Tacaíonn na hAirí McConalogue, Hackett agus Heydon le héagsúlacht, cuimsiú agus caitheamh cothrom agus comhionann le gach duine ar Lá Idirnáisiúnta na mBan
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan (an 8 Márta) dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, go bhfuil “Tiomantas láidir don éagsúlacht, don chuimsiú agus do chóireáil chothrom agus chomhionann gach duine" i measc chroíluachanna a Roinne.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá na croíluachanna seotábhachtach dár bhfostaithe, dár gcliaint agus do pháirtithe leasmhara na Roinne a bhaineann leas as árréimse leathan seirbhísí agus don earnáil ina hiomláine.
“Táim tiomanta d’ionad oibre cuimsitheach agus éagsúil a chur chun cinn agus a chothabháil dár bhfostaithe go léir agus treisíonn an beartas Éagsúlachta, Comhionannais agus Cuimsithe a seoladh in 2018 ár gcroíluachanna sna réimsí seo. Tá béim láidir ar chothromaíocht inscne i mo Roinn le deich mbliana anuas agus níos mó, le grúpa stiúrtha cothromaíocht inscne i bhfeidhm. Tá feabhsuithe leanúnacha ar an gcothromaíocht inscne mar thoradh air agus fáiltímid roimh an ionadaíocht mhéadaithe do mhná ag leibhéil bhainistíochta ar fud gach réimse dár n-eagraíocht le blianta beaga anuas.”
Dúirt an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit um Bithéagsúlacht agus Úsáid Talún,
“Déanann ár Roinn monatóireacht ar a bearna pá inscne agus tá laghdú tagtha ar an mbearna pá seo ó 20.5% in 2013 go 13.2% in 2020. Táimid ag súil le feabhsú breise ar ár bhfigiúirí do 2021. Ina theannta sin, táimid mar Roinn tiomanta go hiomlán do sprioc an Rialtais 40% de chothromaíocht inscne a bhaint amach ar Bhoird ár 12 Chomhlacht Stáit.”
Dúirt an tAire Stáit Martin Heydon TD, atá freagrach as Taighde agus Forbairt:
“Tugann an Roinn seo agus a cuid gníomhaireachtaí spreagadh do baill foirne go rialta chun páirt a ghlacadh in imeachtaí Mná sa Talmhaíocht agus Mná i STEM. Tá méadú suntasach feicthe againn le 12 mhí anuas ar líon na dtionscadal taighde faoi stiúir na mban atá maoinithe ag mo Roinn, agus táim lánchinnte go leanfar leis an treocht seo a bhfuil fáilte roimhe."
Ar deireadh, dúirt an tAire McConalogue:
“Aithnítear inár straitéis chuimsitheach agraibhia, Fís don Bhia 2030, an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne don todhchaí inbhuanaithe fadtéarmach do tháirgeoirí príomhúla agus folaíonn sé gníomhaíochtaí chun cothromaíocht inscne a chur chun cinn agus a fheabhsú ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí agus an bhoird. Áiríonn sé freisin gealltanas chun Idirphlé Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíochta reáchtáil.
“Ar deireadh, táim bródúil as an bpacáiste beart seo a leanas maidir le comhionannas inscne a mhol Éire i bPlean Straitéiseach CAP:
• Méadú ar an ráta deontais go 60% do mhná 41-66 bliain d'aois faoi Infheistíochtaí TAMS
• Clár Aistrithe Eolais - Grúpaí KT do mhná amháin
• Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha – glao ar thograí chun rannpháirtíocht na mban sa talmhaíocht a spreagadh.
• Taifeadadh, bailiú agus tuairisciú feabhsaithe ar shonraí Inscne thar gach scéim CAP.
“Forbrófar gach idirghabháil CAP le peirspictíocht atá feasach ar inscne chun a chinntiú nach bhfuil aon bhacainní claonta ar rannpháirtíocht na mban. Táimid ag maireachtáil i sochaí atá ag athrú i gcónaí, agus ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, leanaimid orainn ag féachaint ar níos mó idirghabhálacha, tionscnamh agus scéimeanna lena chinntiú go dtacaímid le héagsúlacht agus go bhfuil comhionannas iomlán ann do chách."
Nóta d'Eagarthóirí:
• Déanfar giaráil ar Líonra Náisiúnta an CAP a bunaíodh i bPlean Straitéiseach an CAP chun rannpháirtíocht na mban go léir i gcur i bhfeidhm an CAP a mhéadú. Áireofar leis seo imeachtaí agus tacaíocht do mhná agus fochoiste ban chun gníomhaíochtaí den sórt sin a stiúradh.
• Tá an clár ACORNS maoinithe faoin gCiste um Nuálaíocht agus Forbairt Tuaithe trí mo Roinnse. Is é an cuspóir atá leis leibhéal níos láidre forbartha fiontraíochta a spreagadh i gceantair thuaithe trí fhiontraithe mná nua-thionscanta atá ina gcónaí i gceantair thuaithe a lorg agus cabhrú leo a ngnóthaí a fhás agus a fhorbairt.
• Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ina ball lárnach den Fhóram um Éagsúlacht agus Cuimsiú Agraibhia (AgDif), faoi stiúir Bhord Bia agus Aon, i gcomhpháirtíocht leis an 30% Club. Ó 2017 i leith, is tionscnamh comhoibritheach é an Fóram um Éagsúlacht agus Cuimsiú Agraibhia le tionscal Agraibhia na hÉireann, agus é mar aidhm aige ár n-earnáil bia agus dí a chur chun cinn mar an tionscal is fearr don tallann is fearr.
CRÍOCH