Ag Tógáil Oileán Comhroinnte

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ag Tógáil Oileán Comhroinnte

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 8 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2026

Forléargas

Leag Clár an Rialtais agus an Plean Forbartha Náisiúnta (2021-2035) leasaithe clár uaillmhianach amach chun Oileán Comhroinnte a Chruthú a bhaint amach.

Tugtar an clár seo chun cinn ar bhonn uile-Rialtais agus cuirtear de chúram ar gach Roinn moltaí nua a fhorbairt agus a sheachadadh chun tosaíochtaí infheistíochta an Oileáin Chomhroinnte nuashonraithe a chur i bhfeidhm sa Phlean Forbartha Náisiúnta.

I gcéim fhairsingithe do Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, tá an Rialtas ag dúbailt na n-acmhainní atá á gcur ar fáil le gealltanas ar fiú €2 bhilliún é anois chomh fada le 2035 chun infheistíocht uile-oileáin a spreagadh ar mhaithe le hathmhuintearas, meas frithpháirteach agus fás a chothú.

Tugtar tosaíochtaí infheistíochta an Oileáin Chomhroinnte chun cinn le maoiniú ó réimse foinsí Rialtais, lena n-áirítear Ciste an Oileáin Chomhroinnte agus oibriú i gcomhpháirtíocht uile-oileáin le Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann chun infheistíocht a chomhchistiú agus a sheachadadh le chéile a chruthaíonn oileán níos ceangailte, níos inbhuanaithe agus níos rathúla don phobal i gcoitinne.

Infheistíocht Earnála an Phlean Forbartha Náisiúnta: Tosaíochtaí an Oileáin Chomhroinnte

I mí na Samhna 2025, d’fhoilsigh an Rialtas Plean Infheistíochta Earnála ar thosaíochtaí an Oileáin Chomhroinnte mar chuid den Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta (PFN).

Leagtar amach ansin an chaoi a n-úsáidfear Ciste an Oileáin Chomhroinnte, taobh le cur ar fáil acmhainní eile agus oibriú trí chomhpháirtíochtaí comhchistithe uile-oileáin chun cuspóirí an Oileáin Chomhroinnte a Chruthú a bhaint amach.

Tugann Airí agus a Ranna spriocanna infheistíochta an Rialtais d’Oileán Comhroinnte chun cinn ar bhonn uile-Rialtais agus i gcomhréir le Pleananna Earnála PFN.

Tá Plean Infheistíochta Earnála PFN ar thosaíochtaí an Oileáin Chomhroinnte ar fáil thíos.

Clár na hÁite Dúchais Comhroinnte

I mí Aibreáin 2025, d’fhógair an Taoiseach clár na hÁite Dúchais Comhroinnte, snáithe nua de Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte atá le tosú in 2026.

Tá sé mar aidhm ag clár na hÁite Dúchais Comhroinnte an bhrí a bhaineann le háit dúchais chomhroinnte roimhe seo, inniu agus amach anseo a fhiosrú, trí lionsa na hoidhreachta agus an chultúir. Cothóidh an clár seo rannpháirtíocht le gach traidisiún ar fud oileán na hÉireann, lena n-áirítear traidisiúin Éireannacha, Bhriotanacha, Angla-Éireannacha, agus Albanacha Ultacha, agus ag an am céanna, ag tabhairt chun suntais éagsúlacht eitneach agus chultúrtha an oileáin atá ag dul i méid agus ról an Diaspóra thar lear.

I mí na Samhna 2025 d'fhaomh an Rialtas cúig ghné thosaigh den chlár, le seachadadh idir 2026 agus 2030:

  • Oidhreacht: Treoróidh an Chomhairle Oidhreachta clár le ciste €5 mhilliún chun rannpháirtíocht an phobail le téamaí na hÁite Dúchais Comhroinnte a chur chun cinn. Áireofar leis sin cláreagrú seachadta trí leabharlanna, músaeim, cartlanna, agus gailearaithe áitiúla, chomh maith le cruthú Líonra Oidhreachta Rialtais Áitiúil uile-oileáin chun tacú le comhoibriú agus roinnt eolais.
  • Diaspóra: Forbróidh an Tánaiste agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála snáithe tiomnaithe diaspóra mar pháirt de Straitéis Diaspóra nua an Rialtais. Iarrfar ar phobal domhanda na hÉireann a bheith gníomhach sa chomhrá maidir leis an mbrí a bhaineann le hÁit Dúchais Chomhroinnte.
  • Forais Chultúir Náisiúnta: Beidh cead ag Forais Chultúir Náisiúnta na hÉireann moltaí a chur i láthair atá ailínithe le cuspóirí na hÁite Dúchais Comhroinnte, ag obair as lámh a chéile le comhpháirtithe i dTuaisceart Éireann faoi Scéim Comhoibrithe Chultúrtha an Oileáin Chomhroinnte.
  • Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe: Á bhainistiú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, tacóidh sé seo le fiosrú ar naisc chultúrtha Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar idir 2027 agus 2030. Tógfaidh sé ar dhaingniú Choinbhinsiún UNESCO sa Ríocht Aontaithe chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a Chaomhnú in 2024 chomh maith le forbairt fardail nua i dTuaisceart Éireann, in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i Sasana.
  • Cainteanna Áite Dúchais: Sraith cainteanna agus díospóireachtaí poiblí chun bunús a chur faoin gcur agus cúiteamh agus é a éascú ar fud an oileáin.

Fógrófar eolas faoi gach gné den chlár seo sna míonna amach romhainn.

Coimisiún na Meán

I mí na Samhna 2025, leithdháil an Rialtas €14 mhilliún ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte do Chlár an Oileáin Chomhroinnte de chuid Choimisiún na Meán.

Áirítear leis an gclár sin:

Scéim Iriseoireachta an Oileáin Chomhroinnte: Á seoladh in 2026, tacóidh sí seo le tuairisciú trasteorann ar bhonn leanúnach agus cuirfear tacaíochtaí ar fáil le cumas a thógáil agus d’inbhuanaitheacht an tuairiscithe sin

Oileán Comhroinnte: Clár Fuaime & Físe: Scéim nua chun tacú le cláir agus léiriú closamhairc trasteorann agus uile-oileáin, lena n-áirítear tionscnaimh a forbraíodh mar fhreagra ar chlár na hÁite Dúchais Comhroinnte. Áireofar tacaíochtaí forbartha leis an gclár seo chomh maith chun tallann agus ábhar nua a chothú.

