An tAonad Acmhainní Daonna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAonad Acmhainní Daonna freagrach as an bhfeidhm acmhainní daonna a bhainistiú d’fhoireann riaracháin na Roinne, do bhaill foirne na Cigireachta, don tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, agus do bhaill eile foirne ghairmiúla/theicniúla atá ag obair sa Roinn, bunaithe inár dtrí phríomhoifig agus in oifigí eile áitiúla agus réigiúnacha.
Tabhair do d’aire, i gcás aon fhiosruithe a bhaineann le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta Múinteoirí/Cúntóirí Riachtanas Speisialta i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna, déan teagmháil leis an Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta Aonad Téarmaí agus Coinníollacha.
Tugaimid tacaíocht dár mbaill foirne feidhmiú ar bharr a gcumais ar na bealaí seo:
Déanaimid gach dícheall tacú le seirbhísí oideachais tosaigh a chosaint agus iarraimid bearta éifeachtúlachta a bhaint amach ó thaobh cleachtais agus próisis oibre, de réir Chomhaontú Cobhsaíochta na Seirbhíse Poiblí (2018-2020) agus de réir Chlár Athchóirithe an Rialtais foriomlán don státseirbhís
Cinntímid, trí bhainistiú éifeachtach ar chaidrimh fostaithe, gur timpeallacht bhuanseasmhach í an timpeallacht caidreamh tionsclaíoch
Cuirimid Seirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe agus seirbhís an Oifigigh Idirchaidrimh do Dhaoine faoi Mhíchumas ar fáil d’fhoireann na Roinne
Bainistímid agus eagraímid an t-earcú, an ceapachán agus an lonnú le haghaidh na leibhéal ceadaithe acmhainní foirne don Roinn
Téimid i mbun pleanála don fhórsa saothair agus i mbun cláir roinnte seirbhísí ionas go ndéantar na leibhéil foirne a bhainistiú go héifeachtach agus chun freastal ar riachtanais shíorathraithe na heagraíochta ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de.
Páirt a ghlacadh i gcláir um Pleanáil don Fhórsa Saothair agus um Sheirbhísí Comhroinnte d’fhonn bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an laghdú i leibhéil foirne agus d’fhonn freastal ar riachtanais athraitheacha na heagraíochta ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de.
Seoladh: An Roinn Oideachais, An tAonad Acmhainní Daonna, Shráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1. D01 RC96
Teil: Dublin (01) 889 2138
Seoladh: An Roinn Oideachais, An tAonad Acmhainní Daonna,
Cor na Madadh, Baile Atha Luain, Co Iarmhí. N37 X659
Teil: (090) 648 3617
Seoladh: An Roinn Oideachais, An tAonad Acmhainní Daonna,
Bóthar Phort Laoise, Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí. R35 Y2N5
Teil: (057) 932 4313.
Seoladh: An Roinn Oideachais, An tAonad Oiliúna agus Forbartha Foirne, Cor na Madadh, Baile Atha Luain, Co Iarmhí, N37 X659
Teil: (090) 648 4116