Uirlis Carbóin Foraoise seolta ag an Aire Hackett
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht uirthi as cúrsaí foraoiseachta, Uirlis Carbóin Foraoise nua de chuid Teagasc inniu. Leis an uirlis ar líne seo, tugtar bealach éasca d'úinéirí foraoise agus d'úinéirí nua an méid carbóin is féidir a bhaint i gcoillearnacha a ríomh agus leagann béim ar ról tábhachtach tháirgí adhmaid saothraithe. Forbraíodh an uirlis le tacaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus rinne Teagasc í a fhorbairt le sainionchur ó FERs Ltd.
Maidir leis an seoladh, dúirt an tAire
"Tionscnamh den scoth atá san uirlis carbóin foraoise a leagann béim ar an tábhacht atá le foraoisí agus an tionchar dearfach a imríonn siad maidir leis an méid carbóin atá á stóráil agus á cheapadh. Tá an uirlis seo fíor-éasca le húsáid and saor in aisce d'úinéirí foraoise agus d'úinéirí nua agus do ghairmithe foraoiseachta araon agus cuideoidh sí leo na buntáistí a d'fhéadfadh a bheith ann don timpeallacht a thuar sa chás go bhfuil siad ag smaoineamh ar choillearnacha nua a chruthú. Is féidir úsáid a bhaint aisti ar go leor bealaí agus is féidir léi úsáid beostoic ar fheirmeacha a chur san áireamh i gcórais agrafhoraoiseachta go múnlú crainn buaircíneacha agus leathanduilleacha ar chineálacha éagsúla tailte agus ithreacha".
Léiríonn an múnla go bhféadfadh na meánrátaí ceaptha bliantúla a bheith idir 1 go 9 tona CO2 an heicteár agus go mbíonn tionchar ag an speiceas, aois agus cineálacha ithreach atá curtha isteach. Chomh maith leis sin léiríonn sí go bhfuil ról tábhachtach ag gach cineál foraoiseachta maidir le hathrú aeráide a mhaolú. Is féidir le speicis bhuaircíneacha rátaí ceaptha arda a thabhairt go háirithe nuair a chuirtear táirgí adhmaid saothraithe san áireamh agus le chéile baineann foraoisí leathanduilleacha lear mór CO2 thar a saolré.
Thug an tAire aitheantas don obair atá ar bun ag an nGrúpa Oibre ar Chur Chun Cinn Foraoiseachta agus Foraoisiú COFORD” agus d'fháiltigh roimh an ardú feasachta i measc na bpáirtithe leasmhara go léir ar an ról dearfach a d'fhéadfadh a bheith ag foraoisí a bhainistítear go hinbhuanaitheach.
Tógann an uirlis carbóin foraoise faisnéis atá sainithe ag an úsáideoir ar an bhforaois agus cuireann sé le múnlaí fása atá ann cheana le meastachán a dhéanamh ar stóráil carbóin. Ní chuireann an uirlis seo ach faisnéis tháscach ar fáil agus níl sé i gceist í a bheith ábalta meastacháin chríochnúla a thabhairt ar aon fhoraois ar leith. Is féidir le húinéirí talún, feirmeoirí agus cuideachtaí foraoiseachta atá ag smaoineamh ar fhoraois a chur ar thailte, leas a bhaint as an uirlis chun an toirt carbóin a d'fhéadfadh a bheith a chuid talún a cheapadh a mheas. Is féidir athrú a dhéanamh uirthi más mian leo tabhairt faoi mhúnla ar chineálacha éagsúla speiceas nó scéimeanna agrafhoraoiseachta.
Dúirt Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Gerry Boyle
" Cuirim fáilte roimh fhorbairt na huirlise carbóin foraoise ar líne seo a chuirfidh go mór le heolas ar na buntáistí a bhaineann le foraoisí maidir le carbón a cheapadh agus mar ghné shuntasach le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide. Beidh feidhmeanna tábhachtacha ag an Uirlis Carbóin Foraoise maidir le hardú feasachta agus tacaíocht maidir le cinntí, agus sonraí táscacha a chur ar fáil ar an ról atá ag roghanna éagsúla plandála agus a n-acmhainneacht chun cuidiú le maolú ag leibhéal feirme. Ceann de na seirbhísí tábhachtacha atá á soláthar ag foraoisí a bhainistítear go hinbhuanaitheach is ea ceapadh carbóin. Áirítear orthu sin adhmad a tháirgeadh, caighdeán an uisce a chosaint agus cur leis an tírdhreach agus le bithéagsúlacht. Tá gnéithe amhail cuspóirí na n-úinéirí talún, roghanna maidir le speiceas and cur chuige bainistithe foraoisí lárnach chun an meascán sonraithe de sheirbhísí a d'fhéadfadh foraoisí a chur ar fáil, a chinneadh.
Chuir Tom Houlihan, Speisialtóir Foraoiseachta Teagasc leis an méid a bhí ráite,
" Seo í an chéad leagan den Uirlis Carbóin Foraoise agus tá raon toimhdí inti agus fóireacha córais do na sonraí a chuirtear ar fáil. Tá gá leanúnach tuilleadh forbartha a dhéanamh ar ár n-eolas ar an tionchar a bhíonn ag raon fachtóirí amhail cineálacha foraoisí, roghanna speiceas, fad na n-uainíochta agus cur chuige bainistithe ar acmhainneacht ceaptha. Chuige sin, táthar ag súil go mbeifear ábalta nuashonrúcháin agus breisithe a thabhairt isteach i leaganacha a bheidh ann amach anseo de réir mar a chuirtear sonraí agus taighde nua ar fáil. Gabhaimid buíochas ó chroí le gach duine a raibh baint acu leis an bhfeidhmchlár seo a fhorbairt, táimid ag súil le haiseolas a fháil agus a bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara ar fad san am atá amach romhainn agus cur leis an leibhéal eolais atá ann cheana."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire " beidh ról suntasach ag baint le tábhacht foraoisí agus an gá foraoisí a leathnú go hinbhuanaithe i bpleananna gníomhaíochta ar son na haeráide. Leis an gClár Foraoiseachta 2014-2020 atá ann faoi láthair tugtar raon dreasachtaí airgeadais i bhfoirm deontais agus préimheanna ina n-aithnítear an tábhacht a bhaineann le foraoisí agus na seirbhísí éiceachórais a chuireann siad ar fáil. Mholfainn do gach feirmeoir féachaint ar fhoraoiseacht mar chuid dá bpleananna maidir lena gcuid feirmeacha i mbliana."
Nótaí don Eagarthóir:
Is féidir teacht ar an Uirlis Carbóin Foraoise ar láithreán gréasáin Teagasc ag https://www.teagasc.ie/crops/forestry/advice/general-topics/forest-carbon-tool/
Cuireann Teagasc seirbhísí comhairleoireachta oibiachtúla agus neamhspleách ar fáil do gach úinéir talún príobháideach maidir le hábhair a bhaineann le foraoiseacht. Is féidir le húinéirí foraoisí atá ag smaoineamh ar fhoraoiseacht nó atá ag iarraidh comhairle neamhspleách a fháil teagmháil a dhéanamh lena gcomhairleoir foraoiseachta de chuid Teagasc.
Sonraí teagmhála: forestry@teagasc.ie
Comhlacht í Comhairle COFORD arna ceapadh ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara chun comhairle a chur ar an Aire agus ar an Roinn maidir le saincheisteanna a bhaineann le hearnáil na foraoise in Éirinn a fhorbairt. Is é an tAire a cheapann na comhaltaí agus tá an comhaltacht comhdhéanta as páirtithe leasmhara ó ar fud na hearnála foraoiseachta.
Bhí an uirlis páirtmhaoinithe ag an Roinn faoin gClár Náisiúnta Foraoiseachta 2014-2020.
CRÍOCH