Tugann an tAire McConalogue cuairt ar Bhinn Éadair, ar Ché na Cille Móire, ar Dhún Mór, agus ar na Cealla Beaga
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, ar cuairt faoi láthair i roinnt de phríomhchalafoirt iascaireachta na hÉireann. Bhuail an tAire le hiascairí, le próiseálaithe, le heagraíochtaí iascaireachta agus le páirtithe leasmhara eile, agus é ar cuairt i mBinn Éadair, i gCé na Cille Móire, i nDún Mór agus sna Cealla Beaga níos luaithe an mhí seo. Leanfaidh na cuairteanna ar aghaidh le cuairt go dtí Bréantrá agus Baile Chaisleáin Bhéarra níos déanaí an tseachtain seo, agus tá tuilleadh cuairteanna go dtí calafoirt iascaireachta pleanáilte.
I mBinn Éadair, thug an tAire cuairt ar an Ionad Iascaigh agus bhuail sé le Máistir an Chuain agus le príomhoifigigh a bhfuil baint acu le hoibreacha ar an gcuan. I mBealtaine, d’fhógair an tAire go gcuirfí €8.3m de chistiú ar fáil d’oibreacha i mBinn Éadair agus thug sé cuairt ar obair infreastruchtúir atá ag dul ar aghaidh faoi láthair. Bhuail an tAire le hiascairí ar an gCé chun cúrsaí iascaireachta a phlé agus sa ghrúpa bhí ionadaithe ó ISEPO, FLAGs NIFF agus NIFA & NIFO. Bhuail sé freisin le gnólachtaí áitiúla, lena n-áirítear Kish Fish agus próiseálaithe, OceanPath san áireamh.
I gCé na Cille Móire, thug an tAire cuairt ar an Ionad Iascaigh agus bhuail sé le Máistir an Chuain agus le príomhoifigigh a bhfuil baint acu le hoibreacha ar an gcuan. I mBealtaine, d’fhógair an tAire go gcuirfí €200k de chistiú ar fáil d’oibreacha i gCé na Cille Móire. Bhuail an tAire freisin le gnólachtaí ar an gCé, agus áiríodh sa ghrúpa ionadaithe iascaireachta ó ISEPO, NIFF agus NIFA & NIFO.
I nDún Mór, thug an tAire cuairt ar an Ionad Iascaigh agus bhuail sé le Máistir an Chuain agus le príomhoifigigh a bhfuil baint acu le hoibreacha ar an gcuan. I mBealtaine, d’fhógair an tAire go gcuirfí os cionn €2.4 m de chistiú ar fáil d’oibreacha i nDún Mór. Bhuail an tAire freisin le hiascairí ar an gCé chun cúrsaí iascaireachta a phlé agus sa ghrúpa bhí ionadaithe ó ISEPO, FLAGs NIFF agus NIFA & NIFO.
Sna Cealla Beaga, thug an tAire cuairt ar an Ionad Iascaigh agus bhuail sé le Máistir an Chuain agus le príomhoifigigh a bhfuil baint acu le hoibreacha ar an gcuan agus le hofigigh ón Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara. I mBealtaine, d’fhógair an tAire go gcuirfí beagnach €9m de chistiú ar fail d’oibreacha i gCé na Cealla Beaga, lena n-áirítear €6.5m do chéim a dó den Chigireacht ar Ché Smooth Point ar thug sé cuairt air agus é sna Cealla Beaga. Bhuail an tAire freisin le hionadaithe ó IFPEA, KFO agus le hiascairí cladaigh, ionadaithe ó NIFA agus NIFO san áireamh, agus chuaigh sé ar bord bád iascaireachta agus thug sé cuairt ar mhonarcha próiseála.
Agus é ag labhairt dó faoi na cuairteanna, dúirt an tAire McConalogue:
"Bhí cruinnithe dearfacha agam le hiascairí agus le hionadaithe na n-iascairí le linn mo chuairteanna, agus gabhaim buíochas le gach duine as bualadh liom agus as cúrsaí a bhfuil tábhacht ag baint leo don phobal áitiúil a phlé liom. Bhí sé iontach go raibh an deis ann féachaint ar na tionscadail infreastruchtúir atá ag dul ar aghaidh ag gach ceann de na ceithre chalafort agus an dul chun cinn ar na tionscadail seo a fheiceáil.”