An tAire O’Donovan ag lorg iarratais don scéim nua um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
- Foilsithe: 15 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2026
- Osclófar iarratais ar an Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona (IBE) ag 1pm inniu, 15 Aibreán 2026 agus dúnfar iad ar an 12 Bealtaine 2026
- Spreagtar ealaíontóirí gairmiúla ó gach cearn den tír iarratas a dhéanamh
- Cuireadh treoirlínte a leag amach critéir incháilitheachta ar fáil ar líne an 1 Aibreán agus moltar d’ealaíontóirí incháilithe iarratas a dhéanamh go luath
Tá an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, ag lorg iarratais ó ealaíontóirí ar fud na tíre don scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona (2026 – 2029) ó 1pm inniu, nuair a osclaítear an comhéadan iarratais anseo. Le buiséad €18.27m bainte amach ag an Aire O’Donovan i mBuiséad 2026, roghnófar 2,000 ealaíontóir incháilithe chun íocaíocht €325 in aghaidh na seachtaine a fháil. Beidh an íocaíocht ar feadh 3 bliana.
Is d’Ealaíontóirí Gairmiúla ar féidir leo cleachtas cruthaitheach gníomhach atá lonnaithe den chuid is mó in Éirinn atá an Ioncam Bunúsach do na hEalaíona (IBE). Tá na critéir incháilitheachta le haghaidh iarratais leagtha amach sna Treoirlínte.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
Tá áthas orm a bheith i mo Aire atá freagrach as an IBE a dhéanamh buan agus molaim do gach ealaíontóir gairmiúil iarratas a dhéanamh ar an scéim. Tá an scéim seo tábhachtach don tsochaí i gcoitinne, ní hamháin d’ealaíontóirí. Tá an cumas aige earnáil na n-ealaíon a leathnú agus níos mó deiseanna a chruthú do shaoránaigh páirt a ghlacadh sna healaíona. Aithníonn sé freisin ranníocaíocht ealaíontóirí don daonlathas agus don chaoi a bhfeicimid muid féin mar náisiún.
Beidh ealaíontóirí incháilithe in ann iarratas a dhéanamh ar an scéim sna seachtainí amach romhainn agus moltar dóibh iarratas a dhéanamh go luath. Moltar d’iarratasóirí eolas a chur ar na critéir incháilitheachta don scéim nua atá ar fáil sna Treoirlínte anseo, in éineacht le Ceisteanna Coitianta anseo. Sula ndéanann iarratasóirí iarratas, ní mór dóibh fianaise ar chleachtas gníomhach agus sonraí don suirbhé a bhailiú, atá riachtanach agus iarratas á dhéanamh.
Thug Maria Fleming, cathaoirleach an Fheachtais Náisiúnta ar son na nEalaíon (NCFA) le fios:
Táthar ag glacadh le hiarratais anois don Ioncam Bunúsach do na hEalaíona, agus tá an NCFA ag moladh dóibh siúd uilig atá incháilithe cur isteach air. Tuigimid ón scéim phíolótach gur deis faoi leith atá anseo dóibh siúd atá ag obair sna healaíona tacú lena gcleachtas ealaíne agus dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm bheatha.
Iarraimid ar dhaoine a bheith cinnte go bhfágfann siad dóthain ama dóibh féin le dian scrúdú a dhéanamh ar na treoirlíne, agus an t-iarratas a chomhlánú. Ba mhaith leis an NCFA buíochas a ghlacadh leo siúd uilig a bhí ag feachtasaíocht ar son an Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona, go háirithe na healaíontóirí a bhí páirteach sa scéim phíolótach agus a líon na suirbhéanna rialta, rud a chruthaigh an fiúntas a bhí leis an scéim. Tá buíochas faoi leith ag dul don ghrúpa cóimheasa, a léirigh dúinn go soiléir an tionchar a bhí ag an Ioncam Bunúsach.
Déanfar measúnú ar iarratais i rith an tsamhraidh, agus cuirfear tús le híocaíocht d’ealaíontóirí roghnaithe roimh dheireadh 2026.
Tá critéir incháilitheachta agus sonraí maidir le conas a oibreoidh an scéim, lena n-áirítear na fianaise cleachtais a nglactar leo, leagtha amach sna Treoirlínte.
Lean an tAire O’Donovan ar aghaidh:
Is scéim cheannródaíoch í seo do na healaíona, agus cinntíonn sí gur ceannaire domhanda í Éire, sa chaoi a dtacaímid lenár n-ealaíontóirí agus dá bhrí sin lenár gcultúr. Molaim d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus ó gach cearn den tír iarratas a dhéanamh ar an Ioncam Bunúsach do na hEalaíona ón lá inniu, lena chinntiú gur féidir le gach pobal leas a bhaint as an scéim seo agus go ndéantar ionadaíocht ar raon leathan ealaíontóirí.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Cuspóirí na Scéime IBE
- An t-ealaíontóir
- Chun fás agus cleachtas gairmiúil cruthaitheach a dhreasú agus a fhorbairt trí fhéinfhostaíocht;
- Chun dul i ngleic le míshocracht tuillimh agus an chontúirt a bhaineann le hobair sna healaíona, agus an drochthionchar a bhíonn acu siúd ar mheabhairshláinte na n-ealaíontóirí;
- Chun gníomhaireacht ealaíontóirí a chothú agus cead cainte a chosaint
2. An earnáil
- Chun tallann a choinneáil san earnáil seo lena laghdaítear an gá atá le healaíontóirí obair lasmuigh de na healaíona ar chúiseanna eacnamaíocha;
- Chun tacú leis an earnáil agus í a leathnú trí éifeachtaí iarmharta e.g. comhoibrithe a fhostú, caiteachas ar ábhair, teacht chun cinn tionscadal nua etc.
3. An tsochaí agus an pobal
- Chun tacú le comhtháthú sóisialta agus folláine na sochaí trí níos mó deiseanna a chruthú do shaoránaigh teagmháil a bheith acu leis na healaíona, agus rogha shaothar ealaíne agus léirithe níos mó a chur ar fáil;
- Chun aitheantas a thabhairt d’ionchur ealaíontóirí i sochaí iolraíoch, agus dá n-ionchur i mbeocht na bpobal ar fud fad an náisiún.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh
- Ealaíontóirí le cleachtas cruthaitheach gairmiúil atá
- Lonnaithe i bPoblacht na hÉireann tráth a ndéantar an t-iarratas agus iad
- In ann fianaise a thabhairt ar a gcleachtas cruthaitheach atá lonnaithe in Éirinn go príomha.
- Iarratasóirí ar Bronnadh Céim orthu le Déanaí
Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh
- Iad siúd nach féidir leo fianaise a sholáthar ar a gcleachtas gairmiúil ealaíne
- Comhaltaí Aosdána a fhaigheann íocaíocht Cnuas
- Ealaíontóirí nach bhfuil lonnaithe i bPoblacht na hÉireann tráth a ndéantar iarratas agus ar feadh thréimhse na híocaíochta
- Ealaíontóirí nach bhfuil cleachtas lonnaithe in Éirinn go príomha acu
- Iad siúd atá i mbun oideachais lánaimseartha
Scéim Phíolótach IBE
Tá tuarascálacha a foilsíodh ar an scéim phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona a bhí ar siúl ó 2022 – 2026 ar fáil anseo: gov.ie - Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
Chuir taighde a bailíodh mar chuid den scéim phíolótach, fianaise shoiléir ar fáil ar an tionchar comhsheasmhach, dearfach atá ag an íocaíocht ar bheagnach gach táscaire. De ghnáth bíonn ealaíontóirí a fhaigheann an tacaíocht in ann:
- níos mó ama a chaitheamh ar a gcuid ealaíne;
- níos mó píosaí oibre a tháirgeadh;
- borradh a chur faoina bhfolláine trí shástacht saoil níos fearr
- imní laghdaithe orthu, agus;
- bíonn níos mó cosanta acu ó neamhchinnteacht ioncaim san earnáil ná iad siúd nach bhfuil ag fáil na tacaíochta.