An chéad Ráiteas Beartais Náisiúnta maidir le Teicstílí foilsithe ag an Aire Dillon agus feachtas eolais náisiúnta maidir le teicstílí úsáidte seolta aige

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An chéad Ráiteas Beartais Náisiúnta maidir le Teicstílí foilsithe ag an Aire Dillon agus feachtas eolais náisiúnta maidir le teicstílí úsáidte seolta aige

Faoi mhí Aibreáin 2028, beidh ar tháirgeoirí nó ar mhiondíoltóirí costais bailithe agus bainistithe éadaí úsáidte agus teicstílí eile a chistiú

Faoi 2030, beidh i bhfad níos mó roghanna ag daoine maidir le teicstílí úsáidte a dhiúscairt agus a dheonú go freagrach – tuilleadh pointí diúscartha tiomnaithe agus níos mó deimhneachta faoin áit a gcríochnóidh na teicstílí sin

Le feachtas eolais poiblí nua, taispeánfar do dhaoine conas a chinntiú go mbeidh an deis is fearr ag a gcuid éadaí a bheith athúsáidte

Rinne an tAire Stáit ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil a bhfuil freagracht ar leith aige as an nGeilleagar Ciorclach, Alan Dillon, an chéad Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha (2026-2028) de chuid na hÉireann a sheoladh. Is é is aidhm dó sin dramhaíl teicstíle a laghdú. Sheol an tAire Dillon feachtas feasachta poiblí freisin – lena dtaispeántar conas éadaí a dheonú ionas go mbeidh an deis is fearr acu a bheith úsáidte arís.

Dúirt an tAire Dillon:

"Faoi láthair, críochnaíonn i bhfad an iomarca dár gcuid teicstílí úsáidte diúscartha mar dhramhaíl inár mboscaí bruscair. Inniu, táim ag seoladh bearta beartais agus bearta praiticiúla chun é sin a athrú, chun muid a bhogadh níos gaire do gheilleagar ciorclach le haghaidh teicstílí. Cuimsítear réimse beart leis an Ráiteas Beartais lena gcuirfear an dearadh ciorclach chun cinn, ionas go mairfidh teicstílí níos faide agus go mbeidh sé níos éasca iad a athúsáid agus a dheisiú. Leis na gníomhaíochtaí sa Ráiteas Beartais, cuirtear freagracht ar an tionscal faisin agus teicstílí as a dhramhaíl teicstíle."

Táirgtear teicstílí agus úsáid á baint as ionchuir shuntasacha breoslaí iontaise, uisce agus saothair daonna. Is tionscal domhanda é an tionscal agus, mar sin, is gá athrú ar leibhéal an chórais chun tionchair comhshaoil agus aeráide a laghdú. Leis an Ráiteas Beartais seo, déantar cur síos den chéad uair ar shaincheisteanna comhshaoil agus sóisialta a chruthaítear lenár rátaí arda tomhaltais teicstílí in Éirinn. Tugtar isteach leis bearta uaillmhianacha faoi spreagadh náisiúnta agus faoi spreagadh an Aontais Eorpaigh chun bainistiú ceart teicstílí úsáidte a chistiú, agus chun deiseanna nua athúsáide a chruthú freisin.

Chuir an tAire Dillon leis an méid sin:

"Tá lúcháir orm freisin an chéad fheachtas feasachta poiblí náisiúnta a sheoladh maidir le teicstílí úsáidte a dheonú, a chruthaigh an earnáil rialtais áitiúil agus a chistigh mo roinn. Taispeánfar leis cá háit agus cén chaoi ar féidir le daoine a gcuid teicstílí úsáidte a dhiúscairt nó a dheonú ar bhealach freagrach. Áirítear siopaí carthanais agus bainc teicstílí ar fud na tíre leis sin. Beidh saoránaigh in ann dul chuig MyWaste.ie agus an pointe deonaithe is gaire dóibh a aimsiú, mar aon le comhairle maidir leis an gcaoi a gcuid éadaí, coisbheart agus teicstílí tí a ullmhú."

Dúirt Pauline McDonogh, Comhordaitheoir Geilleagair Chiorclaigh ag na hOifigí Pleanála Réigiúnacha Bainistíochta Dramhaíola:

Gintear breis is 110,000 tona teicstílí iarthomhaltais in Éirinn gach bliain agus, mar sin, tá sé tábhachtach go ndéanaimid na méideanna is féidir a athúsáid nó a athchúrsáil a uasmhéadú. Leis an bhfeachtas seo, iarraimid ar shaoránaigh a chinntiú go mbeidh earraí ar nós éadaí, coisbheart ina phéirí agus teicstílí tí glan, tirim, fillte agus curtha go néata i málaí sula gcuireann siad i mbainc éadaí iad, sula dtugann siad chuig a n-ionad fóntas áitiúil iad nó sula ndeonaíonn siad do shiopaí carthanais iad. Trí na bearta simplí tábhachtacha sin a dhéanamh, féadtar an dara saol a thabhairt do na hearraí sin agus cuidiú le haistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach.

"Tá breis is 1,500 pointe deonaithe Údaráis Áitiúil agus carthanais le fáil ar ár Léarscáil Athúsáide agus Athchúrsála Teicstílí nua is féidir a fháil ar MyWaste.ie. Tá sé tábhachtach go leanfaimid dár n-iarrachtaí ár gcomhshaol áitiúil a chaomhnú trí limistéir a choinneáil glan thart ar na bainc éadaí agus gan earraí a fhágáil lasmuigh de na bainc."

Tá an Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha 2026-2028 ar fáil ar shuíomh gréasáin na roinne.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Cúlra

Tá dúshláin mhóra chomhshaoil ag baint le treochtaí reatha maidir le táirgeadh, tomhaltas agus iarthomhaltas teicstílí, in Éirinn agus ar fud an domhain. Oibríonn an tionscal teicstílí de réir samhail líneach 'tóg-déan-diomail', ach tá acmhainneacht iontach ann le haghaidh geilleagar ciorclach teicstílí. Is ag teicstílí, éadaí san áireamh, a bhfuil an ceathrú tionchar is airde ar an gcomhshaol agus ar athrú aeráide, tar éis bia, tithíochta agus iompair agus, mar sin, is réimse tosaíochta é le haghaidh gníomhaíochta chun uaillmhianta geilleagair chiorclaigh na hÉireann a bhaint amach.

Geilleagar Ciorclach

Modh is ea an Geilleagar Ciorclach chun dramhaíl a chosc trí acmhainní a choinneáil in úsáid chomh fada agus is féidir – trí dheisiú, comhroinnt agus athchúrsáil a thuilleadh.

Aithnítear an gá leis atá le haistriú ón tsamhail líneach (tóg-déan-diomail) táirgthe agus tomhaltais atá ann faoi láthair chuig samhail lena gcoinnímid acmhainní in úsáid chomh fada agus is féidir, an luach uasta a bhaint astu agus iad in úsáid, agus ansin táirgí agus ábhair a aisghabháil agus a athghiniúint ag deireadh a saoil.

Tacaíonn beartas rialtais le haistriú chuig geilleagar ciorclach. I mí Feabhra 2026 foilsíodh an Straitéis Uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach 2026-2028 ina bhfuil caibidil thiomnaithe maidir le teicstílí agus gníomhaíochtaí agus spriocanna ag gabháil leis. I measc na spriocanna tá foilsiú an Ráitis agus Treochláir seo agus i measc na ngníomhaíochtaí tá seachadadh feachtas feasachta poiblí chun oideachas a chur ar dhaoine maidir le hiarthomhaltas freagrach.

Beartas rialtais maidir le teicstílí

Is sruth tosaíochta ábhair iad teicstílí chun uaillmhianta geilleagair chiorclaigh an rialtais a bhaint amach. Cuimsítear leis an mbeartas atá againn faoi láthair Plean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach 2020-2025 lena mbunaítear ár ngealltanas dul i ngleic le díghrádú comhshaoil a chruthaíonn teicstílí in Éirinn, i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara ábhartha. Leagtar amach leis bearta chun dul i ngleic le dúshlán na dteicstílí, lena n-áirítear bailiúchán dramhaíola teicstílí ar leith a ghineann teaghlaigh a fhorbairt faoin 1 Eanáir 2025 i gcomhréir le ceanglais AE; tacú le sonraí feabhsaithe maidir le cineál agus méid an tsrutha teicstíle úsáidte; éicidhearthóireacht a chur chun cinn le haghaidh éadaí agus teicstílí i gcomhar le dearthóirí agus miondíoltóirí faisin na hÉireann agus tacú le feachtas oideachais agus feasachta maidir le teicstílí.

In 2022, bhunaigh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil Grúpa Comhairleach Teicstílí, lena dtugtar le chéile saineolas ábhartha ó chomhlachtaí tionscail, pobail agus rialála. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach suíomh gréasáin na roinne.

Cuireadh bonn eolais faoin Ráiteas Beartais agus Treochlár seo le léargais agus moltaí ón nGrúpa Comhairleach Teicstílí agus le hionchur fairsing páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) agus an earnáil rialtais áitiúil.

Tharla comhairliúchán poiblí maidir leis an dréacht-Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár ón 21 Bealtaine go dtí an 7 Iúil 2025. Foilsíodh mionsonraí faoin gcomhairliúchán poiblí ar líne. Fuair an roinn 50 aighneacht agus rinne sí athbhreithniú orthu. Leis an aiseolas a fuarthas, cuireadh bonn eolais faoi théacs deiridh an Ráitis Beartais agus Treochláir. Tharla cruinnithe déthaobhacha leis na ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha le haghaidh ionchur sonrach maidir le gníomhaíochtaí treochláir.

Leagtar amach leis an Ráiteas Beartais na dúshláin agus deiseanna atá ann faoi láthair maidir le geilleagar ciorclach teicstílí a chruthú. Tugtar breac-chuntas leis ar an staid reatha maidir le dearadh, táirgeadh, tomhaltas agus úsáid teicstílí agus staid reatha na dteicstílí úsáidte. Leagtar amach leis fís, prionsabail choiteanna, cuspóirí straitéiseacha agus gníomhaíochtaí le haghaidh fhorbairt an gheilleagair chiorclaigh teicstíle amach anseo.

Feachtas teicstílí iarthomhaltais

Moltar leis an bhfeachtas do shaoránaigh an 'dara saol' a thabhairt dá gcuid éadaí, coisbheart ina phéirí agus teicstílí tí trí úsáid a bhaint as líonra na mbanc éadaí agus siopaí carthanais ar fud na tíre agus trí chuidiú le haistriú na hÉireann chuig geilleagar níos ciorclaí.

Ní mór d'éadaí, coisbheart ina phéirí agus teicstílí tí a bheith glan, tirim, fillte agus curtha go néata i málaí sula gcuirtear i mbanc éadaí iad nó sula dtugtar chuig siopa carthanais iad.

Na hearraí a nglacfar leo

Éadaí

  • Foréadaí – cótaí agus seaicéid
  • Geansaithe, léinte aclaíochta agus cairdeagain
  • Bríste, bríste géine, bríste aclaíochta
  • Barréidí agus léinte
  • Gúnaí agus sciortaí
  • Hataí agus scaifeanna
  • Lámhainní, málaí agus criosanna
  • Éadaí leanaí agus lapadán
  • Éide scoile
  • Éadaí spóirt agus giomnáisiam
  • Cíochbhearta
  • Bróga, buataisí agus bróga reatha

Teicstílí Tí

  • Éadaí leapa – clúdaigh duivé agus braillíní
  • Pluideanna agus blaincéid
  • Tuáillí
  • Línéadach boird
  • Cuirtíní

Cá háit le teacht ar bhanc éadaí nó siopa carthanais

Is féidir leat mionsonraí a fháil ar léarscáil nua athúsáide agus athchúrsála teicstílí ar MyWaste.ie. Tá breis is 1,500 ionad ar fáil, agus cuirfear tuilleadh ionad leis, ionaid miondíola mar shampla, sna seachtainí amach romhainn.

Faoi MyWaste.ie

Is éard atá in MyWaste.ie tairseach eolais agus treoir oifigiúil na hÉireann maidir le do dhramhaíl a bhainistiú. Ar an suíomh gréasáin sin, gheobhaidh tú gach eolas atá uait chun do dhramhaíl a bhainistiú go freagrach, go héifeachtúil agus ar bhealach a oireann duit.

Tionscnamh is ea MyWaste.ie a chuireann Oifigí Réigiúnacha Bainistíochta Dramhaíola ar fáil duit thar ceann na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil. Tá trí Oifig Réigiúnach Bainistíochta Dramhaíola in Éirinn – Connacht agus Uladh, an tOirthear agus Lár Tíre agus an Deisceart. Seirbhís chomhroinnte Rialtais Áitiúil is ea iad agus tá siad freagrach as an bPlean Náisiúnta Bainistithe Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach 2024-2030 a chomhordú.

Brabhsáil MyWaste.ie le haghaidh eolais faoi do sheirbhísí dramhaíola áitiúla ar nós ionaid fág anseo agus saoráidí athchúrsála, mar aon le leideanna chun dramhaíl a chosc, a athúsáid agus a uaschúrsáil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat