Foilsíonn an tAire O’Donovan Treoirlínte don Scéim Nua um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
- Foilsithe: 1 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2026
- Treoirlínte ina leagtar amach na critéir incháilitheachta curtha ar fáil ar líne inniu
- Osclófar an IBE d’iarratais ar an 15 Aibreán 2026 agus dúnfar é ar an 12 Bealtaine 2026
- Gheobhaidh 2,000 faighteoir íocaíochtaí €325 in aghaidh na seachtaine roimh dheireadh na bliana
- Spreagtar ealaíontóirí gairmiúla ó gach cearn den tír iarratas a dhéanamh
D’fhoilsigh an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, na Treoirlínte don Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona (2026 – 2029) inniu agus tá ceisteanna coitianta ag gabháil leo anseo.
Tacóidh an scéim nua le 2,000 ealaíontóir gairmiúil atá ag cleachtadh agus atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Tabharfar cuireadh d’iarratais trí thairseach ar líne ón 15 Aibreán. Moltar d’iarratasóirí an t-am idir foilsiú na dTreoirlínte agus oscailt na fuinneoige iarratais a úsáid chun iad féin a chur ar an eolas faoi na critéir incháilitheachta don scéim nua. Ní mór d’iarratasóirí cruthúnais ar chleachtas gníomhach agus sonraí a bhailiú le haghaidh suirbhé atá riachtanach agus iarratas á dhéanamh.
Le buiséad €18.27m bainte amach ag an Aire O’Donovan i mBuiséad 2026, roghnófar 2,000 ealaíontóir incháilithe chun íocaíocht €325 in aghaidh na seachtaine a fháil. Beidh an íocaíocht ar feadh 3 bliana.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
Molaim d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus ó gach cearn den tír iarratas a dhéanamh ar Ioncam Bunúsach do na hEalaíona. Is é foilsiú na dTreoirlínte inniu an chéad chéim eile chun an scéim thábhachtach seo a leabú. Tá áthas orm a bheith mar Aire atá freagrach as an tacaíocht seo a thabhairt d’ealaíontóirí gairmiúla a dhéanamh buan.
Nuair a sheol mé an scéim i mí Feabhra, labhair mé faoi cé chomh tábhachtach is atá an scéim seo ní hamháin d’ealaíontóirí, ach don tsochaí i gcoitinne. Is scéim cheannródaíoch í seo do na healaíona, agus cinntíonn sí gur ceannaire domhanda í Éire, sa chaoi a dtacaímid lenár n-ealaíontóirí agus dá bhrí sin lenár gcultúr. Cultúr atá ina bhunchloch den chaoi a gcuirimid muid féin i láthair go hidirnáisiúnta, an chaoi a gcuirimid turasóireacht agus Infheistíocht Dhíreach Eachtrach in Éirinn chun cinn agus an chaoi a dtuigimid agus a gcuirimid in iúl cad is brí le bheith ina nÉireannaigh.
Fuarthas amach in anailís costais is tairbhe (CBA) sheachtrach den Phíolótach IBE go bhfuair an tsochaí €1.39 mar chúiteamh in aghaidh gach €1 a infheistíodh sa phíolóta. Tá an CBA sin agus tuarascálacha eile ar na sonraí a bailíodh mar chuid den Phíolótach ar fáil anseo: Scéim phíolótach Ioncam Bunúsach do na hEalaíona: Tuariscí
Dúirt Peter Power ó Choiste Stiúrtha an Fheachtais Náisiúnta ar son na nEalaíon (NCFA):
Fáiltíonn an NCFA roimh oscailt an Ioncaim Bhunúsaigh bhuan d’Ealaíontóirí, lá suntasach i mbeartas ealaíon na hÉireann. Molaimid do gach ealaíontóir cleachtach na treoirlínte a léamh agus tosú ag ullmhú don phróiseas iarratais ón lá inniu, ionas gur féidir an líon is mó ealaíontóirí incháilithe a ionadú. Tá an NCFA ag tnúth le tús na scéime, agus le leanúint den fheachtas chun í a leathnú ar fud phobal na n-ealaíon ina iomláine.
Tá critéir incháilitheachta agus sonraí faoin gcaoi a n-oibreoidh an scéim, lena n-áirítear na cruthúnais chleachtais a nglacfar leo, leagtha amach sna Treoirlínte a foilsíodh inniu.
Ba é an Píolótach IBE an chéad Triail Rialaithe Randamaithe ar mhórscála a rinne Rialtas na hÉireann agus tá bonn láidir fianaise curtha ar fáil aici maidir le treo beartais na scéime. Féadfaidh siad siúd a bhí ar an scéim Phíolótach iarratas a dhéanamh ar an scéim nua chomh fada agus a chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta don scéim nua.
Déanfar measúnú ar iarratais i rith an tsamhraidh, agus cuirfear tús le híocaíocht d’ealaíontóirí roghnaithe roimh dheireadh 2026.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Cuspóirí na Scéime IBE
1. An t-ealaíontóir
- Chun fás agus cleachtas gairmiúil cruthaitheach a dhreasú agus a fhorbairt trí fhéinfhostaíocht;
- Chun dul i ngleic le míshocracht tuillimh agus an chontúirt a bhaineann le hobair sna healaíona, agus an drochthionchar a bhíonn acu siúd ar mheabhairshláinte na n-ealaíontóirí;
- Chun gníomhaireacht ealaíontóirí a chothú agus cead cainte a chosaint.
2. An earnáil
- Chun tallann a choinneáil san earnáil seo lena laghdaítear an gá atá le healaíontóirí obair lasmuigh de na healaíona ar chúiseanna eacnamaíocha;
- Chun tacú leis an earnáil agus í a leathnú trí éifeachtaí iarmharta e.g. comhoibrithe a fhostú, caiteachas ar ábhair, teacht chun cinn tionscadal nua etc.
3. An tsochaí agus an poba
- Chun tacú le comhtháthú sóisialta agus folláine na sochaí trí níos mó deiseanna a chruthú do shaoránaigh teagmháil a bheith acu leis na healaíona, agus rogha shaothar ealaíne agus léirithe níos mó a chur ar fáil;
- Chun aitheantas a thabhairt d’ionchur ealaíontóirí i sochaí iolraíoch, agus dá n-ionchur i mbeocht na bpobal ar fud fad an náisiún.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh
- Ealaíontóirí le cleachtas cruthaitheach gairmiúil atá
- Lonnaithe i bPoblacht na hÉireann tráth a ndéantar an t-iarratas agus iad
- In ann fianaise a thabhairt ar a gcleachtas cruthaitheach atá lonnaithe in Éirinn go príomha.
- Iarratasóirí ar Bronnadh Céim orthu le Déanaí
Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh
- Iad siúd nach féidir leo fianaise a sholáthar ar a gcleachtas gairmiúil ealaíne
- Comhaltaí Aosdána a fhaigheann íocaíocht Cnuas
- Ealaíontóirí nach bhfuil lonnaithe i bPoblacht na hÉireann tráth a ndéantar iarratas agus ar feadh thréimhse na híocaíochta
- Ealaíontóirí nach bhfuil cleachtas lonnaithe in Éirinn go príomha acu
- Iad siúd atá i mbun oideachais lánaimseartha
Scéim Phíolótach IBE
Tá tuarascálacha a foilsíodh ar an scéim phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona a bhí ar siúl ó 2022 – 2026 ar fáil anseo: Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
Chuir taighde a bailíodh mar chuid den scéim phíolótach, fianaise shoiléir ar fáil ar an tionchar comhsheasmhach, dearfach atá ag an íocaíocht ar bheagnach gach táscaire. De ghnáth bíonn ealaíontóirí a fhaigheann an tacaíocht in ann:
- níos mó ama a chaitheamh ar a gcuid ealaíne;
- níos mó píosaí oibre a tháirgeadh;
- borradh a chur faoina bhfolláine trí shástacht saoil níos fearr
- imní laghdaithe orthu, agus;
- bíonn níos mó cosanta acu ó neamhchinnteacht ioncaim san earnáil ná iad siúd nach bhfuil ag fáil na tacaíochta.