Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin faoi ionsaí Iosrael ar Doha

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin faoi ionsaí Iosrael ar Doha

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 9 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 10 Meán Fómhair 2025

"Is cúis mhór imní é domsa ionsaí Iosrael inniú ar Doha, Catar.

Tá baol ann go ndéanfaidh an ionsaí seo an réigiún sobhriste seo níos míshocra agus go ndéanfaidh sé níos deacra sos cogaidh a bhaint amach i Gaza.

Mar a bhfuil ráite ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, sárú amach is amach ar cheannas agus ar shláine críche Catar a bhí san ionsaí seo.

Tá sé in am anois do gach éinne a bhfuil tionchar acu úsáid a bhaint as ionas nach rachaidh cúrsaí in olcas agus chun sos cogaidh a bhaint amach láithreach, agus chun cinntiú freisin go scaoilfear gach uile giall saor.

Beidh gá le taidhleoireacht cúramach agus dícheallach chun an sprioc seo a bhaint amach. Níl gá ar bith ann le neart míleata díreach- díreach mar a bhfuil feicthe againn inniú.

Ní féidir leis na gníomhartha seo ach sos cogaidh agus síocháin cheart bhuan a chur níos faide uainn."

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat