Tá tairseach theaghlaigh Bhus Éireann anois ag glacadh le hiarratais nua ar sheirbhísí iompair scoile don scoilbhliain 2024/2025. Déantar iarratais nua a mheas mar seo a leanas:
Is é Dé hAoine an 26 Aibreán 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais nua. Meastar aon iarratas nua a dhéantar tar éis an dáta deiridh ina n-iarratais dhéanacha. D’fhéadfadh sé nach mbeadh ticéad ar fáil má bhíonn an t-iarratas déanach.
Beidh deis ann i mbliana iarratas a dhéanamh agus íocaíocht a dhéanamh ag an am céanna ón dáta a osclóidh an tairseach. Ciallaíonn sé sin go bhfuil iarratasóirí nua agus reatha in ann íocaíocht a dhéanamh óinniu go dtí an 7 Meitheamh 2024.
Gach iarratasóir - Sonraí íocaíochta/cárta leighis - an 7 Meitheamh 2024 an dáta deiridh
Tá tairseach theaghlaigh Bhus Éireann anois ag glacadh le sonraí íocaíochtaí/cárta leighis go dtí an 7 Meitheamh 2024. Measfar go bhfuil íocaíochtaí a dhéantar tar éis an spriocdháta déanach. D’fhéadfadh sé nach mbeadh ticéad ar fáil má bhíonn an t-iarratas déanach.
Ní mór sonraí íocaíochtaí/cárta leighis a chur isteach do na daoine seo a leanas:
Tá díolúine ag leanaí (atá incháilithe don chóras iompair scoile) agus a bhfuil cárta bailí leighis acu (Scéim GMS) ón táille bhliantúil a íoc ach mar sin féin, ní mór a sonraí
cárta leighis a chur ar aghaidh chuig Bus Éireann. Tá Bus Éireann ag glacadh anois le sonraí cárta leighis go dtí an 7 Meitheamh 2024. Meastar go bhfuil sonraí cárta leighis a fhaightear tar éis an spriocdháta, an 7 Meitheamh, déanach.
Tá díolúine ag leanaí incháilithe a bhfuil cárta bailí leighis acu agus ag leanaí incháilithe a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu ón táille bhliantúil a íoc.
Tá an táille bhliantúil do Sheirbhísí Iompair Scoile don scoilbhliain 2024/25 leagtha amach thíos:
Catagóir Dalta | Taille Bliantúil | |
Dalta Bunscoile Incháilithe / Lamháltais | €50 | |
Dalta Iar-Bhunscoile Incháilithe / Lamháltai | €75 | |
An tUasmhéid Ranníocaíochta Teaghlaigh | €125 |
Cuireann Bus Éireann an Scéim Iompair Scoile ar fáil ar son na Roinne Oideachais agus tá ionad glaonna tiomnaithe um chúram do chustaiméirí curtha i bhfeidhm aige chun cuidiú le teaghlaigh maidir le ceisteanna a bhaineann go sonrach le hIompar Scoile le linn thréimhse ghnóthach an tsamhraidh. Is féidir le teaghlaigh a bhfuil ceisteanna acu teagmháil a dhéanamh leis an ionad glaonna ar: Glao Áitiúil 0818 919 910. Is iad na huaireanta oibriúcháin 09.00 - 17.00 Luan go hAoine.
Is féidir le teaghlaigh teagmháil a dhéanamh le Bus Éireann freisin ar a shuíomh gréasáin www.buseireann.ie/schooltransport
Is mar seo a leanas na critéir incháilitheachta don Iompar Scoile don scoilbhliain 2024/25
Tá athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile, a rinneadh i dtrí chéim, curtha i gcrích. Tá an tuarascáil as gach céim, chomh maith leis hachoimre ar an tuarascáil, ar fáil anseo. Sa tuarascáil deiridh, “Iompar Scoile 2030 Athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile – Céim 3 den Tuarascáil” tá moltaí inti faoi fheidhmiú na scéime sa todhchaí. Cuirfear na moltaí seo i bhfeidhm ar bhonn céimnithe idir anois agus 2030.
