Tacaíocht leanúnach d'Fheirmeoireacht Shóisialta faoi Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe (RIDF) 2020 fógartha ag an Roinn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na tionscadail a mbeidh maoiniú le fáil i mbliana acu faoi Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe na Roinne a rachaidh chun tairbhe tionscnamh chun tionscadail feirmeoireachta sóisialta a fhorbairt agus a chur chun cinn i gceantair thuaithe fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Bronnadh conradh ar Chuideachta Forbartha Comhtháite Liatroma CLG i ndiaidh nós imeachta soláthair phoiblí iomaíoch maidir le Líonra Feirmeoireachta Sóisialta chun go leanfaidh sí de Líonra Feirmeoireachta Sóisialta ar a dtugtar "Feirmeoireacht Shóisialta Éireann" a fhorbairt lena mbeidh maoiniú €400,000 i gceist.
Chomh maith leis an Líonra Feirmeoireachta Sóisialta, tá síneadh curtha leis na conarthaí a leanas ar feadh tréimhse bliana lena mbainfidh maoiniú de bheagnach €360,000:
CRÍOCH
Is ionann Feirmeoireacht Shóisialta is deis a thabhairt do dhaoine a bhaineann leas as réimse seirbhísí teiripeacha tacaíochta lae dul i mbun gairneoireachta agus feirmeoireachta ar bhonn deonach i dtimpeallacht feirmeoireachta. Ní feirm sainchóireála atá sa bhfeirm; ach is gnáthfheirm oibre í ar a bhfuil daoine a mbíonn tacaíochtaí de dhíth orthu ábalta caidrimh a fhorbairt agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí lae feirme i dtimpeallacht neamh-chliniciúil agus is féidir leas a bhaint as seo mar fhoirm tacaíochta sóisialta. Déantar na hoibríochtaí seo a reáchtáil i roinnt suíomhanna ó fheirmeacha oibre teaghlaigh, tionscnaimh áitiúla pobail go creataí institiúide eile.
Tá sé léirithe go mbíonn tairbhí i gceist do rannpháirtithe páirt a ghlacadh i bhfeirmeoireacht shóisialta mar naisc agus caidrimh sa phobal a fheabhsú, féinmhuinín agus acmhainní a mhéadú, sláinte agus folláine a fheabhsú, agus tugann a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí ar an bhfeirm deis do dhaoine scileanna gairme agus saoil a fhorbairt.
Ní raibh mórán rannpháirtíochta i gceist ar dtús, go háirithe i gcontaetha teorann sa Phoblacht ach tá borradh mór tagtha faoi Fheirmeoireacht Shóisialta in Éirinn le dhá bhliain anuas. Cuireann Feirmeoireacht Shóisialta Éireann, arna treorú ag Cuideachta Forbartha Liatroma, réimse leathan seirbhísí agus tionscnamh ar fáil chun tacú le forbairt na feirmeoireachta sóisialta ar bhonn náisiúnta lena n-áirítear eolas a scaipeadh, rannpháirtíocht / earcaíocht feirmeoireachta, oiliúint agus forbairt, ag obair le cúrsaí sláinte, cúram sóisialta agus seirbhísí eile chun socrúcháin shóisialta feirmeoireachta a chur i bhfeidhm.
Tá méadú ag teacht ar na seirbhísí lena mbíonn Feirmeoireacht Shóisialta Éireann ag obair agus mar thoradh ar obair an Líonra tá earnálacha "nua" ag teacht chun cinn ar bhonn leanúnach le cúpla bliain anuas, earnálacha mar oideachas na n-óg, seirbhísí do dhaoine gan dídean, seirbhísí do theifigh agus seirbhísí do dhaoine aosta.