Ionad Intreo, Ros Comáin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is féidir leat teacht ar Sheirbhísí Leasa Pobail i Ros Comáin ach dul i dteagmháil le:
Cuireann an t-ionad seo seirbhís siúl isteach ar fáil. Níl gá le coinní, ach tá siad ar fáil ach iad a iarraidh faoi réir éilimh.
Déan coinne trí theagmháil a dhéanamh le:
Mura bhfuil rochtain agat ar ríomhphost, is féidir leat glaoch ar an Ionad Teagmhála Intreo Náisiúnta ar 0818 405060 agus seolfaidh an fhoireann ríomhphost chuig IntreoRoscommon@welfare.ie chun coinne a iarraidh ar do shon.
Braithfidh na sliotáin ama atá ar fáil ar mhéid na scuaine agus ar uaslíon agallamh gur féidir a éascú go laethúil. D’fhéadfadh go mbeadh amanna feithimh fada i gceist.
Agus tú ag freastal ar an ionad, caithfidh tú na doiciméid chearta a bheith agat. Léigh le do thoil an t-eolas maidir leis na doiciméid is gá duit a thabhairt leat.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gá Cárta Seirbhíse Poiblí a bheith agat chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána. Le haghaidh iarratas ar cheadúnais tiomána, tabhair cuairt le do thoil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána.
Is iad na ceantair seo a leanas a gcuireann an oifig seo seirbhísí ar fáil dóibh: Baile Ros Comáin, Béal Átha Liag, Cnoc an Chrochaire, Áth Liag agus Béal Átha Ghártha.