Tá an Príomhchigire freagrach as Cigireacht na Roinne agus is ball í de bhord bainistíochta na roinne. Ceapadh Yvonne Keating mar Phríomhchigire sa Roinn Oideachais i mí Dheireadh Fómhair 2022. Sular thosaigh sí sa Chigireacht, d’oibrigh Yvonne mar mhúinteoir. Tá cáilíochtaí aici san oideachas, sa dlí, sa chigireacht agus sa rialáil.