Tacaíocht bhreise €500,000 curtha ar fáil ag an Aire Martin do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Martin inniu go bhfuil maoiniú breise á chur ar fáil do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann d’fhonn seasmhacht ghnó, seirbhís leanúnach don phobal agus na Bailiúcháin Náisiúnta a chosaint ar thionchar leanúnach COVID-19.
Cinnteoidh an maoiniú breise go mbeidh an Gailearaí in ann, i gcónaí, timpeallacht shábháilte a sholáthar do chuairteoirí agus don fhoireann araon agus go mbeidh fáil ag cuairteoirí, i rith na laethanta saoire, ar an mBailiúchán a bhfuil cáil idirnáisiúnta air.
Faoi láthair tá deis ag cuairteoirí taitneamh a bhaint freisin as taispeántas in ómós do Piet Mondrian, duine de na ceannródaithe is mó ó thaobh na healaíne teibí agus duine de na péintéirí ba thábhachtaí agus ba mhó seasaimh sa chéad leath den fhichiú aois. D’éirigh leis an nGailearaí an deis neamhghnách seo a fháil comhoibriú leis an Kunstmuseum sa Háig, áit a bhfuil an bailiúchán is mó d’obair Mondrian. Feicfear sa taispeántas seo saothair ó gach tréimhse de shaol oibre an-spéisiúil Mondrian. In éineacht leo beidh pictiúir agus ealaín mhaisitheach le healaíontóirí ar nós De Stijl, Theo van Doesburg agus Bart van der Leck. Is gá áirithint a dhéanamh roimh ré.
I rith 2020, lean an Gailearaí de bheith ag cur cláir nuálacha, inrochtana ar fáil tríd na háiseanna oideachais agus trí thionscnaimh dhigiteacha ar nós turais fhíorúla. Leis an tacaíocht bhreise seo beidh an Gailearaí in ann leanúint ar aghaidh leis na cláir thábhachtana for-rochtana seo sna seachtainí agus sna míonna atá amach romhainn.
Dúirt an tAire Martin,
"Tá áthas orm gur féidir liom tacaíocht bhreise a chur ar fáil do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus d’Institiúidí Náisiúnta Cultúir eile, chun maolú éigin a dhéanamh ar thionchar COVID-19 ar an earnáil áirithe seo agus ag am céanna a dhéanamh cinnte, a oiread agus is féidir, go bhfuil an fhoireann agus na cuairteoirí á gcoinneáil slán.
Dúirt Patricia Golden, Stiúrthóir ar Sheirbhísí Corparáideacha i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann,
"Agus muid tagtha go deireadh na bliana seo, bliain a bhí an-dúshlánach do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, tá muid buíoch as an tacaíocht a thugann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán dúinn. Cinnteoidh an maoiniú seo go mbeidh ár gcuairteoirí in ann a bheith ag bplé go sábháilte leis an nGailearaí –go pearsanta, ón mbaile tríd an gcóras ar líne, nó tríd na tograí oideachais.