Deontas um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Deontas um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta ar fáil chun cúnamh a thabhairt do dhaoine scothaosta atá ina gcónaí i ndroch-choinníollacha tithíochta deisiúcháin nó feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh. Tá an scéim á riaradh ag údaráis áitiúla.
€8,000 an t-uasdeontas éifeachtach faoin scéim, agus is féidir leis seo suas le 95% de chostas na n-oibreacha a chlúdach.
Tá an deontas seo ann do dhaoine 66 bliana d’aois nó níos mó chun deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh, ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag maireachtáil ina dtithe féin. Uaireanta is féidir an deontas seo a íoc le daoine faoi 66 bliana d’aois má tá fíor-chruatan i gceist.
Déanfar iarratasóirí a mheas ar ioncam teaghlaigh iomlán, is é sin, ollioncam bliantúil gach ball teaghlaigh atá 18 mbliana d’aois nó níos sine (nó 23 bliana d’aois nó níos sine má tá siad in oideachas lánaimseartha) sa bhliain chánach roimhe sin.
Féadfar ioncam úinéir cláraithe na maoine (nó a c(h)éile) a áireamh freisin. Tá níos mó sonraí maidir leis seo ar fáil ar an bhfoirm iarratais aonair atá ar fáil thíos.
D’fhéadfadh an t-uasdeontas éifeachtach de €30,000 chun suas le 95% de chostas na n-oibreacha a chlúdach a bheith ar fáil d’iarratasóirí a bhfuil ollioncam teaghlaigh suas le €30,000 in aghaidh na bliana acu, agus é sin laghdaithe go dtí 30% d’iarratasóirí a bhfuil ollioncam teaghlaigh idir €50,001 agus €60,000 in aghaidh na bliana acu. Beidh an tástáil acmhainne chéanna i bhfeidhm i ngach limistéar údaráis áitiúil agus tá sí ag teacht leis na critéir chun riachtanas le haghaidh tithíochta sóisialta a mheas.
Féadfaidh tú an deontas seo a úsáid chun deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh. Deisiúcháin mar seo a leanas:
Is féidir leat an fhoirm thíos a íoslódáil nó is féidir leat cóip den fhoirm a fháil ón Rannóg Deontas Tithíochta de d’Údarás Áitiúil nó óna láithreán gréasáin.
Ba chóir foirmeacha iarratais comhlánaithe go hiomlán a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Údaráis Áitiúil.