Is próiseas comhoibríoch, cuimsitheach agus athmhachnamhach d’athbhreithniú inmheánach scoile é an fhéinmheastóireacht scoile (FMS nó SSE sa Bhéarla). Cur chuige bunaithe ar fhianaise atá ann, ina mbailítear faisnéis ó fhoinsí éagsúla le breithiúnais a dhéanamh. Ar fheabhsúchán i bhfoghlaim na ndaltaí atá an próiseas uile dírithe.
Féinmheastóireacht Scoile: Na Chéad Chéimeanna Eile, Meán Fómhair 2022 – Meitheamh 2026
Cuimsítear sa doiciméad seo Ciorclán 0056/2022 na Roinne Oideachais agus leagan sé amach a bhfuil ag teastáil ó scoileanna maidir le féinmheastóireacht scoile le linn na tréimhse ó mhí Mheán Fómhair 2022 go mí an Mheithimh 2026.
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis do dhaltaí bunscoile
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis do dhaltaí bunscoile
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis so scoláirí iar-bhunscoile
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis so scoláirí iar-bhunscoile
Tá na doiciméid Ag Breathnú ar … seo deartha chun tacú le scoileanna agus/nó múinteoirí agus iad ag machnamh ar a gcleachtais reatha i réimsí curaclaim/ábhair aonair agus ag obair chun a soláthar sna réimsí seo a fheabhsú. Tugann na doiciméid treoir ar conas is féidir an próiseas féinmheastóireachta scoile agus príomhthacaíochtaí eile a úsáid chun tacú le hathbhreithniú agus feabhsú sna réimsí curaclaim/ábhair éagsúla.
Tugann an Chigireacht cuireadh duit na dréacht-doiciméid seo a úsáid agus tú ag i mbun tuilleadh forbartha a dhéanamh sa soláthar curaclaim/ábhair. Chuirfimis fáilte roimh aiseolas uait ar na doiciméid, lena n-áirítear moltaí ar conas is féidir iad a fhorbairt tuilleadh.
Is féidir leat d’aiseolas a sheoladh chuig sse@education.gov.ie
Féin-Mheastóireacht Scoile ar Twitter @SSEinspectorate
Bhog suíomh ghréasáin féinmheastóireachta scoile na Cigireachta go gov.ie i mí Dheireadh Fómhair 2021.
Is féidir leat breathnú ar an sean-láithreán gréasáin anseo .
Léiríonn an seimineár gréasáin seo torthaí na suirbhéanna ar fhéinmheastóireacht scoile a riaradh i mí an Mhárta 2022 agus déantar plé ar roinnt de na príomhréimsí ó na torthaí sin a chuidigh le treoir a sholáthar don chéad chéim eile de FMS ó 2022 go 2026
tugann an seimineár gréasáin thíos comhairle ar conas is féidir le do scoil dul i ngleic leis an bpróiseas FMS sna blianta atá le teacht de réir an doiciméid, Féinmheastóireacht Scoile Na Chéad Chéimeanna Eile 2022-2026, agus Ciorclán 0056/2022. (Seans go mbeidh ort na fianáin ar do ríomhaire a choigeartú chun an seimineár gréasáin a fheiceáil).
Nuachtlitir Féinmheastóireachta Scoile le haghaidh Bunscoileanna agus Scoileanna Speisialta Deireadh Fómhair 2023
Soláthraíonn an nuachtlitir seo comhairle agus naisc chuig príomh-acmhainní a thacóidh le féinmheastóireacht scoile i rith na scoilbhliana seo.
Nuachtlitir Féinmheastóireachta Scoile le haghaidh Iarbhunscoileanna Deireadh Fómhair 2023
Soláthraíonn an nuachtlitir seo comhairle agus naisc chuig príomh-acmhainní a thacóidh le féinmheastóireacht scoile i rith na scoilbhliana seo.
Leanfaidh an Chigireacht ag tabhairt cuairteanna comhairleacha FMS le linn na scoilbhliana 2022/23. Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ar sheisiún comhairleach trí ríomhphost a sheoladh chuig sse@education.gov.ie