Tuar Leith Uisce, Samhain 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (an RTBM) i gcomhoibriú le Met Éireann, UCD, Teagasc agus Sláinte Ainmhithe Éireann comhairle ar fheirmeoirí gach bliain ar an riosca tuartha i leith galair a chruthaíonn ionfhabhtú ag leith uisce (Fasciola heipiteach) i mbeostoc don fhómhar agus don gheimhreadh sin. Bunaítear tuar na bliana seo ar shonraí meitéareolaíocha a bhailigh Met Éireann idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair 2021, anuas ar fhoinsí eile, faoi mar a dtugtar cuntas air thíos.
Achoimre ar Thuar an Ghalair
Tugtar caillteanais ócáideacha le fios in Innéacs Samhraidh Ollerenshaw 2021, seachas san iarthar agus san iarthuaisceart, áit a dtuartar ardleitheadúlacht an ghalair. I gcodarsnacht leis sin, níl súil ach le roinnt bheag cásanna nó cásanna ar bith den ghalar in áiteanna san oirthear.
Is é is cúis leis na luachanna ísle don innéacs samhraidh an aimsir thirim a thit amach go ginearálta i Meitheamh agus Meán Fómhair 2021, agus go háirithe san oirthear. Bhí aimsir beagán ní b’fhliche san iarthar agus sa tuaisceart.
Fíor 1. Luachanna Innéacs Samhraidh Ollerenshaw 2021, agus an baol a chruthaíonn an galar mar gheall ar leith uisce
Uirlisí Eile le Riosca agus Uainiú Ionfhabhtuithe Leith Uisce a Shainaithint
Suirbhé ELISA Seamlas Leith Uisce na Saotharlainne Tréidliachta Réigiúnaí (an STR).
Ó 2015, ó Mheitheamh go Nollaig, bhailigh an RTBM samplaí fola ó uan i monarchana feola ó chomhréir thréad ag am of flocks ag tráth an mharaithe. Rinneadh tástáil orthu seo i dtaobh láithreacht antasubstaintí leith uisce lena dheimhniú uainiú agus leathadh tíreolaíoch nochta leith uisce i measc uan innilte. Beartaítear go mbeidh an líon tréad a roghnaítear do shampláil ó gach contae comhréireach i leith dhaonra caorach an chontae sin i rith na tréimhse samplála iomláine (Meitheamh go Samhain 2021). Baintear roinnt samplaí ó gach tréad a roghnaítear agus déantar iad a chur le chéile ar leibhéal saotharlainne. Táscaire í láithreacht antasubstaintí leith uisce i measc uan a rugadh in 2021, ar an ábhar sin, i leith nochta do leith uisce sa daonra caorach níos fairsinge sa réigiún, mar gheall go gcaithfidh gur nochtadh na huan seo, de réir sainmhíniú, do leith uisce i rith shéasúr innilte 2021.
Rinneadh tástáil ar shamplaí fola ó 466 tréad ó Iúil go Meán Fómhair 2021 i measc 26 contae i leith láithreacht antasubstaintí leith uisce (Tábla 1). Tugann sonraí ón suirbhé seo le fios go bhfuil tromlach na dtréad galrach ó chontaetha ar bhord farraige an iarthair. Baineadh roinnt torthaí dearfacha agus neamhchonclúideacha amach i gcontaetha lasmuigh den Iarthar agus den Iarthuaisceart i dtástáil mhí Lúnasa, a mb’fhéidir a bhaineann le leibhéal ard báistí sa samhradh. Faoi Dheireadh Fómhair, anuas ar go leor torthaí dearfacha agus neamhchonclúideacha i gcontaetha ar bhord farraige an iarthair, bhí fianaise shubstainteach ann i leith nochta don fhliú nochtadh i measc uan i gceantair na teorann, lár na tíre, an Deiscirt agus Laighean.
Tábla 1. Suirbhé 2021 ar Leitheadúlacht Ionfhabhtuithe Leith Uisce i dTréada Caorach na hÉireann
Mí | Líon Tréad a Tástáladh | Líon Torthaí Dearfacha ELISA | Dearfach (%) |
Iúil | 108 | 9 | 8.3 |
Lúnasa | 179 | 20 | 11.17 |
Meán Fómhair | 179 | 24 | 13.4 |
, le do thoil, chun teacht ar bhreis sonraí agus ar léarscáileanna de na torthaí tástála.
Sláinte Ainmhithe Éireann
Déanann clár HealthCheck Mairteola, a reáchtáiltear i gcomhar le Tionscal Feola Éireann (Meat Industry Ireland), eolas ar leith uisce i measc eallaí ar a marú ó mhonarchana rannpháirteacha feola a bhailiú agus a thuairisciú. Ar an iomlán, bhí na leibhéil dúshláin a chruthaigh leith uisce i mbliana beagán ní b’ísle ná iad siúd a tugadh le fios in 2020. Go dtí seo, tugadh le fios go ndearnadh díobháil ae d’ainmhí amháin, ar a laghad, i measc 45% de thréada ar a marú agus aimsíodh seadáin bheo leith uisce in 13% de na tréada. Rinneadh difear ní ba mhó do chontaetha in iarthuaisceart na hÉireann, agus tugadh le fios go raibh comharthaí leith uisce ar mharú i measc 70%-80% de na tréada i Sligeach, Dún na nGall agus Liatroim. Is tábhachtach gurb eol d’fheirmeoirí cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil leith uisce i láthair ar an bhfeirm agus é a chóireáil dá réir le caillteanais táirgthe a sheachaint. Déanann an HealthCheck Mairteola tuairisciú ar bheostoc ó ghabháltais ar leith agus uirlis áisiúil a d’fhéadfadh bheith ann le tuiscint a fháil ar leith uisce ar an bhfeirm agus cuirtear ar fáil é d’fheirmeoirí ar láithreán gréasáin Chónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (ICBF): beefhealthcheck.icbf.com. Tabhair cuairt ar www.animalhealthireland.ie/ chun teacht ar shonraí breise ar an gclár.
Athrú ó Fheirm go Feirm
Chun measúnú a dhéanamh ar an mbaol i leith galar leith uisce ar aon fheirm ar leith, caithfear tosca éagsúla timpeallachta, go háirithe aeráid, tírghné agus saghas na hithreach (go háirithe cibé acu an bhfuil ithreacha trom nó an ndéantar iad a dhraenáil gan stró) a chur san áireamh. Is amhlaidh atá seo mar gheall go maireann óstach idirmheánach an tseadáin, an seilide láibe (Galba truncatula), in ithir atá beagán aigéadach agus lábach. Ar an gcaoi sin, baineann tábhacht ar leith le limistéir de pháirceanna ina bhfásann luachair nó ina bhfuil paistí fliucha (e.g., timpeall ar gheataí, umair) i dtaobh baol leith uisce maidir le daonra de chéim ionfhabhtaíoch an tseadáin a chothú. Anuas air sin, ba cheart d’úinéirí beostoic stair leith uisce roimhe seo ar an bhfeirm a chur san áireamh mar gheall gur táscaire tábhachtach é seo i dtaobh baol galair amach anseo.
Monatóireacht a dhéanamh ar Ghalar
Is gnách go mbíonn ionfhabhtú leith uisce in eallaí ainsealach, agus go mbíonn fás níos moille agus drochfheidhmíocht mar thoradh air. Cé go dtiteann galar ainsealach amach i measc caorach, d’fhéadfadh comharthaí cliniciúla níos géire, agus bás tobann i gcásanna tromdhúshláin, teacht chun solais freisin.
Ba cheart d’úinéirí beostoic leanúint de bheith airdeallach ar aon chomharthaí breoiteachta nó d’fhás mall i measc a n-ainmhithe agus ba cheart dóibh dul i gcomhairle lena gcleachtóir tréidliachta príobháideach (PVP) má bhíonn buairt orthu. I gcásanna nach léir cúis an bháis, moltar go ndéanann PVP conablaigh a atreorú go dtí an tSaotharlann Tréidliachta Réigiúnach áitiúil go ndéantar scrúdú iarbháis/neacróipse.
Foinse luachmhar eolais d’úinéirí beostoic é eolas ó scrúdú seamlais ar aenna beostoc mairt a díoladh roimhe seo maidir le leitheadúlacht ionfhabhtuithe leith uisce ar a bhfeirm féin nó ar éifeachtúlacht a gcláir rialaithe.
Cóireáil agus Rialú
I limistéir ardriosca agus ar fheirmeacha inar diagnóisíodh ionfhabhtú leith uisce nó ina bhfuil stair roimhe seo de leith uisce, ba cheart d’úinéirí beostoic dul i gcomhairle lena PVP le clár cuí cóireála agus rialaithe a chur le chéile.
Nuair a úsáidtear pucháinicídí le hionfhabhtú leith uisce a rialú agus a chóireáil, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dháileog a thabhairt d’eallach ag an tráth a chuirtear ainmhithe faoi dhíon nó go gairid ina dhiaidh sin, agus do chaoirigh san fhómhar nó níos luaithe sa bhliain, nuair a thugann toradh scrúdaithe faecacha le fios nó má bhíonn stair ghalair roimhe seo ann. I gcás caorach, ba cheart druga a úsáid in aghaidh leitheanna neamhaibí luatha agus in aghaidh leitheanna neamhaibí déanacha agus aibí chun cosaint in aghaidh galar géar. Anuas air sin, ba cheart caoirigh a aistriú ó fhéarach a bhí thíos le leith uisce chun cosc a chur ar ath-ionfhabhtú. Mura n-éiríonn leis an bpucháinicíd a thugtar d’eallach ar a gcur faoi dhíon in aghaidh leith neamhaibí luath, ba cheart samplaí faecacha a ghlacadh idir sé agus ocht seachtaine tar éis iad a chur faoi dhíon agus tástáil a dhéanamh orthu i leith láithreacht uibheacha leith uisce. Deimhneoidh seo cibé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn cóireáil phucháinicíde leantach.
Nuair a chuirtear san áireamh nach mbíonn gníomhaíocht sheasmhach ar bun ag pucháinicídí, tá aon eallach nó caoirigh a chaitheann an geimhreadh i bpáirceanna i mbaol ionfhabhtú breise i ndiaidh iad a chóireáil agus d’fhéadfadh cóireálacha leantacha pucháinicíde a bheith ag teastáil. Bíonn seo i gceist, ach go háirithe, má leanann siad de bheith ar fhéarach ardriosca. Sa chás seo, moltar monatóireacht a dhéanamh ar bheostoc maidir le hath-ionfhabhtú teacht orthu.
Ba cheart comhairle thréidliachta a lorg i gcónaí maidir le prótacail chóireála agus an t-eatramh cuí inar cheart cóireálacha a thabhairt. Is féidir le samplaí faecacha a thástáil i leith láithreacht uibheacha leith uisce cabhrú lena dheimhniú an dteastaíonn cóireálacha pucháinicíde nó ar éirigh leo. Baineann tábhacht ar leith leis seo nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil friotaíocht i leith pucháinicídí ag dul i méid i gcónaí. Anuas air sin, d’fhéadfadh bulcthástáil bainne i leith antasubstaintí leith uisce a bheith áisiúil i dtréada déiríochta chun monatóireacht a dhéanamh ar athrú ar nochtadh.
Sa chás gurb indéanta, agus mar rogha fhadtéarmach srianta, ba cheart claí a chur in airde timpeall ar limistéir feirmeacha ina soláthraítear gnáthóg oiriúnach don seilide láibe, cosúil le limistéir fhliucha lábacha, nó iad a dhraenáil. Beidh laghdú buan ar ghnáthóg do sheilidí mar thoradh air seo.
Cad faoin Leith Chogansaí?
Úsáideann an leith chogansaí, Calicophoron daubneyi, atá le fáil níos forleithne in Éirinn le roinnt blianta anuas i measc eallaí agus caorach araon, an t-óstach idirmheánach céanna a úsáideann an leith uisce. Is é is príomhchúis le pataigineacht na leithe cogansaí an ghníomhaíocht sna céimeanna óga sa phutóg, agus níl baint idir láithreacht leitheanna fásta agus comharthaí cliniciúla.
Má thugtar comharthaí cliniciúla cosúil le caillteanas an-tapa meáchain nó buinneach faoi deara, nó bhí galar leithe cogansaí ann roimhe seo ar an bhfeirm, ba cheart d’úinéirí beostoic dul i gcomhairle lena PVP maidir le cibé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn cóireáil do leith chogansaí. Ní thugann láithreacht uibheacha leithe cogansaí i samplaí faecacha d’ainmhithe faoi rath agus a bhfuil dea-tháirgeadh ar bun acu le fios go bhfuil gá le cóir i dtaobh leith chogansaí a chur orthu.
Foinsí d’Eolas Breise
Tá sonraí breise faoin leith uisce agus a rialú agus eolas ar phucháinicíd a roghnú d’eallach anuas ar eolas ar chlár HealthCheck Mairteola ar fáil ag animalhealthireland.ie/assets/uploads/2021/04/AHI-IBR-Introduction.jpg
Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbeidh oideas tréidliachta ag teastáil ó fheirmeoirí ón 28 Eanáir 2022 go mbeidh siad in ann drugaí frithsheadánacha a cheannach lena n-úsáid i measc ainmhithe a tháirgeann bia.
CRÍOCH