Féinmheastóireachta Scoile - Físeanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is scoil DEIS Banda 1 í Scoil Náisiúnta Seosaimh suite i nDún Dealgan, i gcroílár pobail bríomhar. Tá níos mó ná 500 dalta sa scoil, as cúlraí éagsúla sóisialta agus eitneacha. Tá an scoil tiomanta do chomhionannas deiseanna a chur i bhfeidhm don tógáil isteach ilchineálach atá aici. D’Fhéinmheastóireacht Scoile (FMS) dhírigh an scoil ar Litearthacht Bhéarla agus Gaeilge, Uimhearthacht agus Eolaíocht.
San fhíseán pléann príomhoide na scoile an bealach a cheangail an scoil FMS agus pleanáil gnímh DEIS. Pléann baill de phobail na scoile an bealach a réitigh siad barraíocht a d’fhéadfadh bheith ann agus an bealach a thugann an scoil ar na tuismitheoirí a bheith páirteach sa phleanáil ghníomhach d’fheabhsúcháin. Pléann oidí atá nua sa scoil an bealach ina raibh siad páirteach sa phróiseas FMS agus an bealach a chuidíonn sé lena gcuid cleachtadh a fheabhsú. Faoi dheireadh, tugann an físeán aird ar úsáid phróiseas chomhdhálú chun tacú lena cuid oibre FMS i go leor achair teagaisc agus foghlama.
Is scoil speisialta í Tigh Nan Dooley do pháistí le dian-míchumais foghlama troma. Tá sí suite sa Ceathrú Rua, Co. na Gaillimhe, agus cuireann sí a seirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge. Dhírigh an scoil ar úsáid an próiseas FMS chun an cur chuige atá acu do Lámh mar uirlis cumarsáide a fhorbairt. Táimid fíor-bhuíoch do phríomhoide, Delia Moylan, as labhairt linn faoin taithí atá ag an scoil ar FMS.
Is scoil Ghaeltachta í Scoil Éinne. Tá an scoil suite sa Spidéal i gcontae na Gaillimhe. San físeán thíos labhraíonn príomhoide na scoile Pádraigín Ní Lionnáin faoin FMS ina scoil. Táimid fíorbhuíoch di as ucht a rannpháirtíocht san físéan.
Brúigh na naisc thíos chun féachaint ar fhistéipeanna d’oidí ag labhairt faoi phróisis agus faoi thorthaí FMS ina scoileanna. Táimid an-bhuíoch de na hoidí as a bheith sásta a gcuid oibre a roinnt.