Léigh tuilleadh.

Ciste Sochaí Sibhialta an Oileáin Chomhroinnte

Shared Island Civic Society Fund

I mí na Nollag 2025, d’fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Helen McEntee, maoiniú €1.92 milliún do 64 tionscnamh trasteorann pobalbhunaithe faoi Chiste Sochaí Sibhialta an Oileáin Chomhroinnte. Tacaíonn an fógra is déanaí le gnáth-chomhpháirtíochtaí ar fud oileán na hÉireann, a chuireann ar chumas pobal ó Thuaidh agus ó Dheas comhoibriú lena chéile ar thionscnaimh a neartaíonn an obair i gcomhar agus a thógann naisc mharthanacha.

Léiríonn na tionscnaimh atá ag fáil an mhaoinithe éagsúlacht an tsaoil chathartha ar fud an oileáin, a chuimsíonn óige agus spórt, ealaíona agus cultúr, oidhreacht, gníomhaíocht chomhshaoil agus ionchuimsiú sóisialta. Trí infheistiú i gcomhoibriú idir eagraíochtaí áitiúla, cabhraíonn an Ciste le muinín, comhthuiscint agus rannpháirtíocht phraiticiúil Thuaidh-Theas a chothú, a thagann le cuspóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tógann an fógra maoinithe is déanaí ar chinneadh an Rialtais i mí Feabhra 2025 an Ciste a leathnú trí dhara céim. Le tacaíocht ó Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte agus na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, feidhmíonn an Ciste anois ar bhonn ilbhliantúil ó 2025-2027, le buiséad bliantúil €2 mhilliún agus deontais thart ar €30,000 ar an meán in aghaidh an tionscnaimh, a chuireann tacaíocht leanúnach bhliantúil ar fáil do thionscnaimh thrasteorann sochaí sibhialta.

Tá tuilleadh eolais ar Chiste Sochaí Sibhialta an Oileáin Chomhroinnte ar fáil anseo.

Éire Ildánach – Clár an Oileáin Chomhroinnte

I mí na Samhna 2025, d’fhógair an Rialtas suas go €9.3 milliún don chéad chéim eile d’Éire Ildánach – Clár an Oileáin Chomhroinnte agus tionscnaimh ealaíon ghaolmhara, ag tacú le comhoibriú cultúrtha agus rannpháirtíocht chruthaitheach a leathnú ar fud an oileáin ó 2026 go 2028.

Tógann an infheistíocht nua ar rath an chéad €6 mhilliún de ghné an Oileáin Chomhroinnte den Chlár Éire Ildánach (2023-2027)

Céim 2 (2026-2028)

Soláthróidh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Céim 2 de Chlár an Oileáin Chomhroinnte de chuid Éire Ildánach ar bhonn comhpháirtíochta uile-oileáin agus clúdóidh sí cúig réimse:

  • Cruinniú na nÓg
  • Pobail Ildánacha
  • Óige Ildánach
  • Gníomh Cruthaitheach ar son na hAeráide
  • Sláinte agus Folláine Ildánach

Neartóidh an chéim seo deiseanna do chomhoibriú cruthaitheach stiúrtha ag údarás áitiúil agus ag an bpobal, lena n-áirítear tionscnaimh a fhiosraíonn téamaí na hÁite Dúchais Comhroinnte agus a thacaíonn le fás na hearnála Tionscal Cruthaitheach uile-oileáin mar chrann taca d’fhorbairt eacnamaíoch agus chultúrtha.

Léigh tuilleadh.

Bainistíocht Éigeandála agus Tógáil Cumais Trasteorann

Cross-Border Emergency Management and Capacity Building

I mí na Samhna 2025, d’fhógair an Rialtas ranníocaíocht €5.9 milliún do Chiste an Oileáin Chomhroinnte chun comhoibriú trasteorann a neartú maidir le bainistíocht éigeandála agus tógáil cumais.

Cuirfidh sé seo le comhoibriú idir an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (NDFEM) agus Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann (NIFRS), chun áiseanna traenála a leathnú; infheistiú i dtrealamh idir-inoibritheach cuardaigh agus tarrthála uirbigh (USAR); agus soláthair de mhodúl srianta tuilte – infheistíocht a thacóidh leis an dá dhlínse imeachtaí tuilte agus oibríochtaí teicniúla tarrthála a bhainistiú.

Feabhsóidh na bearta seo cumas freagartha éigeandála ó Thuaidh agus ó Dheas, a éascaíonn freagraí comhoibríocha agus a ligeann do chomhthraenáil in áiseanna tábhachtacha, lena n-áirítear Ionad Oiliúna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus Lárionad Foghlama agus Forbartha NIFRS i dTír Eoghain.

Léigh tuilleadh.

Nasc Aeir Bhaile Átha Cliath–Dhoire

I mí na Samhna 2025, d’fhógair an Rialtas go dtabharfaidh an tAire Iompair seirbhís aeir OSP nua isteach idir Baile Átha Cliath agus Doire in 2026, a thagann leis an ngealltanas i gClár an Rialtais nascacht aeir a bhunú idir an dá chathair.

Feabhsóidh an tseirbhís aeir OPS idir Baile Átha Cliath agus Doire nascacht d’Iarthuaisceart an oileáin go dtí go ndéanfaidh an Fheidhmeannacht dul chun cinn maidir le huasghrádú ar chonair iompair an bhóthair A5, ar gheall an Rialtas €600m i maoiniú lena aghaidh.

Tabharfar isteach seirbhís aeir Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (OSP) ar feadh tréimhse shonraithe dá gcuirfear acmhainní ar fáil ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte, le tosú in 2026 agus déanfar athbhreithniú uirthi tar éis dhá bhliain. Socrófar agus foilseofar costais iomlána don tseirbhís chomh luath is atá an próiseas soláthair lena haghaidh curtha i gcrích.

Cuirfidh an tseirbhís tuilleadh feabhais ar nascacht iompair d’Iarthuaisceart an oileáin agus go hidirnáisiúnta agus tacóidh sí le deiseanna d’fhás eacnamaíoch agus turasóireacht isteach.

Ciste Forbartha Glasbhealaí an Oileáin Chomhroinnte

I mí na Samhna 2025, d’fhógair an Rialtas Ciste Forbartha Glasbhealaí nua an Oileáin Chomhroinnte, agus leithdháileadh €2 mhilliúnchun ranníocaíochtaí ag céim na forbartha a chur ar fáil chun dul chun cinn a dhéanamh ar thionscnaimh glasbhealaí réigiúnacha trasteorann agus ar an teorainn a comhaontaíodh, mar a chuir an tAire Iompair chun cinn é i gcomhar lena mhacasamhail i bhFeidhmeannacht Thuaisceart Éireann.

Tacóidh Ciste Forbartha Glasbhealaí an Oileáin Chomhroinnte le cur i bhfeidhm chuspóir an Phlean Forbartha Náisiúnta ‘leanúint le forbairt líonra glasbhealaí ar fud an oileáin chun an cósta Atlantach a nascadh le bord farraige an Oirthir ar fud an réigiúin teorann’ a chuirfidh leis na bealaí trasteorann a cuireadh i gcrích le gairid, Glasbhealach Chairlinn agus Glasbhealach Thuaidh Thiar.

An Plean Uile-Éireann um Pailneoirí

All-Ireland Pollinator Plan

Tugann an Plean Uile-Éireann um Pailneoirí (AIPP) daoine, pobail agus earnálacha ar fud an oileáin le chéile chun tírdhreach a chruthú inar féidir le pailneoirí maireachtáil agus a bheith faoi bhláth, comhordaithe ag an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta. D’éirigh le dhá chéim den Phlean (2015-2020; 2021-2025) le breis agus 300 comhpháirtí oifigiúil ar fud an oileáin.

I mí na Samhna 2025, d’fhógair an Rialtas ranníocaíocht €1.8m ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte do Chéim 3 de AIPP idir 2026-30, chomh maith le maoiniú tríd an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus comhpháirtithe ó Thuaisceart Éireann.

Dá bhrí sin, beifear in ann clár uile-oileáin le deich modúl a sholáthar in imeacht cúig bliana ar a leanas: Pailneoirí Feirme a Chosaint; Pobail Bhríomhara a Chruthú; Rannpháirtíocht Údarás Áitiúil agus Comhlachtaí Poiblí; Rannpháirtíocht Údaráis Iompair agus Fóntas Poiblí; Rannpháirtíocht Gnó agus Tionscail; Speicis Neamhchoitianta agus I mBaol; Monatóireacht; Taighde; Mapáil; agus Cumarsáid.

Fógróidh comhpháirtithe AIPP na sonraí uile faoi Chéim 3 AIPP.

Comhpháirtíocht Taighde agus Forbartha

I mí na Samhna 2025, d’fhógair an Rialtas go gcuirfidh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta gealltanas maoinithe chun cinn óna Roinn (€6 mhilliún) agus trí Chiste an Oileáin Chomhroinnte (€2.3 milliún) mar pháirt d’fhorbairt bheartaithe den chlár Comhpháirtíochta Taighde agus Forbartha de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá-na hÉireann, a sholáthrófar i gcomhar le Fondúireacht Náisiúnta Eolaíochta na Stát Aontaithe agus an Roinn Geilleagair (Tuaisceart Éireann) chun tacú le tráchtálú taighde faoin gclár.

Fógrófar tuilleadh sonraí in éindí le comhpháirtithe na Stát Aontaithe agus Thuaisceart Éireann.

Comhpháirtíocht Trasteorann d’Fheabhsú Seirbhísí Fostaíochta

I mí na Samhna 2025, leithdháil an Rialtas €1m trí Chiste an Oileáin Chomhroinnte, ar an Roinn Coimirce Sóisialaí, i gcomhar lena macasamhail i bhFeidhmeannacht Thuaisceart Éireann (an Roinn Pobal), chun dul chun cinn a dhéanamh ar thogra le seirbhís faisnéise a sholáthraíonn a gComhpháirtíocht Trasteorann d’Fheabhsú Seirbhísí Fostaíochta (CBPES) a fheabhsú chun tacú le feasacht agus tuiscint oibrithe agus fostóirí maidir le ceanglais chun rochtain a fháil ar thairbhí an mhargaidh oibre uile-oileáin.

Déanfar suíomh CBPES a uasghrádú in 2026 agus cuirfear chun cinn go forleathan é chun raon, rochtain agus leibhéal na feasachta ar an tseirbhís faisnéise a chuirtear ar fáil maidir le hobair thrasteorann a leathnú, lena n-áirítear cánachas pearsanta, slándáil shóisialach agus ceanglais eile.

Taispeántóirí Bithgheilleagair Uile-Oileáin

I mí Mheán Fómhair 2025, d’fhógair an Taoiseach Micheál Martin, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Martin Heydon, agus an tAire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe Andrew Muir CTR maoiniú €9m ón Oileán Comhroinnte le haghaidh dhá thionscnamh taispeántais bithgheilleagair.

  • REGENERATE (Greenville Energy, Co. Thír Eoghain) – leasacháin inbhuanaithe a fhorbairt ó iarmhair talmhaíochta.
  • AIMBIO (Teagasc, Baile an Ásaigh) – athrú fotháirgí mara ina gcomhábhair ardluacha i mbia, beatha, agus ábhair bhithbhunaithe.

Seoladh an Tionscnamh Taispeántais Bithgheilleagair faoi Chlár an Oileáin Chomhroinnte den chéad uair i mí an Mhárta 2024, le tacaíocht ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe Thuaisceart Éireann.

Clár Taighde Thuaidh-Theas

I mí Lúnasa 2025, d’fhógair an Taoiseach Micheál Martin TD agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta James Lawless TD, ceithre thionscnamh ar éirigh leo faoin dara gairm den Chlár Taighde Thuaidh-Theas (NSRP).

Cuirfear €16 mhilliún ar fáil in imeacht ceithre bliana do chomhoibriú taighde trasteorann idir institiúidí ardoideachais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Léigh tuilleadh faoi na ceithre thionscnamh ar éirigh leo anseo.

Is scéim chomhoibríoch atá sa Chlár Taighde Thuaidh-Theas a mhaoinítear trí Chiste an Oileáin Chomhroinnte de chuid an Rialtais agus a riarann an tÚdarás um Ard-Oideachas (HEA) thar ceann na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar an gClár Taighde Thuaidh-Theas.

Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt

I mí Iúil 2025, bhain Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt sprioc thábhachtach amach le bunú creata soláthair chun tacú le suiteáil luchtairí d’fheithiclí leictreacha ag clubanna spóirt ar fud oileán na hÉireann. Léigh tuilleadh.

I mí Mheán Fómhair 2024, d’fhoilsigh an Roinn Iompair liosta de bhreis agus 220 club spóirt ar fud oileán na hÉireann atá incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú le haghaidh pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha faoi Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

I mí Eanáir 2023, d’fhógair an Rialtas infheistíocht €15 mhilliún do Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt.

Tacóidh an scéim seo le dáileadh mear-luchtaithe a bhfuil fáil orthu go poiblí ar chlubanna spóirt agus pobail ar fud oileán na hÉireann, a thagann leis an Straitéis Náisiúnta um Bonneagar Feithiclí Leictreacha a seoladh le gairid.

Cinn Scríbe Chomhroinnte Turasóireachta

Tourism Shared Destinations

I mí Feabhra 2025, d'fhógair anRialtas suas le €23 milliún chun áiseanna turasóireachta inbhuanaithe a fhorbairt ar fud réigiún na teorann.

Cuirfidh Fáilte Ireland, Turasóireacht Éireann agus Turasóireacht Thuaisceart Éireann na tionscadail seo chun cinn i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla ó thuaidh agus ó dheas den teorainn agus i gcomhar le ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha, thuaidh agus theas.

Cuirfidh an clár Cinn Scríbe Chomhroinnte le comhoibriú uile-oileáin sa Turasóireacht tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas agus leanfaidh sé le tionscadal rathúil ailínithe branda Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus Bhealach Chósta Chlochán an Aifir a sholáthair Turasóireacht Éireann, Fáilte Éireann agus Turasóireacht Thuaisceart Éireann le tacaíocht ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte.

- Loch Cairlinn: Líonra tús siúlóidí, conairí agus pointí rochtana uisce a sholáthar ar fud an réigiúin, agus nascacht a mhéadú idir acmhainní turasóireachta, in éineacht le soláthar Straitéise maidir le hEispéiris i gCinn Scríbe chun an réigiún a chur chun cinn. Bainfidh an infheistíocht leas as Droichead Chaol Uisce mar chrann seasta don turasóireacht agus áineas inbhuanaithe sa cheart timpeall ar Loch Cairlinn.

- Geopháirc Dhomhanda UNESCO Dhúiche Lochanna Chuilcí: Líonra conairí a fhorbairt le conairí atá ann cheana féin a nascadh ó Thuaidh agus ó Dheas den teorainn; deiseanna turasóireachta réigiúnaí a fheabhsú agus a nascadh tuilleadh i gCuilceach agus i gceantar trasteorann Gheopháirc Dhomhanda UNESCO i gcoitinne. Trí chonairí a fhorbairt, cuirfear nascacht ar fáil idir Uaimheanna na hÁirse Marmair, Clárchosán Chuilcí agus ar aghaidh go Páirc Bhoirne an Chabháin agus beidh léirmhíniúcháin, treoraíocht agus bonneagar ar fáil, lena n-áireofar ionad léirmhíniúcháin pobalbhunaithe i mbaile Ghleann Ghaibhle.

- Sliabh Beatha: Conairí fairsinge siúil, rothaíochta, marcaíochta trasteorann a fhorbairt timpeall Shliabh Beatha feadh na teorann, le tús siúlóidí agus bearnaí geata san áireamh. Áireofar le forbairt na gconairí léirmhíniúcháin, treoraíocht agus forbairt saoráidí eile.

- Clár Idirnáisiúnta Margaíochta agus Forbartha: Cuirfidh Turasóireacht Éireann feachtas margaíochta chun cinn le haghaidh gach Cinn Scríbe Chomhroinnte, clár forbartha tionscail san áireamh. Forbrófar agus soláthrófar an clár seo faoi 2030, chun an tionchar eacnamaíoch ar gach réigiún a uasmhéadú.

Athchóiriú agus bithéagsúlacht an dúlra

Nature restoration and biodiversity

I mí Feabhra 2025, d'fhógair an Rialtas leithdháileadh de suas le €10 milliún chun é a chur ar chumas na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), i gcomhar le Gníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireann (NIEA), clár nua athchóirithe agus bithéagsúlachta a fhorbairt agus a chur chun cinn ar fud an oileáin.

- Agus leas á bhaint as an gclár rathúil Natura Communities, arna soláthar san Iarthuaisceart ag NPWS le comhpháirtithe pobail agus réigiúnacha, oibreoidh an clár leathnaithe le húdaráis áitiúla agus pobail chun an méid a leanas a dhéanamh:

  • gníomhartha arna dtreorú ag an bpobal a sholáthar agus a chothú maidir le hathchóiriú bogach agus éiceachóras eile, gnáthóga cósta san áireamh;

  • cumas a mhéadú maidir le bainistiú fadtéarmach bogach;

  • tacú le deiseanna oiliúna agus fostaíochta atá lonnaithe go háitiúil, in athchóiriú an dúlra; agus,

  • rannpháirtíocht an phobail, méadú cumais agus comhroinnt eolais a éascú.

Áireofar leis an gclár forbairt suíomhanna 'teach solais' ó Thuaidh agus ó Dheas chun athchóiriú ilghnéitheach bogaigh a fhorbairt agus a thaispeáint, athchóiriú lena soláthraítear torthaí sóisialta agus comhshaoil.

Leis an gclár athchóirithe dúlra seo, cuirfear le gníomhartha bithéagsúlachta an Oileáin Chomhroinnte maidir le hathchóiriú tailte portaigh (2023-28) agus bithéagsúlacht (2023-27) a bhfuil NPWS ag déanamh dul chun cinn orthu, i gcomhar le comhpháirtithe i dTuaisceart Éireann agus in Albain.

Na hEalaíona agus an Oidhreacht Chultúrtha

Arts and Culture Heritage

I mí Feabhra 2025, d'fhógair an Rialtas leithdháileadh de suas le €20 milliún chun tacú le forbairt agus soláthar sraithe tionscadail nua a bhaineann leis na hEalaíona agus an Oidhreacht Chultúrtha, chun comhoibriú, malartú agus tuiscint chultúrtha a chothú.

- Tá tionscadail nua le hullmhú agus le cur chun cinn, chun tacú le taibhiú, léiriú, agus taispeántais chultúrtha trasteorann nua atá comhoibríoch, lena n-áirítear trí:

  • Comhoibriú Foras Cultúir Náisiúnta;
  • Turasóireacht agus léiriúcháin ar fud oileán na hÉireann agus go hidirnáisiúnta;
  • Comhoibriú earnáil na scáileán agus digitithe earraí cultúrtha;
  • An Ghaeilge agus teanga, cultúr agus oidhreacht na hUltaise.

Déanfaidh Ranna ábhartha tuilleadh forbartha ar chláir i gcomhar lena macasamhlacha san Fheidhmeannacht agus i Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Tionscadail Infheistíochta sna hEalaíona:

I mí Mheán Fómhair 2023, d'fhógair an Rialtas cúig thionscadal nua faoi Infheistíochta Ealaíon Oileáin Chomhroinnte. Le €7.4 milliún ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte, tacófar le soláthar na dtionscadal infheistíochta caipitil sna hEalaíona ar an oileán agus is iad an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann a sholáthróidh iad.

Is iad a leanas na cúig thionscadal Oileáin Chomhroinnte a mhaoineofar:

  • Cartlann Ailtireachta na hÉireann (IAA) – €100K chun digitiú agus inrochtaineacht fheabhsaithe a chur ar fáil do thaifid ailtireachta uile-oileáin.
  • Institiúid Scannánaíochta na hÉireann (IFI) – €200K chun cartlann scannánaíochta amaitéaraí i dTuaisceart Éireann agus réigiún na teorann a chruthú agus a choimeád. Oibreoidh IFI le comhpháirtithe chun scannáin ón gcartlann seo a thaispeáint do luchtanna féachana ar líne agus go réigiúnach.
  • Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) – €1 mhilliún chun spás stiúideo agus digitiú a fhorbairt. Forbróidh ITMA spás stiúideo chónaithe nua agus feabhsóidh sé a chumas digitithe chun comhoibriú uile-oileáin a chur chun cinn i measc Ealaíontóirí agus Cartlannaithe.
  • Ionad Tyrone Guthrie ag Loch Eanach Mhic Dheirg – suas le €1.5 milliún le stiúideo nua amharc-ealaíontóirí a thógáil. Stiúideo le haghaidh ealaíontóirí de gach sórt, idir Éire agus Tuaisceart Éireann go malartach, ag Ionad Tyrone Guthrie ag Loch Eanach Mhic Dheirg.
  • Cónaitheachtaí scríbhneora Bhábhún Bhaile Eachaidh – suas le €4.6 milliún chun cónaitheachtaí a fhorbairt ag an mBábhún stairiúil i mBaile Eachaidh le saoráid chónaithe trasteorann a chruthú do scríbhneoirí ina bhféadfaidh siad a bheith ag obair agus ag idirghníomhú i bhfoirgneamh spreagúil agus stairiúil in aice le háit bhreithe Seamus Heaney agus an áit ar chónaigh sé le linn a óige.

Tá tuilleadh eolais faoi na tionscadail seo ar fáil anseo.

An Ghaeilge agus teanga, cultúr agus oidhreacht na hUltaise:

  • €2 mhilliún le haghaidh tionscadail trasteorann don Ghaeilge agus do theanga, cultúr agus oidhreacht na hUltaise, lena n-áirítear maoiniú chun saoráidí, arna reáchtáil ag an bpobal, agus imeachtaí cultúrtha trasteorann a fhorbairt.

An tAthbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin

I mí Iúil 2024, sheol an Rialtas an tAthbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin, a choimisiúnaigh an Roinn Iompair in Éirinn i gcomhar leis an Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann. Leagtar amach sa tuarascáil fís straitéiseach d’fhorbairt córais iarnróid ar fud oileán na hÉireann sna blianta amach romhainn agus leagtar amach 32 moladh straitéiseach chun feabhas a chur ar chóras iarnróid na hÉireann agus Thuaisceart Éireann suas go 2050, a ailíníonn le gealltanais neodrachta carbóin sa dá dhlínse.

Tá sé mar aidhm ag na moltaí caighdeán an chórais iarnróid a athrú chun sochair paisinéirí agus na sochaí níos leithne ar an oileán, a chuimsíonn cumas ráillí, leictriúchán, luasanna feabhsaithe, minicíochtaí seirbhíse níos fearr agus bealaí nua.

Leanfaidh an Rialtas ag obair le Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann, Rialtas na Breataine agus comhpháirtithe eile chun infheistíochtaí trasteorann a sholáthar i gcomhar a chéile a chuireann lenár n-oileán comhroinnte.

Canáil Uladh

I mí an Mheithimh 2024, rinneadh an Rialtas comóradh oifigiúil ar chríochnú Chéim 2 d’athchóiriú Chanáil Uladh i gCluain Eois, Contae Mhuineacháin.

Tá an chanáil athchóirithe anois idir Cluain Fada agus Cluain Eois agus tá sí oscailte do loingseoireacht, in éineacht le muiríne mhór báisín canála agus limistéar áiseanna i gCluain Eois – arb ionann é sin agus garsprioc thábhachtach agus chinniúnach don tionscadal athchóirithe trasteorann seo. Tá tús curtha le hobair Chéim 3 chun Caisleán Saunderson a nascadh le Cluain Fada. Cuimsíonn an chéim seo athchóiriú an stráice 10km canála a nascfaidh Céimeanna 1 agus 2. Canáil Uladh.

Le hathchóiriú na canála cuirfear áis nua ar fáil do phobail ar fud cheantar tuaithe na teorann le sult a bhaint aisti, chomh maith le ceann scríbe turasóireachta tábhachtach nua le deiseanna do ghnóthaí nua oscailt agus do ghnóthaí atá ann cheana féin a fhás.

I mí Aibreáin 2021 agus mí Iúil 2022, d'fhógair an Rialtas níos mó ná €57 milliún mar mhaoiniú le haghaidh Chéim 2 agus Chéim 3 de Chanáil Uladh.

Fuarthas maoiniú breise €5 mhilliún ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun an tionscadal a chur chun cinn.

Droichead Chaol Uisce

D’fhógair an Rialtas i mí an Mheithimh 2024 go gcuirfear tús le Droichead Chaol Uisce a thógáil. Tá leithdháileadh €102 milliún + CBL á dhéanamh ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte le haghaidh an chonartha chun an tionscadal seo a chur i gcrích.

Gealltanas seanbhunaithe de chuid an Rialtais is ea an droichead, gealltanas a léirítear i gClár an Rialtais agus sa Chomhaontú Deacáid Nua, Cur Chuige Nua, 2020. Déanfaidh an droichead ceangal idir na Beanna Boirche agus leithinis Chuaille, agus cuirfidh sé borradh mór faoin turasóireacht agus an nascacht i gceantar na teorann thoir, agus feabhas á chur ar thaisteal trasteorann agus gníomhaíochtaí áineasa lena n-áirítear forbairt glasbhealaí, conairí siúil agus áiseanna páirce.

Reáchtáil Comhairle Contae Lú próiseas tairisceana do phríomhoibreacha tógála an tionscadail in 2023, i gcomhréir leis an gCód Caiteachais Phoiblí agus arna maoirsiú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhairle leis an Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann.

Tá cead pleanála i bhfeidhm do dhroichead staghcháblaí sainiúil, 280m ar fad agus daingnithe le dhá thúr ag an dá cheann, le lánaí scartha do ghluaisteáin, do rothair agus do choisithe.

Tá an tionscadal á mhaoirsiú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhar le Comhairle Contae Lú agus i gcomhairle leis an Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann.

Conair Iompair Iarthuaisceart an A5

A5

Dheimhnigh an Rialtas ceangaltas €600 milliún i bhFeabhra 2024 i dtreo Chonair Iompair Iarthuaisceart an A5.

Dheimhnigh an Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann le déanaí go bhfuair scéim an A5 tuarascáil deiridh fiosrúcháin phoiblí ón gCoimisiún um Achomhairc Pleanála. Má éiríonn leo na próisis reachtúla a chur i gcrích agus má fhaightear cistiú, d’fhéadfaí cinneadh a dhéanamh leanúint ar aghaidh leis an tógáil a thosú roimh dheireadh 2024.

Nuair a chuirtear tábhacht scéim an A5 – agus uasghráduithe gaolmhara TEN-T Dhún na nGall agus N2 Chluain Tiobrad san áireamh – do réigiún an Iarthuaiscirt agus do nascacht trasteorann ar an oileán; agus an scóip don tionscadal leanúint ar aghaidh i dTuaisceart Éireann, d’aontaigh an Rialtas le ceangaltas a mhéid le €600m a sholáthar do thionscadal uasghrádaithe bhóthar an A5 i dtreo a chostas anuas ar obair phleanála agus dhearaidh a chur chun cinn ar scéimeanna TEN-T gaolmhara N2 Chluain Tiobrad agus Dhún na nGall.

Beartaítear go dtacaíonn deimhniú cheangaltas cistithe an Rialtais le leanúint ar aghaidh leis an tionscadal a luaithe agus is féidir, sa mhullach ar dheimhniú go gcuirfear cistiú ar fáil ó fhoinsí eile ón Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann.

Páirc Mhic Easmainn

D'fhaomh an Rialtas ranníocaíocht de suas le €50 milliún trí Chiste an Oileáin Chomhroinnte chun cur le hathfhorbairt Pháirc Mhic Easmainn i mBéal Feirste mar thionscadal suntasach bonneagair spóirt.

Is í Comhairle Uladh Chumann Lúthchleas Gael (CLG) úinéir agus bainisteoir an tionscadail athfhorbartha i gcomhar le húdaráis Thuaisceart Éireann, atá ag obair le pacáiste maoiniúcháin a chur le chéile chun an staid athfhorbartha a chur i gcrích.

Aontóidh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt ranníocaíocht maoinithe an Rialtais in éineacht le CLG, agus cuirfear ar aghaidh í i gcomhar lena macasamhlacha i dTuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe.

I gcomhréir le beartas an Rialtais maidir le maoiniú do bhonneagar spóirt ar scála mór, aontófar prionsabail mhaoinithe an tionscadail ionas go mbeidh sé inrochtana do raon luchtanna spóirt agus go mbainfidh siad tairbhe as, go n-oibreofar é chun comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht sa spórt a éascú, lena n-áireofar tacú le caidrimh thrasteorann i dTuaisceart Éireann agus ar fud an oileáin.

Seirbhís Iarnróid Bhéal Feirste agus Bhaile Átha Cliath

Dublin Belfast Rail

Tá sé deimhnithe ag an Rialtas go dtabharfar isteach seirbhís iarnróid gach uair an chloig idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath. Tá €12.5 milliún maoiniúcháin leithdháilte ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte ó mhí Feabhra 2024, agus cómhaoiniú curtha ar fáil ag an Roinn Iompair, arb ionann é sin agus costas iomlán na seirbhíse nua gach uair an chloig idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath thar thréimhse thosaigh trí bliana.

Leis an tseirbhís gach uair an chloig, feabhsaítear go mór an nascacht iompair inbhuanaithe idir an dá chathair is mó ar an oileán agus spreagfar ceangail eacnamaíocha agus shóisialta ar fud réigiún chonair eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feirste agus ar fud an oileáin.

Láthair Chath na Bóinne

Gheall an Rialtas i bhFeabhra 2024 €10 milliún a sholáthar i dtreo infheistíocht mhór in eispéireas cuartaíochta athnuaite do láthair Chath na Bóinne.

Dheimhnigh an Rialtas infheistíocht mhór in eispéireas cuartaíochta athnuaite a fhorbairt do láthair Chath na Bóinne mar thosaíocht le próifíl oidhreachta agus turasóireachta na láithreach a ardú a bhfuil tábhacht uathúil stairiúil agus phobail aige ar an oileán. Rinneadh an gealltanas cistithe seo ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte mar chuid den phacáiste cistithe foriomlán don tionscadal, a luaithe a thabharfar chun críche é. Tabharfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí (an OPW) an obair seo chun cinn bunaithe ar Phlean Bainistíochta Caomhantais don láthair agus i gcomhairle le pobail an Tuaiscirt agus an Deiscirt.

Cheannaigh an Stát Eastát an tSeandroichid in 2000, mar gheall ar a thábhacht náisiúnta mar láthair Chath na Bóinne stairiúil. Tar éis athchóiriú agus forbairt fhorleathan, osclaíodh Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne, atá lonnaithe i dTeach an tSeandroichid, don phobal i samhradh 2008.

Choimisiúnaigh an OPW Plean Bainistíochta Caomhantais nuashonraithe in 2022, agus tá sé curtha i gcrích anois. Tá mar chuspóir ag an bplean seo láthair Chath na Bóinne a chur i láthair agus a léirmhíniú go híogair. Treoróidh an Plean forbairt na láithreach amach anseo, an méid seo a leanas ina measc:

Caomhnú agus cosaint fhoriomlán na láithreach a chinntiú;

  • An fhéidearthacht a chur san áireamh chun idirghníomhú pobail Thuaidh-Theas a dhoimhniú agus athmhuintearas a thabhairt chun cinn.
  • Cur leis an gclár turasóireachta agus geilleagrach don Mhí agus do Lú Theas.

D’fháiltigh an tEastát in 2022 roimh nach mór 500,000 cuairteoir, agus fáiltíodh san Ionad Cuairteoirí sa teach roimh 40,000 cuairteoir chuig an taispeántas. Stiúrfaidh an OPW an obair leis an tairiscint do chuairteoirí chuig an Eastát a fhairsingiú fiú níos mó sna blianta amach anseo.

Scéim Fiontraíochta an Oileáin Chomhroinnte

Leithdháil an Rialtas €30 milliún ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte le haghaidh Scéim Fiontair nua an Oileáin Chomhroinnte i mí Feabhra 2024.

Tá Idir-Thrádáil Éireann, Fiontraíocht Éireann agus Invest Northern Ireland, i gcomhairle leis an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta agus leis an Roinn Geilleagair i dTuaisceart Éireann, ag dul chun cinn le scéimeanna chun fiontraíocht i measc na mban; líonraí agus grúpaí trasteorann; agus infheistíocht san inbhuanaitheacht agus i nuálaíocht a chur chun cinn.

Is féidir tuilleadh sonraí faoi Scéim Fiontair an Oileáin Chomhroinnte a fháil anseo.

Gnóthachtáil Oideachais

Leithdháil an Rialtas a mhéid le €24 milliún i bhFeabhra 2024 i dtreo clár píolótach comhoibrithe chun dul i ngleic le tearcghnóthachtáil oideachais.

Oibreoidh an Roinn Oideachais agus an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann chun clár píolótach comhoibrithe maidir le tearcghnóthachtáil oideachais a fhorbairt agus a thabhairt isteach.

Beidh an clár píolótach comhoibrithe seo ar siúl ó 2024 agus 2025 agus beidh gnéithe ann maidir le malartú taighde múinteoirí, an chruthaitheacht i scoileanna, agus tacaíochtaí chun dul i ngleic le tearcghnóthachtáil oideachais.

Déanfaidh an Roinn Oideachais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann an clár comhoibrithe a fhorbairt níos mó, faoi réir chomhaontú na nAirí sa dá Rialtas. Má chomhaontófar, leanfar leis an gclár in 2026 agus 2027 agus cuirfear acmhainní breise ar fáil trí Chiste an Oileáin Chomhroinnte.

Glasbhealach Chairlinn

Leithdháil an Rialtas €1.5 milliún i dtreo Glasbhealach Chairlinn a chríochnú.

Cuirfidh an cistiú a leithdháileadh ar chumas gné de Ghlasbhealach Chairlinn trasteorann atá le críochnú go fóill a chur i gcrích – struchtúr clárchosáin 1.6km lasmuigh den Iúr. Tá cistiú á sholáthar chomh maith ag an Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann agus tacaítear le rannóga eile an Ghlasbhealaigh faoi chlár INTERREG VA.

Déanann an Roinn Iompair, ag obair le Comhairle Contae Lú agus Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin maoirseacht ar an tionscadal i gcomhairle leis an Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann.

Tagann an tionscadal leis an gcuspóir faoin bPlean Forbartha Náisiúnta le gréasán glasbhealaí i réigiún na teorann ar fud an oileáin ó chósta an Atlantaigh go bord farraige an Oirthir, agus tá cur chuige féideartha á fhiosrú go gníomhach ag an Roinn Iompair freisin le bealaí reatha glasbhealaigh i réigiún na teorann a nascadh le sócmhainn chlaochlaitheach bhonneagair ghlais a fhorbairt do chónaitheoirí agus chun turasóireacht inbhuanaithe a fhás.

Oidhreacht Dhomhanda UNESCO

Leithdháil an Rialtas cistiú i bhFeabhra 2024 i dtreo príomhláithreáin dhomhanda UNESCO faoi Chiste an Oileáin Chomhroinnte.

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta) ag oibriú le Réadlann Réalteolaíoch na hÉireann (AOI) - comhpháirtíocht idir Faireachlann Dhún Sinche, Faireachlann agus Pláinéadlann Ard Mhacha, agus Foras Eolaíochta agus Oidhreachta Bhiorra - chun tacú le cur isteach ar stádas Oidhreacht Dhomhanda UNESCO mar shaothar trasteorann maoine agus indéantachta i dtaobh conas luach uathúil ceangailte oidhreachta eolaíochta agus tógtha na dtrí láithreán a shaothrú sna blianta amach romhainn.

Tá Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ag leanúint ag tacú freisin leis an gcur isteach ar Mhaoin Oidhreachta Domhanda trasteorann Láithreáin Ríoga na hÉireann (Eamhain Macha in Ard Mhacha san áireamh), a cuireadh san áireamh ar Liosta Sealadach Oidhreachta Domhanda na hÉireann in 2021.

Campas Ollscoil Uladh i nDoire

Ar an 10 Meitheamh 2023, gheall an Rialtas suas le €44.5m ón gCiste um Oileán Comhroinnte chun foirgneamh nua teagaisc agus seirbhísí do mhic léinn a thógáil ar champas Ollscoil Uladh i nDoire. Cuireann sé seo i ngníomh an tiomantas a thug an Rialtas faoin gcomhaontú Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua go ndéanfaí infheistíocht chaipitil sa champas ar mhaithe leis an soláthar ardoideachais i réigiún an Iarthuaiscirt a leathnú amach.

Tá an foirgneamh teagaisc mar chuid den phlean forbartha atá ag Ollscoil Uladh campas a chur ar fáil, rud a chuirfidh le líon na mac léinn i nDoire. Cuirfidh sé spásanna breise le haghaidh léachtaí agus seimineár ar fáil, chomh maith le saotharlanna ríomhaireachta agus seirbhísí do mhic léinn ar an gcampas. Tá gné láidir trasteorann ag baint leis an tionscadal, agus é ag tacú go díreach leis an soláthar suntasach breise, atá ann ó thaobh cúrsaí fochéime agus cúrsaí iarchéime agus an comhoibriú ar thaighde idir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (Dún na nGall) agus Ollscoil Uladh.

Déanfaidh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus a Roinn ranníocaíocht mhaoinithe an Rialtais a chur chun cinn ag obair le hOllscoil Uladh agus i gcomhairle go leanúnach leis an Roinn Geilleagair i dTuaisceart Éireann.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Ionad faoisimh agus teiripeach do leanaí a bhfuil ailse orthu agus dá dteaghlaigh

Tá €2.5m leithdháilte ag an Rialtas ón gCiste um Oileán Comhroinnte i dtreo an chostais a bhaineann le hionad faoisimh agus teiripeach saintógtha a thógáil do leanaí a bhíonn diagnóisithe le ailse agus dá dteaghlaigh, ó gach cearn d'oileán na hÉireann.

Tá pacáiste maoinithe foriomlán á chur le chéile ag an Aire Sláinte agus a Roinn, agus fógrófar é in éineacht le tuilleadh eolais faoin tionscadal. Tá an tionscadal ailínithe leis an Straitéis Náisiúnta Ailse 2017-2026 agus cuirfidh sé leis an gcomhoibriú Thuaidh/Theas atá ann cheana maidir le cúram ailse.

Clár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide

I mí Feabhra 2023, d'fhógair an Rialtas maoiniú €27 milliún don Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide, clár a thacaíonn le tionscadail agus tionscnaimh a éascaíonn gníomhú pobail ar son na haeráide trí oideachas, méadú cumais agus foghlaim trí ghníomhaíocht.

Osclaíodh snáithe an Oileáin Chomhroinnte (snáithe 1a) den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide i mí na Nollag 2023 le maoiniú €3m ar fáil chun tacú le tionscnaimh thrasteorann agus uile-oileáin um ghníomhú ar son na haeráide arna reáchtáil ag pobail agus údaráis áitiúla chun cuidiú le spriocanna comhchoiteanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach, ó Thuaidh agus ó Dheas.

Is tionscnaimh um ghníomhú ar son na haeráide, arna dtreorú ag an bpobal, iad tionscadail shnáithe 1a, le comhpháirtí i dTuaisceart Éireann, agus tá íosmhéid 50% den mhaoiniúchán bronnta le haghaidh sholáthar an tionscadail i dTuaisceart Éireann. Tá níos mó ná 40 tionscadal rathúil de chuid shnáithe 1a ag bogadh ar aghaidh agus á soláthar, tionscadail a phléann leis na téamaí seo a leanas: fuinneamh pobail, taisteal, bia agus cur amú, siopadóireacht agus athchúrsáil, agus gníomhú áitiúil ar son na haeráide agus an chomhshaoil.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil nó trí theagmháil a dhéanamh leis an oifigeach um ghníomhú ar son na haeráide san údarás áitiúil ábhartha in Éirinn.

Comh-Lárionaid um Thaighde agus Nuálaíocht

I mí na Nollag 2022, d'fhógair Simon Harris, Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Aire Eolaíochta agus Slándála Infheistíochta na Ríochta Aontaithe, Nusrat Ghani MP agus Aire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe Thuaisceart Éireann, Edwin Poots CTR, os cionn €74 milliún d'infheistíocht chun comhionaid taighde chomhoibríocha nua a chruthú ar fud na hÉireann, na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

I ndiaidh glaoch iomaíoch maoiniúcháin a reáchtáil Fondúireacht Eolaíochta Éireann, seoladh dhá ionad taighde agus tá siad i bhfeidhm faoi láthair.

Seoladh an Comh-Lárionad Aeráide + Bithéagsúlachta + Uisce i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ar an 8 Bealtaine 2024. Is comhoibriú é an Co-Lárionad idir Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; agus Ollscoil Reading, an Ríocht Aontaithe.

Seoladh an Comh-Lárionad do Chórais Bia Inbhuanaithe sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), ar an 29 Bealtaine 2024. Tá an Co-Lárionad comhbhainistithe ag UCD; Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; agus Ollscoil Sheffield.

Athchóiriú Tailte Portaigh

I mí na Nollag 2022, d'fhógair an Rialtas €15 mhilliún i dtreo comhoibriú trasteorann nua in athchóiriú tailte portaigh agus bainfear úsáid as maoiniú chun cur leis an gcumas ag leibhéil áitiúla agus náisiúnta trí scéimeanna uasoiliúna, oiliúna agus oideachais agus trí obair athchóirithe.

Roghnófar suíomhanna in Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus in Albain le go bhféadfar athshlánú praiticiúil a dhéanamh ar thailte portaigh, acmhainneacht a fhorbairt i dtaca le bainistiú fadtéarmach ar thailte portaigh, tabhairt faoi thaighde agus monatóireacht, eolas a mhalartú, agus aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí soch-chultúrtha i suíomhanna éagsúla athshlánaithe. Áirítear orthu sin athshlánú a dhéanamh ar thailte príobháideacha agus ar thailte poiblí, léargas a thabhairt ar thionchar an chreimthe, tailte portaigh a bhí draenáilte a athghníomhachtú, athchóiriú foraoise go portach, speicis choimhthíocha ionracha a rialú, aghaidh a thabhairt ar bhrú ó innilt, rannpháirtíocht an phobail a fheabhsú agus cur leis an oideachas agus leis an bhfeasacht.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin infheistíocht seo anseo.

Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte um speicis ionracha agus bithshlándáil

I mí na Nollag 2022, d'fhógair an Rialtas infheistíocht €1 mhilliún i gcomhpháirtíocht nua uile-oileáin maidir le speicis ionracha agus bithshlándáil, chun acmhainní éiceolaíocha ar leith oileán na hÉireann a chosaint. Áireofar leis sin measúnú riosca straitéiseach uile-oileáin agus anailís ar threochtaí na speiceas ionrach; straitéis bithshlándála; ailíniú na mbealaí gníomhaithe agus an phlean teagmhais faoi láthair agus amach anseo; agus clár eolaíochta saoránach maidir le speicis ionracha.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat