Comhaontaíonn an Chomh-aireacht bearta breise chun níos mó tithe a thógáil níos tapúla
-
Ó: Roinn an Taoisigh; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
- Foilsithe: 25 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 15 Bealtaine 2023
• tobhaigh forbartha a chaitheamh i dtraipisí chun níos mó gníomhaíochta tógála a spreagadh
• deontais níos airde chun níos mó réadmhaoine foilmhe a thabhairt ar ais in úsáid
• tosú ar an obair faoi Chíos Costais ar na mílte árasán cíosa ar phraghas inacmhainne nach bhfuil á gcur chun cinn faoi láthair
• tosaíodh ar líon tithe níos mó ná mar a bhí riamh a thógáil sa chéad ráithe
D’aontaigh an Rialtas inniu bearta breise faoin bPlean Tithíochta do Chách chun é a dhéanamh níos saoire tithe a thógáil agus a athchóiriú, dlús a chur le tógáil tithe agus costais tógála a laghdú ar bhonn comhchoiteann.
Cuirfidh na bearta nua leis an dul chun cinn atá déanta againn cheana féin i mbliana, agus obair tosaithe ar 7,349 teach sna chéad trí mhí de 2023, líon tithe níos mó ná mar a bhí riamh.
Is éard atá sna bearta sin:
1. An costas tógála a laghdú: trí na tobhaigh forbartha a theastaíonn chun tithe nua a nascadh le bóithre, uisce agus seirbhísí eile a chaitheamh i dtraipisí, agus trí thobhaigh forbartha a fhóirdheonú, ag sábháil suas le €12,650 in aghaidh an tí ar an meán. Laghdóidh sé sin an costas a bhaineann le teach a thógáil agus ní bheidh feidhm aige ach ar feadh tréimhse teoranta chun gníomhú mar dhreasacht.
2. An luas a mhéadú ag a ndéantar athchóiriú ar réadmhaoin fholamh agus thréigthe le haghaidh tithíocht nua: trí dheontais a mhéadú chun an costas a bhaineann le tithe folmha a athchóiriú a laghdú agus é a dhéanamh níos éasca iarratas a dhéanamh. Méadófar an Deontas um Athfheistiú Réadmhaoine Foilmhe ó €30,000 go €50,000 le haghaidh réadmhaoin fholamh agus ó €50,000 go €70,000 le haghaidh réadmhaoin thréigthe, sínfear é chun tithe a tógadh suas go dtí 2007 a chlúdach, agus beidh sé ar fáil le haghaidh réadmhaoine atá beartaithe a ligean ar cíos chomh maith le réadmhaoin úinéir-áitithe.
3. Maoiniú ón Rialtas chun árasáin inacmhainne a thógáil faoi Chíos Costais: chun tosú ag obair ar na mílte árasán cíosa ar phraghas inacmhainne a bhfuil cead pleanála acu ach nach bhfuil á gcur chun cinn — arís, fóirdheontas suntasach ar feadh tréimhse teoranta amháin chun dlús a chur le tógáil. Tá sé comhaontaithe ag an Rialtas suas le €750 milliún a ghealladh tríd an nGníomhaireacht Forbartha Talún agus soláthraithe eile mar chuid den tionscnamh seo chun 4,000 go 6,000 árasán breise ar phraghas inacmhainne a chríochnú faoin gcóras Cíosa Costais.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar:
“Tá Tithíocht do Chách ag obair. Faoi láthair tá thart ar 400 duine ag ceannach a gcéad teach gach seachtain, an figiúr is airde ó bhí an Tíogair Cheilteach ann. Tá an t-aschur tithíochta sóisialta is fearr againn ó na 1970idí. Tar éis moillithe, tá teacht aniar i líon na dtithe atá á dtógáil. Agus is dócha go mbainfimid ár sprioc fhoriomlán amach arís i mbliana. Ach ní mór dúinn níos mó a dhéanamh.
“Tá a fhios againn nach leor ár spriocanna féin a bhaint amach. Tá easnamh ollmhór sa tithíocht agus táimid ar gcúl. Is é ár misean an conradh sóisialta a athbhunú agus cúrsaí a réiteach ionas go mbeadh sé d’acmhainn ag formhór an daonra teach a cheannach. Nuair a athcheapadh mar an Taoiseach mé, dúirt mé nach dtógfaí aon rogha den bhord. Is éard atá sa Phacáiste Tithíochta a cheadaigh an Chomh-Aireacht inniu ná dlús a chur le Tithíocht do Chách. Tagann sé ón gcomhairle eatramhach a thug an Coimisiún Tithíochta don Rialtas i mí Feabhra agus ón gCruinniú Mullaigh ar an dTithíocht i mí Eanáir.
“Táimid ag súil go mbeidh tionchar láithreach ag na gníomhartha seo agus go méadóidh siad líon na dtithe a thógfar sna blianta amach romhainn. Ba chóir go ndéanfaí dul chun cinn i dtéarmaí na gceadanna pleanála neamhghníomhaithe sin a bhuí leis an bpacáiste agus go dtabharfadh sé spreagadh do lánúin óg réadmhaoin fholamh nó thréigthe a cheannach, rud a mbainfeadh an úsáid is fearr as an stoc tithíochta atá againn cheana féin. Tá bealach fada romhainn, ach is mó an mhuinín atá agam anois ná mar a bhí riamh go bhfuilimid ar an mbealach ceart.”
Dúirt an Tánaiste Micheál Martin:
“Is í an tithíocht príomhthosaíocht an Rialtais seo, agus tá Tithíocht do Chách ag obair. An réiteach ar deireadh thiar ná soláthar tithe nua. In 2022, thógamar níos mó tithe sóisialta ná mar a thógamar le beagnach leathchéad bliain, agus is ionann líon na dtithe a críochnaíodh anuraidh agus 45% níos mó ná an bhliain roimhe sin.
“Tá an infheistíocht is mó riamh á cur ar fáil againn arís i mbliana chun tithe slána inacmhainne a thabhairt do níos mó daoine agus teaghlach, agus chun borradh a chur faoi thithe nua a thógáil ar scála.”
Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair, Eamon Ryan:
"D’fhoilsíomar tograí radacacha an tseachtain seo caite chun a chinntiú go mbainfidh pobail tairbhe as méaduithe ar luach talún a eascraíonn as athchriosú talún. Bainfidh pobail tairbhe as an mborradh seo i bhfoirm bonneagair mhéadaithe tithíochta. Le cur i bhfeidhm na Cánach Talún Criosaithe Cónaithe nua, táimid ag tabhairt aghaidh ar amhantraíocht talún agus ar thaisceadh talún, ar foinsí móra míbhainistíochta talún iad. Cabhróidh na hathchóirithe seo lena chinntiú go gcuirfear tithíocht ar fáil gan chostais amhantracha nach bhfuil gá leo de bharr mhíbhainistiú na talún.”
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien:
“An tseasmhacht is mó a d’fhéadfadh a bheith ag daoine ná a dteach féin a bheith acu. Sin é an fáth gur tosaíocht don Rialtas é úinéireacht tí a mhéadú. Tá réimse mórnuálaíochtaí tugtha isteach againn trí Thithíocht do Chách, lena n-áirítear an Scéim Chéad Teach, a thug tacaíocht do 1,336 ceannaitheoir cé nach bhfuil ann di ach le tréimhse ghearr anuas, agus an deontas folúntais nua a bhfuil an-tóir air. Tá tús láidir curtha againn freisin le tithíocht inacmhainne a chur ar fáil faoi Thithíocht do Chách. I mbliana déanfar níos mó tithe a chur ar fáil ar mhaithe le ceannach nó cíos inacmhainne de réir mar a ghéaraíonn luas an tseachadta.”
Tá an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Tithíocht do Chách foilsithe ag an Rialtas freisin don chéad trí mhí de 2023; bhí tús maith leis an mbliain agus obair tosaithe ar líon tithe níos mó ná mar a bhí riamh sa chéad ráithe.
Tá dul chun cinn leanúnach déanta ar raon beart tábhachtach freisin, lena n-áirítear glacadh leanúnach leis an Scéim Chéad Teach, cead pleanála ón nGníomhaireacht Forbartha Talún do bhreis is 1,100 teach, acmhainn bhreise don Bhord Pleanála agus €41 milliún i maoiniú caipitil ceadaithe do chóiríocht do mhic léinn. Rinneadh dul chun cinn maidir le roinnt athchóirithe bunúsacha i mbainistiú agus pleanáil talún, agus cuireadh nuálaíocht san earnáil tógála chun cinn.
Tá obair á déanamh ar mhórmhéid tithíochta sóisialta agus inacmhainne; tá níos mó ná 19,000 teach sóisialta ag céimeanna éagsúla tógála agus tá os cionn 2,700 teach níos inacmhainne ceadaithe cheana féin le haghaidh maoinithe.
Nótaí
Tithíocht do Chách: Éachtaí i Ráithe 1 2023
Tá méadú ar sholáthar tithe a bhfuil géarghá leo ag croílár Tithíochta do Chách. Le linn R1, rinneadh an dul chun cinn seo a leanas i dtreo na sprice sin:
Cuireadh tús le hobair tógála ar 7,349 teach le linn R1, arb ionann é agus méadú 5% ar an ráithe chéanna anuraidh.
Cur chun cinn na nuálaíochta i gcur ar fáil tithe sóisialta trí chlár píolótach chun 1,500 teach sóisialta a chur ar fáil ag úsáid modhanna nua-aimseartha tógála.
Cuirfidh leasuithe ar shamhail mhaoinithe na Saoráide Léasaithe um Réamhíocaíochtaí Caipitil (CALF) ar chumas Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta níos mó tithe sóisialta a chur ar fáil ar fud na tíre.
Idir sheoladh na Scéime Chéad Teach agus deireadh R1, ceadaíodh 1,336 ceannaitheoir faoin scéim agus fuair na ceannaitheoirí sin teastais incháilitheachta chun a dtithe a cheannach. Chláraigh 3,556 ceannaitheoir féideartha a spéis sa Scéim, agus fuarthas 1,000 léiriú spéise nua i R1 2023. Tugadh 82% de na ceaduithe ar fad do cheannaitheoirí i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i gCill Dara, sa Mhí agus i gCill Mhantáin, agus fuair ceannaitheoirí i 19 gcontae ar fud na hÉireann na cinn eile.
Tá 1,850 teach Cíosa Costais eile le cur ar fáil in 2023, lena n-áirítear tríd an nGníomhaireacht Forbartha Talún.
Tá sé beartaithe ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún 5,000 teach a chur ar fáil faoin Scéim Tionscadail Tosaigh. I measc na dtithe atá á gcur ar fáil faoin Scéim tá tithíocht ceannaigh inacmhainne i Mala, Co. Chorcaí agus i bPort Láirge, agus 48 teach cíosa costais ag Coill an Áirséaraigh, Deilgne ina bhfuil daoine ina gcónaí agus 94 ceann eile fógartha, le cíosanna ag tosú ó €1,220, go mór faoi bhun chíos an mhargaidh don cheantar. Chomh maith leis sin, tá an Ghníomhaireacht Forbartha Talún ag obair ar 247 teach ar cíos de réir costais a chur ar fáil i bPáirc Hans i mBaile Átha Cliath 15 agus ar 95 ceann eile a chur ar fáil i bhFearann na Páirce, Iarthar na Cathrach i mBaile Átha Cliath.
Tugadh Cead Pleanála don Ghníomhaireacht Forbartha Talún le haghaidh 1,162 teach do shuíomhanna i bhFearann an Chaisleáin, i mBaile Brigín (817) agus i mBaile an Haicéadaigh, na Sceirí (345).
Scéim Croí Cónaithe (Cathracha): Tá an Ghníomhaireacht Tithíochta ag tabhairt chun críche anois breithmheasa ar thionscadail a d’fhéadfadh suas le 1,750 árasán úinéir-áitithe a chur ar fáil. Eisíodh litreacha Intinne d’iarratasóirí ar éirigh leo, d’fhonn conarthaí a dhéanamh ar an gcéim bhreithmheasa/díchill chuí dheireanach a thabhairt chun críche. Tá an dara glao faoi Scéim Croí Cónaithe (Cathracha) le heisiúint i R2 2023.
Cumas an Bhoird Pleanála – 59 post nua ceadaithe, rud a fhágann go mbeidh 117 post nua cruthaithe ó 2021 i leith, méadú de bheagnach 60% ar acmhainní, poist a bheidh i bhfeidhm faoi dheireadh 2023.
Cóiríocht do Mhic Léinn – cheadaigh an Rialtas maoiniú caipitil €41 milliún chun 405 leaba a fhorbairt mar aon le leapacha breise cóiríochta saintógtha do mhic léinn, a bhfuil cead pleanála acu le haghaidh forbartha, ar an gcampas in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá rannpháirtíocht leanúnach ar siúl leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh maidir le tionscadail den chineál céanna.
Acmhainn Earnála Foirgníochta – 1,250 Clárúchán Printíseachta, arb ionann é agus méadú 8% ar R1 22. Tháinig méadú 33% ar Dheimhniúcháin Phrintíseachta i R1 22. Ina theannta sin, tá tionscnaimh ar bun chun scileanna a earcú go hidirnáisiúnta agus chun gairmeacha san earnáil tógála intíre a chur chun cinn.
Athchóiriú bunúsach ar ár gcóras pleanála chun é a dhéanamh níos éifeachtúla, níos trédhearcaí, níos éasca le húsáid agus níos comhsheasmhaí sa chinnteoireacht. Tá grinnscrúdú réamhreachtach ar reachtaíocht chun an córas pleanála a athchóiriú curtha i gcrích anois. Déanfar an tuarascáil agus a cuid moltaí a bhreithniú go hiomlán sula dtéann an bille ar aghaidh trí Thithe an Oireachtais.
Tá tuairimí á lorg ón bpobal maidir leis an gcur chuige is fearr i leith cineálacha tithíochta níos dlúithe agus níos éagsúla a chruthú.
Tá reachtaíocht foilsithe ina ndéantar foráil maidir le muirear nua 30% um Chomhroinnt Luacha Talún (CLT) a imfhálú chun a chinntiú go mbainfidh údaráis áitiúla agus pobail tairbhe as sciar níos cothroime i méaduithe ar luach talún a eascraíonn as cinntí Stáit a bhaineann le criosú talún. Is freagairt é seo ar dhúshlán a aithníodh chomh fada siar le Tuarascáil Kenny i 1973.
Foilsíodh reachtaíocht do Chriosanna Forbartha Uirbí (CFUnna), coincheap nua a bhfuil sé mar aidhm aige cur chuige comhordaithe agus pleanbhunaithe a chur ar fáil maidir le forbairt chónaithe agus uirbeach a chur ar fáil ar scála. Áirítear leis na CFUnna limistéir ar mhórscála atá tearcúsáidte ar a bhféadfaí forbairt shuntasach a dhéanamh ar mhaithe le tithíocht agus chun críocha eile, go ginearálta laistigh de phobail atá ann cheana nó gar dóibh.
Tá anailís déanta ar infhaighteacht talún chun tithe sóisialta agus inacmhainne a chur ar fáil go dtí 2030. Leagadh béim san anailís ar thalamh breise a fháil chun 24,000 teach sóisialta a chur ar fáil idir seo agus 2030. Tá ciste fála talún curtha i bhfeidhm chun tacú leis an earnáil aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin.
Plean Staidéir agus Gníomhaíochta maidir le Costas Tógála – Is ionann costais tógála faoi láthair agus thart ar 50% de na costais iomlána soláthair. Chun costais a laghdú, tugadh faoi Staidéar Costas Tógála Cónaithe chun anailís a dhéanamh ar gach cuid de chostas tithe agus árasán tógála. Cuirfear an tuarascáil agus an plean gníomhaíochta a eascraíonn as sin faoi bhráid an Rialtais faoi dheireadh mhí Aibreáin 2023 lena mbreithniú.
Tionscadal Tosaigh, Céim 2 – Chuir an Ghníomhaireacht Forbartha Talún tús le comhairliúchán struchtúrtha réamhthairisceana chun soláthar a chur chun cinn trí phainéal creata tógálaithe tí. Cuirfidh Tionscadal Tosaigh dlús suntasach le soláthar tithe trí thalamh a dhíghlasáil le lánchead pleanála nach bhfuil á forbairt ag úinéirí earnála príobháidí mar gheall ar mhaoiniú agus srianta eile.
Tá athbhreithniú ar oibriú na hearnála príobháidí cíosa ar siúl faoi láthair le tréimhse comhairliúcháin phoiblí le tosú i mí Aibreáin.
Tá tús curtha leis an obair tosaigh ar an treochlár chun an Creat Pleanála Náisiúnta a athbhreithniú, agus é mar aidhm go gceadóidh an Rialtas an cur chuige atá beartaithe lena fhoilsiú sna seachtainí amach romhainn.
Tithíocht do Chách
Is é ‘Tithíocht do Chách’ plean tithíochta an Rialtais d’Éirinn go dtí 2030. Tá se ar fáil anseo: Item was unpublished or removed. Is é seo cuspóir foriomlán an phlean: ‘Ba chóir go mbeadh rochtain ag gach duine sa Stát ar theach chun é a cheannach nó a fháil ar cíos ar phraghas inacmhainne, atá tógtha ar ardchaighdeán agus san áit cheart, agus a bhfuil ardchaighdeán beatha á thairiscint aige.’
Tá an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn agus Tuarascáil Ráithiúil Staitisticí R1 2023 maidir le Tithíocht do Chách ar fáil ANSEO