Tugann an tAire O'Donovan cuairt ar an Dún Bheag i gCorca Dhuibhne agus casann sé le Comharchumann Dhún Chaoin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O'Donovan, T.D., cuairt inniu ar Ghaeltacht Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí, áit ar thug sé cuairt ar shuíomh an Dún Bheag agus gur bhuail sé le hionadaithe ó Comharchumann Dhún Chaoin.
Tá creimeadh tromchúiseach déanta ar an Dún Bheag, atá suite ar láthair cois farraige, le blianta beaga anuas. Bhuail an tAire le foireann an OPW a thug tuairisc do faoi oibreacha atá á ndéanamh ag an OPW d'fhonn na struchtúir atá fágtha a chosaint a mhéid is féidir agus chun rochtain shábháilte phoiblí a cheadú.
Bhí cruinniú an-táirgiúil ag an Aire freisin le Comharchumann Dhún Chaoin maidir leis an bhféidearthacht clós súgartha pobail a lonnú ar thailte ar leis an OPW, in aice le Ionad an Bhlascaoid. Bhí an Aire dírithe ar réiteach a fháil a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail chomh maith le riachtanais oidhreachta agus oibríochta Ionad an Bhlascaoid.
Tá an tAire O'Donovan muiníneach go bhfuil suíomh oiriúnach aitheanta anois a chomhlíonann na critéir seo agus tá súil aige go gcomhaontófar sonraí idir an OPW agus an Comharchumann sna seachtainí amach romhainn. Thug sé faoi deara go mbeadh aon chomhaontú beartaithe i bprionsabal faoi réir na ngnáthphróisis phleanála.
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm go raibh ar ár gcumas teacht ar comhréiteacht maidir leis an iarratas ar chlós súgartha, réiteacht a thacaíonn leis an bpobal áitiúil anseo i nDún Chaoin, i gcroílár Gaeltacht Chiarraí.
Is teanga bheo í an Ghaeilge, níos beoga i nDún Chaoin seachas aon áit, agus tá sé tábhachtach go dtabharfadh an chéad ghlúin eile an teanga ar aghaidh i ngach gné dá saol. Tosaíonn sé seo ó aois an-óg agus tá súil againn go gcuideoidh an clós súgartha seo le cur chun cinn an teanga labhartha, í a chothú agus a spreagadh dos na glúinte atá le teacht.
Bhí cruinniú maith againn inniu le baill an phobail seo atá paiseanta ina dtiomantas Éire tuaithe agus cultúrtha a choinneáil beo agus táim ag tnúth lena gcomhoibriú leanúnach leis an OPW, go háirithe an bhliain seo chugainn nuair a athosclaímid an tIonad nua-athchóirithe.”
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Le radhairc iontacha ar chósta agus oileáin fhiáine an Atlantaigh ag pointe leathbhealaigh an Shlí Cheann Sleibhe, is ionad / músaem oidhreachta agus cultúrtha iontach é Ionad an Bhlascaoid, tógtha in onóir an phobail uathúil a bhí ina gcónaí ar oileáin na Blascaodaí go dtí gur aslonnaíodh iad i 1953. Tá curtha leis an láthair le tógaint Ardáin Féachana ag an bhfaill, rud a ligeann do chuairteoirí radharcanna iontacha agus áilleacht an tír-dhreach d'Iarthar Chiarraí a fheiceáil.
Insíonn Ionad an Bhlascaoid scéal shaol an oileáin, iascaireacht agus feirmeoireacht, an saol traidisiúnta lena n-áirítear modhanna oibre agus iompair, saol an bhaile, tithíocht agus siamsaíocht. Is toradh é ar chomhpháirtíocht idir Fhondúireacht an Bhlascaoid agus Rialtas na hÉireann. Tá athchóiriú á dhéanamh air faoi láthair agus athosclóidh sé an bhliain seo chugainn. Is iad Seirbhísí Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí a oibríonn agus a bhainistíonn Ionad an Bhlascaoid agus a chuireann turais treoraithe ar an oileáin ar fáil.
Chuir an OPW obair i gcrích roimhe seo ar athchóiriú theach bunaidh an scríbhneora iomráitigh ón Bhlascaoid Mhór, Tomás Ó Criomhthain. Cuireann an Teachín seo ar ár gcumas eispéireas barántúil do chuairteoirí a sholáthar agus na coinníollacha maireachtála crua a bhí ag an bpobal áitiúil a thabhairt beo, sular fhág an 22 áitritheoir dheireannach an t-Oileán i 1953.