Faoi riail 58 de "Rialacha na Scoileanna Náisiúnta", tá múinteoirí i dteideal Saoire Phearsanta Bhreise (EPV) ar scór freastail ar chúrsaí ceadaithe Samhraidh.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach na himlitreacha thíos:
Ní mór do mhúinteoirí iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig a bhfostóir reatha (i.e. Bord Bainistíochta (Boird Bhainistíochta)/ Bainisteoir).
Ní mór 'deimhniú críochnaithe' an chúrsa Samhraidh (na gcúrsaí Samhraidh) a chur isteach chun leas a bhaint as an tsaoire seo.
Faoi ghnáthchúinsí, ní íocann an Roinn/BOO as neamhláithreacht do Shaoire EPV. Ar aon dul leis an scoilbhliain 2020/21, áfach, mar gheall ar phaindéim COVID-19, cuirfidh an Roinn/BOO clúdach ionadaíochta ar fáil don chéad lá de Shaoire EPV a ghlacann múinteoir sa scoilbhliain 2021/22. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan tagairt don Nóta Faisnéise TC 0018/2021 .
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú