Tá Ordú Gaibhniúcháin d’éanlaithe clóis agus éin ghafa le tabhairt isteach ag an Aire McConalogue mar Bheart Réamhchúramach in aghaidh Fliú Éanúil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Charlie McConalogue, TD, go bhfuil rialacháin á dtabhairt isteach aige faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013 a cheanglaíonn ar choimeádaithe ealtaí na héanlaithe clóis agus na héin ghafa go léir ina seilbh nó atá faoina smacht a ghaibhniú i bhfoirgneamh slán nach bhfuil teacht ag éin fhiáine, nó ainmhithe eile air.
Tá na Rialacháin, ar a dtugtar na Rialacháin um Fhliú Éanúil (Gaibhniú Réamhchúramach Éan), 2022, á dtabhairt isteach mar bheart réamhchúramach agus tiocfaidh siad i bhfeidhm an 7 Samhain.
Táthar ag tabhairt faoin mbeart seo tar éis gur deimhníodh galar i measc éin fhiáine feadh an chósta ó Iúil, i ngeall ar leibhéil bhaoil atá ag dul in airde mar gheall ar theochtaí níos fuaire agus uaireanta níos giorra sholas an lae agus tar éis gur deimhníodh galar le déanaí i measc éin fhiáine go hintíre.
Anuas air sin, tugadh dhá bhriseadh amach HPAI H5N1 le fios i measc ealtaí éan gafa i gceantair chósta chontaetha Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, áit ar deimhníodh HPAI H5N1 roimhe seo i measc éin fhiáine.
Tugtar chun solais sna torthaí seo baol atá ag dul i méid i leith na n-ealtaí uile éanlaithe clóis agus éin ghafa agus i leith an tionscail éanlaithe clóis, dá réir sin. Sainaithníodh briseadh amach fliú éanúil ardphataiginigh freisin i measc ealtaí éanlaithe clóis sa Bhreatain Mhór agus i roinnt tíortha eile Eorpacha le roinnt seachtainí anuas.
Thug an Roinn rialacháin isteach roimhe seo an 19 Meán Fómhair a leag dualgas éigeantach ar gach coimeádaí éanlaithe clóis agus éan gafa dul i mbun bearta breise bithshlandála d’éanlaithe clóis agus d’éin ghafa eile. Is tábhachtach a thabhairt faoi deara gur tacaíocht í tithíocht don bhithshlandáil, seachas rogha eile air. Tá bithshlandáil dhian ríthábhachtach i gcónaí le healtaí éanlaithe clóis agus éan gafa a chosaint ó ghalar.
Ba cheart d’úinéirí éanlaithe clóis bheith airdeallach i gcónaí i leith aon chomharthaí galair ina n-ealtaí, cloí le bearta diana bithshlandála agus aon amhras faoi ghalar a thabhairt le fios don Oifig Tréidliachta de chuid na Roinne is gaire dóibh.
Leanann an Roinn le monatóireacht agus measúnú dlúth a dhéanamh ar chás an ghalair agus déanann sí teagmháil rialta le páirtithe leasmhara tionscail.
Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil baol ann do dhaoine a bhaineann le táirgí éineola nó éanlaithe clóis a ithe. Tá táirgí éineola a dhéantar a chócaráil i gceart, feoil agus uibheacha san áireamh, sábháilte le hithe.
Dheimhnigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte cé gur féidir le fochineál H5N1 bheith mar chúis le galar tromchúiseach i measc éanlaithe clóis agus eile éin, meastar go bhfuil an baol ionfhabhtaithe roimh dhaoine an-íseal. Moltar áfach, do bhaill den phobal gan éin fhiáine bhreoite nó mharbha a láimhseáil agus éin fhiáine bhreoite nó mharbha a thuairisciú don Oifig Tréidliachta Réigiúnach nó an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a chur ar an eolas orthu trína hAip Fliú Éanúil Éan Fiáin. Tá córas luathrabhaidh i bhfeidhm le Cairde Éanlaith Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Cumann Náisiúnta na gComhairlí Áitiúla Géime i dtaobh faireachas a dhéanamh do chomharthaí galair i measc éin fhiáine.
1. Is é teideal na hIonstraime Reachtúla Tithíochta/Gaibhniúcháin Réamhchúramaigh na Rialacháin um Fhliú Éanúil (Gaibhniú Réamhchúramach Éan), 2022
2. Is é teideal na hIonstraime Reachtúla Bithshlándála a tugadh isteach i Meán Fómhair na Rialacháin Fliú Éanúil (Bearta Bithshlándála), 2022
3. Is féidir eolas breise a fháil ar fhliú éanúil anseo: Avian influenza (bird flu)
4. I measc na gcomharthaí cliniciúla ar cheart do choimeádaithe éanlaithe clóis a chuardach i measc a n-éan, tá ceann ata, dídhathú ar an muineál agus an scornach, easpa goile, suaitheadh riospráide, buinneach agus níos lú uibheacha á mbreith – cé gurb éagsúil dóibh seo idir speicis éin.
5. Má bhíonn amhras ort go bhfuil galar i d’ealta féin, cuir an Oifig Tréidliachta Réigiúnach is gaire DUIT ar an eolas nó glaoigh ar an Líne Chabhrach Fliú Éanúil: 016072512 (Lasmuigh d’Uaireanta Oifige: 014928026).
6. Má thagann tú ar éin fhiáine mharbha, cosúil le lachain fhiáine, géanna fiáine, ealaí, faoileáin nó éin chreiche, ná láimhseáil na héin. Cuir an Roinn ar an eolas ar aon éin mharbha a d’aimsigh tú trí na sonraí thuas a úsáid nó trína hAip Fliú Éanúil Éan Fiáin.
7. Nuair a bhíonn dóthain eolas faireachis eipidéimeolaíochta ag an Roinn i gceantair thíreolaíochta ar leith, tharlódh nach mbaileoidh sí éin mharbha lena dtástáil.
8. Tá liosta d’oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus a sonraí teagmhála ar fáil ag Contact the Department