh an heicteáir i rith an tiontaithe agus a mhéid le €170 in aghaidh an heicteáir nuair a bhain siad a stádas iomlán orgánach amach. Tá rátaí íocaíochta níos airde ar fáil d’fheirmeoirí gairneoireachta agus curaíochta orgánacha.
Má chuireann an iomad daoine isteach ar an scéim, déanfar cinneadh faoi na hiarratais rathúla trí phróiseas rangaithe agus roghnaithe. Bronnfar marcanna do gach earnáil a bhfuil mar aidhm aici an t-achar a mhéadú ar a bhfuil táirgeadh orgánach á dhéanamh, agus tús áite á thabhairt do limistéir a mheastar atá thíos le heasnamh. Is iad na limistéir a mheasann Grúpa na Straitéise Orgánaí atá thíos le heasnamh déiríocht, curaíocht agus gairneoireacht.
Dúirt an tAire Hackett, agus í ag trácht ar fheabhsúcháin bhreise ar an scéim a bhfuil súil aici leo faoin CBT: “Beidh scéim fhairsingithe feirmeoireachta orgánaí ann faoin gcéad CBT eile freisin. Cé nach bhfuil na rátaí socraithe go fóill, is mian liom dearbhú a thabhairt d’fheirmeoirí a ghlacann páirt i mbliana, go mbainfidh na rátaí méadaithe le rannpháirtithe reatha sa scéim freisin má thagann méadú orthu”.
Dúirt an tAire mar fhocal scoir:
“Nuair a d’osclaíomar an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí anuraidh, gheall mé amhlaidh a dhéanamh arís i mbliana faoi réir cistiú a bheith ar fáil. Tar éis dom an cistiú sin a fháil anois, tá gliondar croí orm a bheith in ann áiteanna nua a chur ar fáil ar an scéim d’fheirmeoirí ar spéis leo. Spreagfaidh an buiséad méadaithe €5 milliún sa bhreis glacadh níos mó le feirmeoireacht orgánach, cuirfidh sé ioncam inmharthana ar fáil d’fheirmeoirí, agus cabhróidh sé linn freisin na spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach a leagtar amach i gClár an Rialtais.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire gurb é an 8 Aibreán 2022 an spriocdháta d’iarratais.
Nóta don Eagarthóir:
• Tá treoir maidir le próiseas iarratais na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí agus cáipéis Cheisteanna Coitianta ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne chun cabhrú le hiarratasóir féideartha ag https://www.gov.ie/en/service/d46aec-organic-farming-scheme/
• D’fhorbair Teagasc sraith Bileoga Eolais nua ar Fheirmeoireacht Orgánach chun eolas a thabhairt d’fheirmeoirí atá ag smaoineamh faoi roghanna fiontair orgánaigh. Anuas air sin, forbraíodh treoir nua “Feirmeoireacht Orgánach – Treoir Céim ar Chéim chun Tiontú” (“Organic Farming – A Step-by-Step Guide to Conversion”) agus tá sé ar fáil ar láithreán gréasáin Teagasc www.teagasc.ie/organics. .
• Tá 1792 feirmeoir sa scéim faoi láthair agus déantar íocaíochtaí bliantúla thart ar €10.5 milliún.
• Tá táirgeadh orgánach á dhéanamh ar thart ar 90,000 heicteár faoi láthair.
• Méadófar an t-achar dá bhfaighidh feirmeoirí rátaí íocaíochta níos mó aníos ó 60 heicteár go 70 heicteár mar aitheantas air go bhfuil méid a ngabháltas á mhéadú ag feirmeoirí lánaimseartha.
• Leasaíodh an ráta stocála is gá d’fheirmeoirí a choimeád go mbeidh limistéir incháilithe d’íocaíocht ó 0.5 aonad beostoic an heicteár go 0.15 aonad beostoic an heicteár. Tabharfar rochtain ar bhonn tosaíochta d’fheirmeoirí a bhfuil stoic níos mó acu. Mar gheall ar an athrú seo, meastar go mbeadh ráta laghdaithe íocaíochta faighte ag 1 milliún feirmeoir roimhe seo agus go mbeidís incháilithe anois íocaíocht iomlán a fháil má dhéanann na feirmeoirí seo an cinneadh páirt a ghlacadh sa scéim.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Rannán Orgánach sa RTBM trí ghlaoch ar 053 91 63400 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig organic@agriculture.gov.ie
CRÍOCH