Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do dhaoine faoi mhíchumas
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Soláthraíonn an scéim Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas cúnamh deontais d’iarratasóirí chun cabhrú le hoibreacha atá riachtanach go réasúnach a dhéanamh chun teach a dhéanamh níos oiriúnaí do riachtanais chóiríochta duine faoi mhíchumas. Tá an scéim á riaradh ag údaráis áitiúla.
€30,000 an t-uasdeontas éifeachtach faoin scéim, agus is féidir leis seo suas le 95% de chostas na n-oibreacha a chlúdach.
Duine faoi mhíchumas a dteastaíonn oibreacha oiriúnaithe uaidh chun teach a dhéanamh níos oiriúnaí dá riachtanais chóiríochta nó úinéir tí thar ceann duine faoi mhíchumas atá ina bhall den teaghlach.
Déanfar iarratasóirí a mheas ar ioncam teaghlaigh iomlán, is é sin, ollioncam bliantúil gach ball teaghlaigh atá 18 mbliana d’aois nó níos sine (nó 23 bliana d’aois nó níos sine má tá siad in oideachas lánaimseartha) sa bhliain chánach roimhe sin.
Féadfar ioncam úinéir cláraithe na maoine (nó a c(h)éile) a áireamh freisin. Tá níos mó sonraí maidir leis seo ar fáil ar an bhfoirm iarratais aonair atá ar fáil thíos.
D’fhéadfadh an t-uasdeontas éifeachtach de €30,000 chun suas le 95% de chostas na n-oibreacha a chlúdach a bheith ar fáil d’iarratasóirí a bhfuil ollioncam teaghlaigh suas le €30,000 in aghaidh na bliana acu, agus é sin laghdaithe go dtí 30% d’iarratasóirí a bhfuil ollioncam teaghlaigh idir €50,001 agus €60,000 in aghaidh na bliana acu. Beidh an tástáil acmhainne chéanna i bhfeidhm i ngach limistéar údaráis áitiúil agus tá sí ag teacht leis na critéir chun riachtanas le haghaidh tithíochta sóisialta a mheas.
Seo a leanas na cineálacha oibreacha atá ceadaithe faoin scéim:
Is féidir leat an fhoirm thíos a íoslódáil nó is féidir leat cóip den fhoirm a fháil ón Rannóg Deontas Tithíochta de d’Údarás Áitiúil nó óna láithreán gréasáin.
Ba chóir foirmeacha iarratais comhlánaithe go hiomlán a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Údaráis Áitiúil.