Leanfaidh an Roinn Oideachais agus Bus Éireann ag cur seirbhísí Scéime Iompair Scoile ar fáil do leanaí atá ag teacht go hÉirinn ón Úcráin. Leanfar ag fáil iarratas go laethúil de réir mar a dhéantar teaghlaigh a athlonnú nó de réir mar a thagann teaghlaigh nua isteach. Tá gach iarracht á déanamh lena chinntiú go bhfuil seirbhísí iompair scoile faoi lánseol de réir mar is gá leo. Uaireanta, i roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé am a ghlacadh seirbhísí a shocrú do theaghlaigh. Tá an t-eolas iomlán maidir leis an bpróiseas ar fáil ar gov.ie/Ukraine agus tá sé ar fáil as Úcráinis, as Béarla agus as Rúisis.
Feidhmíonn Bus Éireann na scéimeanna iompair scoile thar ceann na Roinne Oideachais.
Mar chuid den scéim, cuirtear iompar ar fáil go dtí scoil agus ar ais ón scoil dóibh seo a leanas:
Tacaíonn an scéim iompair bunscoile le leanaí atá ina gcónaí níos mó ná 3.2 chiliméadar ón mbunscoil agus atá ag freastal ar an mbunscoil is gaire dóibh a iompar chuig an scoil agus uaithi.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an scéim, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, féach thíos:
Tacaíonn an scéim iompair iar-bunscoile le leanaí atá ina gcónaí níos mó ná 4.8 ciliméadar ón iar-bhunscoil/ionad oideachais agus atá ag freastal ar an iar-bhunscoil/ionad oideachas is gaire dóibh a iompar chuig an scoil/ionad oideachais agus uaithi/uaidh. Tá sé faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, féach thíos:
Ní mór iarratais don scéim Iompair Bunscoile agus/nó don Scéim Iompair Iar-bhunscoile a chur isteach ar líne trí shuíomh gréasáin Bhus Éireann trína thairseach teaghlaigh. Ní gá ach do dhaltaí nua iarratas a dhéanamh, nó iad siúd a bhfuil seoladh/scoil athraithe acu. Leanfaidh leanbh atá incháilithe d’iompar scoile sa scéim mura mbíonn aon athrú ar a c(h)úinsí.
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas go hiondúil an Aoine deiridh i mí Aibreáin don chéad scoilbhliain eile. Tá sé tábhachtach buseireann.ie a sheiceáil le haghaidh uasdátuithe ar na dátaí tosaigh agus deiridh den tairseach teaghlaigh.
Tá próiseas iarratais déanach ann. Is féidir leat iarratas a dhéanamh go fóill ar iompar scoile i ndiaidh dháta deiridh an iarratais. Is ‘iarratas déanach’ é iarratas ar bith a dhéantar a chomhlánú tar éis an dáta deiridh. Má tá d’iarratas déanach, b’fhéidir nach mbeidh suíochán le fáil agat ar sheirbhís.
Ní féidir cinneadh a dhéanamh maidir le hincháilitheacht ach amháin nuair a dhéantar an measúnú. Ní dhéanfar measúnú ar “iarratais dhéanacha” ach amháin nuair atá na hiarratais ar fad a bhí “in am” próiseáilte. Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir a dhearbhú go mbeidh suíocháin le fáil ar sheirbhísí d’iarratasóirí déanacha. Chun Seirbhísí na Scéime Iompair Scoile a úsáid, caithfidh ticéad bailí a bheith ag na daltaí le bheith in ann taisteal.
Má athraíonn do chúinsí le linn na bliana acadúla, beidh gá le measúnú a dhéanamh ar iarratas nua. Ní mor foirm iarratais nua ar iompar scoile a chur isteach ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann mar ní bheidh do sheanticéad bailí a thuilleadh.
Níl aon fhoirm iarratais dhíreach do Dheontas Ceantar Iargúlta. Ní féidir measúnú a dhéanamh le haghaidh Deontas Ceantar Iargúlta ach amháin nuair a dhéantar cinneadh maidir le hincháilitheacht do scéim Iompair Scoile tar éis iarratas a dhéanamh ar iompar scoile trí shuíomh gréasáin Bhus Éireann. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir le hiarratais ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann.
Tá deontais ceantar iargúlta iníoctha ag an roinn mar shíntiús i dtreo socruithe iompair phríobháidigh do dhaltaí incháilithe nach bhfuil aon seirbhís iompar ar fáil dóibh. Is féidir na deontais seo a íoc do dhaltaí incháilithe atá ina gcónaí 3.2km nó níos mó ón bpointe bailithe is gaire dóibh don iompar scoile.
Ní mór iarratas ar iompar a chur isteach do gach leanbh ina dhiaidh sin a bhfuil iompar ag teastáil uaidh/uaithi, fiú i gcásanna ina bhfuil an Deontas Ceantar Iargúlta á fháil ag an teaghlach cheana féin.
Má athraíonn do chúinsí le linn na bliana acadúla, beidh gá le measúnú a dhéanamh ar iarratas nua. Ní mor foirm iarratais nua ar iompar scoile a chur isteach ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann mar ní bheidh do sheanticéad bailí a thuilleadh.
Déan rochtain ar thuilleadh eolais faoin Deontas Ceantar Iargúlta thíos.
Má tá iarratas déanta agat chun freastal ar an scoil is gaire duit de bharr an éitis agus na teanga agus má chuir údaráis na scoile in iúl duit go bhfuil sí lán, déanfaidh an roinn breithniú an bhfuil tú incháilithe don chéad scoil eile is gaire duit.
Cuir fianaise na ndoiciméad seo a leanas ar fáil le do thoil mar chruthúnas:
Is féidir fiosruithe ar leith a sheoladh chuig school_transport@education.gov.ie
Tacaíonn an scéim iompair scoile le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a thagann ó mhíchumas diagnóisithe a iompar chuig an scoil agus ón scoil.
Déantar cinneadh maidir le bheith incháilithe tar éis comhairliúcháin leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) trína líonra d’Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSO).
Ba chóir don tuismitheoir, an scoil agus an ERSO na foirmeacha iarratais a chomhlánú agus a shíniú.
Sna cásanna ina bhfuil seoladh baile agus/nó an scoil á (h)athrú ag leanbh, ba chóir do phríomhoide na scoile iarratas a dhéanamh chuig an ERSO.
Déan rochtain ar thuilleadh eolais faoin scéim, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, thíos.
Is féidir le tuismitheoir/caomhnóir leas a bhaint as Deontas Iompair Speisialta (DIS) do leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Ní mór go mbeadh iarratas ar iompar scoile faoin scéim a bheith déanta sular féidir Deontas Iompair Speisialta (DIS) a mheas.
Áit nach féidir leibhéal réasúnta de sheirbhís iompair a sholáthar, d’fhéadfadh an roinn Deontas Iompair Speisialta (DIS) i dtreo chostas na socruithe iompair phríobháidigh a sholáthar ar an mbunús atá leagtha amach thíos:
Tá deontais faoi réir athbhreithnithe thréimhsiúil agus d’fhéadfaidís a bheith éagsúil nó d’fhéadfaí iad a tharraingt siar áit a n-athraíonn cúinsí.
Ceadaítear an Deontas Iompair Speisialta ó dháta an iarratais. Ní gné den Deontas Iompair Speisialta iad íocaíochtaí cúlghabhálacha.
Is féidir Deontas Iompair Speisialta Eatramhach a chur ar fáil do theaghlaigh de leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, atá, tar éis an phróisis iarratais, incháilithe faoi théarmaí na scéime iompair scoile agus atá ag fanacht go gcuirfí seirbhís Iompair Scoile i bhfeidhm.
Is íocaíocht aon uaire é an deontas seo. Tairgtear an deontas eatramhach ó dháta an iarratais chun cuidiú le costas na socruithe iompair phríobháidigh atá curtha i bhfeidhm ag an teaghlach go dtí go bhfuil seirbhís iompair réidh le tosú.
Ba chóir do theaghlaigh teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Iompair Scoile ag: school_transport@education.gov.ie le haghaidh tuilleadh eolais faoin Deontas Iompair Speisialta Eatramhach seo.
Fostaítear Tionlacain Bus ar bord seirbhíse iompair scoile a chuirtear ar fáil trí Bhus Éireann áit ar cineál riachtanais cúraim agus sábháilteachta iad an leanbh agus é/í ar bord an iompair scoile go bhfuil gá le tacaíocht tionlacain.
Fostaíonn Údarás Bainistíochta na Scoile Tionlacan an Bhus Scoile.
Ba chóir fiosruithe a bhaineann le tionlacain bus a chur ar aghaidh go dtí Údaráis Bhainistíochta na Scoileanna.
I gClár an tSamhraidh, tairgtear tacaíocht foghlama do thréimhse shonraithe i rith laethanta saoire an tsamhraidh do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Is gá do scoileanna a bhfuil Clár an tSamhraidh á reáchtáil acu na leanaí a bhfuil iompar scoile ag teastáil uathu a chlárú. Cuirtear iompar do Chlár an tSamhraidh ar fáil do leanaí atá ag glacadh páirt sa chlár scoilbhunaithe, atá incháilithe d’iompar scoile do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus atá ar sheirbhís faoi láthair. Áit nach bhfuil seirbhísí ar fáil do leanaí a bhaineann leas as iompar faoin scéim seo go hiondúil, tá maoiniú deontais iníoctha le tuismitheoirí/caomhnóirí incháilithe tar éis chlár an tsamhraidh a bheith curtha i gcrích.
D’fhéadfadh an roinn breithniú a dhéanamh ar shocruithe iompair speisialta ar chúiseanna leighis. Chun iarratas a dhéanamh ar iompar scoile ar chúiseanna leighis, déan rochtain ar an nasc seo a leanas le do thoil : Iompar Scoile - Iarratas ar Iompar Scoile ar Chúiseanna Leighis
Má diúltaíodh d’iarratas ar iompar scoile, tá tú i dteideal achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an Bord na nAchomharc Iompair Scoile
Tá an Bord neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna ach gníomhaíonn sé i gcomhréir (a) lena Théarmaí Tagartha mar a chinnfidh an tAire agus (b) le sraith Nósanna Imeachta Oibriúcháin.
Is iad seo a leanas na cineálacha cinntí a bhféadfaí achomharc a dhéanamh orthu:
Is é ról an Bhoird a chinntiú go gcuirtear téarmaí na Scéime Iompair Scoile i bhfeidhm i gceart.
Le hachomharc a dhéanamh ar chinneadh na Roinne Oideachais/Bhus Éireann, bain úsáid as an nasc seo a leanas: Bord na nAchomharc Iompair Scoile
Teileafón | Contae | |
0579325469 | Ginearálta | |
0579325467 | Ginearálta | |
0579325466 | Ginearálta | |
0579325366 | Ginearálta | |
0579325307 | Ginearálta | |
0579324465 | Ginearálta | |
0579324468 | Ginearálta | |
0579324482 | Sligeach, Luimneach, Maigh Eo | |
0579325461, 0579324414, 0579324459 | Baile Átha Cliath | |
0579325462, 0579324397 | Corcaigh | |
0579325436 | Muineachán, Loch Garman | |
0579325458 | Ceatharlach, Laois, Cill Mhantáin | |
0579325465 | Dún na nGall, Ciarraí, Longfort | |
0579325457 | Cill Chainnigh | |
0579325460 | Gaillimh, Ros Comáin, Tiobraid Árann | |
0579324454 | Uíbh Fhailí, An Clár, An Cabhán | |
0579324360 | Cill Dara, Lú, Port Láirge | |
0579325455 | Liatroim, An Iarmhí, An Mhí |