Tá maoiniú de €300,000 á fhógairt ag an Aire McConalogue do thionscadail Turasóireachta Agraibhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD gar do mhaoiniú de €300,000 do 19 dtionscadal turasóireachta agraibhia áitiúla.
Cuirtear an cistiú ar fáil faoin gCiste um Nuálaíocht agus Forbairt Tuaithe 2022 tríd an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Dúirt an tAire McConalogue
“Tá lúcháir orm na tionscadail rathúla a bhfuil maoiniú faighte acu in earnáil na Turasóireachta Agraibhia a fhógairt. Is iontach an rud é bheith in ann tacú leis na tionscnaimh seo san earnáil turasóireachta agraibhia agus tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin. Tá scaipeadh tíreolaíoch iontach ar thionscadail i mbliana a léiríonn an spéis ar fud na tíre. Aibhsíonn ár bplean oibre 10 mbliana don earnáil talmhaíochta Food Vision 2030 an sineirgíocht nádúrtha idir agraibhia agus turasóireacht áitiúil. Thug mé tacaíocht don earnáil thábhachtach seo agus leanfaidh mé ag tabhairt tacaíochta di mar Aire dár n-earnáil bia, an earnáil is mó agus is tábhachtaí atá againn.”
“Cuirim béim agus tábhacht ollmhór ar agrathurasóireacht i gceantair thuaithe toisc go ligeann sé dár gcomhlachtaí bia iontacha de gach méid a gcuid daoine, tírdhreacha, staire agus cultúir a thaispeáint trí tháirgí talmhaíochta, bia agus dí agus ealaín áitiúil.”
“Chomh maith leis sin, cuireann sé deiseanna ar fáil do ghnólachtaí tuaithe, lena n-áirítear feirmeoirí, táirgeoirí agus ceardaithe, a gcuid táirgí agus seirbhísí a fhorbairt, nascadh leis an bpobal agus le cuairteoirí agus scileanna agus dea-chleachtas a fheabhsú”.
Fotheideal an Ghrianghraif: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, ag seoladh tionscnamh Samhraidh an Bhia i Muineachán le Val O’Kelly, ar chlé, ó Subh Fraoc Bán agus Ross Adamson, Adamson’s Bar, Cluain Eois. Tá tionscnamh Samhradh an Bhia ar cheann de 19 dtionscadal a roinneann beagnach €300,000 i maoiniú ó chlár Turasóireachta Agraibhia an Aire. Grianghraf: Rory Geary
Tá maoiniú de €299,176 curtha ar fáil do na tionscnaimh rathúla seo a leanas: