Áit Dúchais Chomhroinnte

Cuardaigh ar fad gov.ie

Áit Dúchais Chomhroinnte

Áit Dúchais Chomhroinnte: Céim Dhialóige Nua de Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte

Sheol an Taoiseach Micheál Martin céim dhialóige nua de Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte darb ainm Áit Dúchais Chomhroinnte. Is tionscnamh rannpháirtíoch é seo, a thagann le Comhaontú Aoine an Chéasta, a chuireann fáilte roimh dhaoine ar fud an oileáin - agus níos faide i gcéin - trí lionsa oidhreachta agus cultúir, an cheist a fhiosrú: Céard is Áit Dúchais Chomhroinnte ann duit - san am a chuaigh thart, inniu agus amach anseo?

Téamaí agus Snáitheanna

Tá an clár seo bunaithe ar thrí phríomhthéama agus cúig shnáithe oibre. Ná trí théama:

Fiosraigh: Ceist na hÁite Dúchais Comhroinnte san am a chuaigh thart, inniu agus amach anseo a fhiosrú, ag aithint éagsúlacht agus chastacht na bhféiniúlachtaí agus na dtraidisiún ar fud oileán na hÉireann.

Nasc: Daoine a nascadh le chéile ar fud oileán na hÉireann agus níos faide i gcéin trí dhialóg agus rannpháirtíocht ar phobal, cultúr agus oidhreacht áitbhunaithe.

Roinn: Eispéiris, cultúr agus oidhreacht, san am a chuaigh thart agus faoi láthair, a mhúnlaíonn muid inniu a roinnt agus machnamh a dhéanamh, ag teacht le Comhaontú Aoine an Chéasta, ar an ról a bheidh acu inár dtodhchaí chomhroinnte ar an oileán seo.

Na cúig shnáithe:

Snáithe 1: Oidhreacht Thógtha

Baineann Oidhreacht Thógtha le foirgnimh, bonneagar, ailtireacht agus suíomhanna oidhreachta inár dtimpeallacht thógtha. Ó bhailte, droichid agus foirgnimh stairiúla thar na céadta, go hailtireacht chomhaimseartha, agus ó chuanta agus tithe go ballaí cloiche agus stíleanna dúchasacha eile, tugann ár dtimpeallacht thógtha brí do nádúr áite agus cabhraíonn sí linn nascadh le háiteanna eile ar fud oileán na hÉireann agus níos faide i gcéin.

Snáithe 2: Tírdhreach agus Teangacha

Tírdhreach agus Teangacha fite fuaite ina chéile chun braistint na háite dúchais a mhúnlú ionann, mar a léirítear leis an bhfrása ‘dinnseanchas’. Baineann an snáithe seo leis na teangacha agus canúintí atá ag daoine ar fud an oileáin, lena n-áirítear Béarla, Gaeilge, Ultais agus Gaimis / Caintis agus fiosróidh sé an chaoi a ndéanann ár dtraidisiúin béil, logainmneacha agus nathanna cainte áitiúla, fréamhaithe i dteanga agus seanchas, taifead ar shaol agus eispéiris daoine i dtírdhreach thar am. Fiosróidh an snáithe seo ról ár dtírdhreacha nádúrtha agus tionchar na haimsire, na haeráide agus na bithéagsúlachta ar mhúnlú féiniúlachtaí pobal agus áiteanna chomh maith.

Snáithe 3: Oidhreacht Chultúrtha

Baineann snáithe Na hOidhreachta Cultúrtha le cruthaitheacht shaibhir agus shíorathraitheach an oileáin sna healaíona, ceardaíocht, dearadh, ceol, litríocht, chomh maith le bia, seanchas, teanga, spórt agus traidisiúin áitiúla, ag teacht le chéile chun braistint áite dúchais agus idirnasctha lena chéile a chruthú ar fud oileán na hÉireann agus níos faide i gcéin.

Snáithe 4: Saolta agus Slite Beatha

Fiosraíonn Saolta agus Slite Beatha saolta daoine a mhúnlaigh an t-oileán mar áit dúchais chomhroinnte, lena n-áirítear eispéiris gnáthdhaoine thar na glúnta. Caitheann sé súil ar thraidisiúin eacnamaíocha, thionsclaíocha agus oibre, chomh maith le hathruithe sóisialta, scéalta staire agus eispéiris a raibh tionchar acu ar fhéiniúlachtaí, ar chultúir agus ar phobail, san am a chuaigh thart agus inniu. Baineann gnéithe staire eacnamaíocha agus sóisialta leis an snáithe seo chomh maith - amhail bailte margaidh, ceantair mhianadóireachta, sráidbhailte iascaireachta, pobail feirmeoireachta, agus lárionaid mhonaraithe - chomh maith le heispéiris saoil, lena n-áirítear eispéiris oibre, oideachais, creidimh, teaghlaigh agus eispéireas an bháis.

Snáithe 5: Éire agus an Domhan

Cuireann Éire agus an Domhan fáilte roimh dhiaspóra an oileáin an bhrí a bhaineann le háit dúchais chomhroinnte ar oileán na hÉireann a fhiosrú, san am a chuaigh thart, inniu, agus amach anseo. Áirítear leis an snáithe seo chomh maith machnamh ar eispéiris agus traidisiúin ó thíortha agus cultúir eile a thug pobail nua na hÉireann chuig an oileán agus chuig coincheap na háite dúchais comhroinnte. Fiosrófar na naisc thar am idir treochtaí agus imeachtaí ar an oileán agus iad siúd sa Bhreatain, san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh agus áiteanna eile mar chuid den snáithe seo.

Seachadadh na hÁite Dúchais Comhroinnte

D’fhógair an Rialtas cúig ghné thosaigh den Chlár, le seachadadh idir 2026 agus 2030:

  • Oidhreacht: Treoróidh an Chomhairle Oidhreachta clár le ciste €5 mhilliún chun rannpháirtíocht an phobail le téamaí na hÁite Dúchais Comhroinnte a chur chun cinn. Áireofar leis seo cláreagrú seachadta trí leabharlanna, músaeim, cartlanna, agus gailearaithe áitiúla, chomh maith le cruthú Líonra Oidhreachta Rialtais Áitiúil uile-oileáin chun tacú leis an gcomhoibriú agus le comhroinnt eolais.
  • Glórtha an Diaspóra: I mí an Mhárta 2026, sheol an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Helen McEntee T.D., Áit Dhúchais Chomhroinnte de chuid an Rialtais: Glórtha an Diaspóra, tionscnamh atá deartha chun na hÉireannaigh atá thar lear, ó gach traidisiún agus cúlra, a thabhairt le chéile chun a n-oidhreacht chomhroinnte agus a naisc chultúrtha áit-bhunaithe agus todhchaí ár n-oileáin chomhroinnte a scrúdú. Seoladh an tionscnamh seo go hoifigiúil ag ócáid Lá Fhéíle Pádraig i Leabharlann agus Músaem Uachtaránachta John F. Kennedy, in Boston, ócáid a chur tús le comhrá domhanda leis an diaspóra Éireannach.
  • Institiúidí Náisiúnta Cultúir: Beidh cead ag Institiúidí Náisiúnta Cultúir na hÉireann tograí a thabhairt chun cinn atá ailínithe le cuspóirí na hÁite Dúchais Comhroinnte, ag obair as lámh a chéile le comhpháirtithe i dTuaisceart Éireann faoi Scéim Comhoibrithe Cultúrtha an Oileáin Chomhroinnte.
  • Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe: Á bainistiú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, tacóidh an obair seo le fiosrú ar naisc chultúrtha Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar idir 2027 agus 2030, lena n-áirítear i gcomhthéacs daingniú RA an Choinbhinsiúin UNESCO chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a Chaomhnú chomh maith le forbairt fardail nua i dTuaisceart Éireann, in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i Sasana.
  • Cainteanna Áite Dúchais: Sraith cainteanna agus díospóireachtaí poiblí chun bunús a chur ar an dialóg agus í a éascú ar fud an oileáin, le tuilleadh eolais ar fáil go gairid.

Chomh maith leis an méid thuasluaite:

  • Tá snáithe nua Fuaime & Físe an Oileáin Chomhroinnte den tionscnamh Meán an Oileáin Chomhroinnte, faoi stiúir Choimisiún na Meán, a chuimseoidh roghanna clársceidealaithe agus léirithe mar fhreagra ar thionscnamh na hÁite Dúchais Comhroinnte.
  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 4 Samhain 2025
  • An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2026

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat