Athbhreithniú ar Scéim Oifigiúil Gaeilge na Roinne Airgeadais 2018 - 2021
Published on
Open for submissions from
Submissions closed
Last updated on
Published on
Open for submissions from
Submissions closed
Last updated on
Consultation is closed
Athbhreithniú ar Scéim Oifigiúil Gaeilge na Roinne Airgeadais 2018 - 2021
Tá cuireadh á thabhairt ag an Aire Airgeadais, an tUasal Paschal Donohoe TD, do pháirtithe leasmhara aighneachtaí a sholáthar maidir le hullmhú Cheathrú Scéim Gaeilge 2021-2024 na Roinne. Iarrtar nach mbeidh níos nó ná 4,000 focal sna haighneachtaí.
Tá Scéim Oifigiúil Gaeilge na Roinne Airgeadais i bhfeidhm ó 2006. Tá sé beartaithe ag an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar a Tríú Scéim Gaeilge, a chumhdaíonn an tréimhse 2018-2021, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é príomhchuspóir an Achta soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ar chaighdeán níos airde a chinntiú.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil aighneachtaí a fhaightear ó pháirtithe leasmhara faoi réir fhorálacha Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus go bhféadfaí iad a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne. Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí chomh maith - féach ar Ráiteas Príobháideachais na Roinne áit a bhfuil tuilleadh eolais.
Is féidir aighneachtaí a sheoladh go leictreonach chuig SceimTeanga@finance.gov.ie nó tríd an bpost chuig:
An tOifigeach um Chomhlíonadh
An Roinn Airgeadais
Tithe an Rialtais
Sráid Mhuirfean Uacht
Baile Átha Cliath 2, DO2 R583
Ní mór aighneachtaí a fháil faoi 5pm, Dé Céadaoin 30 Nollaig 2020.
Tá tuilleadh eolais faoin Acht le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag http://www.chg.gov.ie/