Tá maoiniú fógartha ag an Aire McConalogue do thionscadail chun dramhaíl bia a laghdú agus cuireann sé an tSeachtain Náisiúnta um Athchúrsáil Dramhaíl Bhia chun cinn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., na tionscadail a gheobhaidh maoiniú i mbliana óna Roinn, faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe (RIDF) le haghaidh tionscnamh chun dramhaíl bia a laghdú.
Dúirt an tAire McConalogue, agus é ag fógairt na dtionscadal rathúla le maoiniú de bheagnach €180,000.
“Is cúis áthais dom gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag tacú le tionscadail i gceantair thuaithe maidir le cur amú bia a laghdú agus rannchuidiú lenár dtiomantas chun an méid bia a dhramhaílimid a laghdú de réir Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFI) na Náisiún Aontaithe - lena n-áirítear SFI 12.3 a iarrann ar gach náisiún cur amú bia a laghdú ina leath agus caillteanas bia a laghdú faoi 2030. Cuirfidh na tionscnaimh seo tuilleadh feabhais ar an obair a maoiníodh roimhe seo chun saincheist atá ag fás go tapa a aithint, a dhíriú agus aghaidh a thabhairt uirthi, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud an domhain. Gineann Éire breis agus 1 milliún tonna de dhramhaíl bia gach bliain. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh leanúint le tionscnaimh a fhorbairt chun cuidiú le dul i ngleic leis an tsaincheist seo”.
Maoinítear na tionscadail um Laghdú Dramhaíl Bia ó Chiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe mo Roinne agus mar sin fónfaidh siad freisin chun aghaidh a thabhairt ar chuspóir foriomlán an chiste sin maidir le fuinneamh a thabhairt don gheilleagar tuaithe trí chruthú post nuálaíoch agus forbairt fiontraíochta inbhuanaithe a spreagadh.
“Titeann an tSeachtain Náisiúnta um Athchúrsáil Dramhaíl Bia linn an tseachtain seo, agus is tráthúil an t-am seo le macnamh a dhéanamh ar conas is féidir linne mar dhaoine cuidiú le laghdú a dhéanamh ar an leibhéal dramhaíola bia a ghintear inár dtithe. Baineann próiseáil agus iompar bia úsáid as líon ollmhór acmhainní. Cuideoidh fócas leanúnach ar dhramhaíl bia a chosc agus a athchúrsáil lenár lorg carbóin a laghdú, airgead a shábháil, agus léireoidh sé freisin go bhfuil meas agus luach againn ar obair ár bhfeirmeoirí, ár n-iascairí agus táirgeoirí bia eile.”
Ionad Glan-Theicneolaíochta ag Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan - forbairt agus feidhmiú leanúnach an Chláir Savor Food. (€59,000)
Feachtas náisiúnta nua ó Mywaste.ie is ea an tSeachtain Náisiúnta um Athchúrsáil Dramhaíl Bhia, a bheidh ar siúl ón 30 Bealtaine go dtí an 6 Meitheamh 2022, chun daoine a spreagadh lena gcuid dramhaíl bia a athchúrsáil.
Fuarthas amach i staidéar a rinne an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, go raibh thart ar 50% de dhramhaíl orgánach tí á dhiúscairt sna boscaí bruscair míchearta. Trí dhramhaíl bia a dheighilt i gceart, is féidir í a chlaochlú go fuinneamh in-athnuaite agus bithleasacháin le haghaidh úsáide gairneoireachta agus talmhaíochta.