Treoirleabhar na gCrann Cois Bóthair Seolta ag an Aire Hackett
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu sheol an tAire Stáit atá freagrach as Talamhúsáid agus Bithéagsúlacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, ‘Treoirleabhar d’Úinéirí Talún maidir le Conas Crainn Cois Bóthair a Bhainistiú’. Ba é Comhairle Crann na hÉireann a chuir an Treoirleabhar i dtoll a chéile le tacaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus is éard atá sa treoirleabhar eolas chun cabhrú leis an úinéir talún déileáil leis na freagrachtaí a bhaineann le húinéireacht agus bainistíocht crann cois bóthair.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire i rith na hócáide seolta:
“Cúis áthais dom an foilseachán ‘Treoirleabhar d’Úinéirí Talún maidir le Conas Crainn Cois Bóthair a Bhainistiú’ a sheoladh. Tá go leor de na crainn cois bóthair in Éirinn go hálainn agus cuireann siad go mór lenár dtaobh tíre, ár dtírdhreach agus ár n-oidhreacht nádúrtha. D’fhéadfadh, áfach, go ndéanfaí damáiste fisiciúil do chrainn i rith a saolré mar thoradh ar stoirm nó ionsaí lotnaidí nó galar. D’fhéadfadh teagmhais mar sin damáiste a dhéanamh do chrainn agus go mbeidís contúirteach, rud a chiallaíonn go bhfuil sé an-tábhachtach aon riosca féideartha do dhaoine nó do mhaoin a laghdú, agus ní mór d’úinéirí talún aire cheart a thabhairt dóibh agus é sin a dhéanamh ar bhonn réamhghníomhach”.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Éanna Ní Lamhna, Uachtarán Chomhairle Crann na hÉireann:
“Soláthraíonn ár gcrainn go leor buntáistí, idir bhuntáistí sláinte, fisiciúla & meabhracha, agus gnáthóg luachmhar dár bhfiadhúlra agus tá ról acu fiú i gcruthú ár dtírdhreacha. Is éard atá sa treoirleabhar seo nós imeachta soiléir agus éasca le leanúint a chabhróidh le húinéirí crann aire a thabhairt don acmhainn nádúrtha iontach seo agus í a bhainistiú go cuí”.
Tá sé chéim shoiléire sonraithe sa Treoirleabhar d’Úinéirí Talún maidir le Conas Crainn Cois Bóthair a Bhainistiú, a threoraíonn an t-úinéir talún trí na freagrachtaí a bhaineann le crainn cois bóthair a bheith faoina (h)úinéireacht. Tá eolas agus treoir bhunúsach ann maidir le conas lochtanna coitianta i gcrainn a shainaithint lena n-áirítear críonadh siar, lúbadh éagobhsaí, scáintí agus scoilteanna, lobhadh, agus cuasa agus tá grianghraif ar fáil freisin. Tá comhairle le fáil ann freisin maidir le conas obair chothabhála crann a phleanáil agus a chur i gcrích, an tábhacht a bhaineann le daoine gairmiúla a aimsiú, sláinte agus sábháilteacht agus coimeád taifead.
Agus bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire mar fhocal scoir,
“Sílim gur foilseachán luachmhar é seo agus mholfainn do gach úinéir talún cóip a fháil, saor in aisce, agus tamall a chaitheamh i mbun léitheoireachta. Cabhróidh an fhaisnéis atá curtha ar fáil le haird a tharraingt ar an luach a bhaineann le crainn cois bóthair agus conas iad a bhainistiú ionas go mbeidh úinéirí in ann an acmhainn iontach seo a bhainistiú go muiníneach sna blianta fada amach romhainn. Agus is mian liom buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh le forbairt an treoirleabhair, comhshaothar tábhachtach idir mo Roinnse agus Comhairle Crann na hÉireann.“
Nótaí do na hEagarthóirí:
Tá cóip chrua den Treoirleabhar d’Úinéirí Talún maidir le Conas Crainn Cois Bóthair a Bhainistiú le fáil ó Chomhairle Crann na hÉireann agus is féidir cóip a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig trees@treecouncil.ie.
Chomh maith leis sin, tá an doiciméad ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Crann na hÉireann www.treecouncil.ie agus ar shuíomh gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara; www.gov.ie/en/publication/642e6-forestry/
gov.ie - Treoirleabhar d’Úinéirí Talún maidir le Conas Crainn Cois Bóthair a Bhainistiú (www.gov.ie)