Cuirtear an géarchúram ar fáil san ospidéal, seachas sa phobal.
I measc seirbhísí géirchúraim, áirítear:
Faigh amach níos mó faoi ospidéil phoiblí na hÉireann.
Is tosaíocht don rialtas na hamanna feithimh d’othair le haghaidh oibríochtaí agus nósanna imeachta ospidéil a laghdú.
Sa Plean Rochtana Cúraim Sceidealta leagtar bearta amach chun an cúram d’othair atá ag fanacht le cúram sceidealta a fheabhsú in 2019.
Faoin bplean seo:
Is tinneas a tharlaíonn go coitianta í an ailse. Gach bliain, déantar timpeall 33,000 cás nua a dhiagnóisiú in Éirinn. Gheobhaidh níos mó ná duine amháin as gach triúr daoine ailse de chineál éigin ina saol. Mar sin féin, tá feabhas ag teacht ar mharthanas roinnt ailsí coitianta mar gheall ar níos mó feasachta, scagthathátala a bheith ann agus mar gheall ar an ailse a bheith brathnaithe níos luath agus cóireálacha níos fearr a bheith ar fáil.
Tá a lán daoine in Éirinn anois ag maireachtáil i bhfad níos faide tar éis dóibh diagnóis a fháil go bhfuil ailse orthu, agus an chóireáil a fháil. Tá níos mó ná 150,000 daoine atá fós beo tar éis don ailse a bheith orthu.
Tá feabhas leanúnach ag teacht ar na torthaí d’othair a bhfuil ailse orthu in Éirinn. Tá méadú tagtha ar an ráta maireachtála fhadtéarmach i dtaca le gach cineála d’ailse ionracha, suas go 61% d’othair a ndearnadh diagnóis orthu in 2009-2013, suas ó 44% don tréimhse 1994-1999. Is ionann an ráta maireachtála cúig bliana don ailse chíche anois agus 83% agus tá an ráta maireachtála i gcás na n-ailsí eile, mar shampla an ailse próstataigh agus uiríoch, os cionn 90%.
Le Straitéis Náisiúnta Máithreachais na hÉireann, "Todhchaí Níos Fearr a Chruthú le Chéile", deimhnítear go bhfuil mná i gcroílár na cinntí uile faoina gcúram féin. Is í aidhm na straitéise ná a chinntiú go mbeidh gach bean in ann rochtain a fháil ar an leibhéal ceart cúraim, ón ngairmí ceart, ag an am ceart agus san áit cheart, de réir a riachtanas féin.
Faigh amach níos mó faoi sheirbhísí cúraim máithreachais.
Sábhálann an deonú orgán saol daoine. Tá an rialtas tiomanta an deonú orgán a dhéanamh mar ghnáthnós in Éirinn nuair a fhaigheann daoine bás in imthosca inar féidir deonú a dhéanamh.
Tá trí ionad speisialaithe trasphlandaithe orgán in Éirinn.
Faigh amach níos mó faoi conas a n-oibríonn an próiseas.
In 2019, rinneadh an Scéim Ghinearálta de Bhille Fíocháin Daonna a fhoilsiú.
Beidh forálacha sa Bhille maidir leis na nithe seo a leanas:
Rud atá suntasach, tá foráil déanta leis an mBille go dtabharfar isteach córas toilithe diúltaithe don deonú orgán an duine marbh agus clár gaolmhar.
Tugann meastacháin le fios go bhfuil sé dóchúil go mbíonn 1,600 cás den tráma mór in aghaidh na bliana in Éirinn. Faoi láthair, téann líon suntasach othar tráma mhóir chuig ospidéil, áit nach féidir leo an cúram riachtanach agus deifnídeach a fháil.
I mí Feabhra 2018, foilsíodh Córas Tráma d’Éirinn. Tá sé mar aidhm ag an tuarascáil seo minicíocht agus ualach an tráma a laghdú agus ráta marthanais othar an tráma mhóir a fheabhsú go suntasach, trína chinntiú go bhfaigheann gach othar an caighdeán cúraim is fearr is féidir san ionad oiriúnach.
Pléann sé an bealach cúraim ar fad ó chéim an choisc go céim an athslánaithe, agus moltar córas tráma uilechuimsitheach a bheith curtha i mbun le dhá líonra tráma mol-agus-spóca, dhá Lárionad Tráma Mhóir agus suas le 13 ospidéal a fhreastalaíonn ar an tráma.
Tá grúpa forfheidhmithe eatramhach curtha ar bun ag an FSS, mar atá molta sa tuarascáil, agus tá sé ag dul ar aghaidh leis na ceithre bheart láithreacha (prótacail sheachbhóthar ortaipéideacha, roghnúchán Mór-Ionad Tráma do Bhaile Átha Cliath, Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta a earcú agus an phleanáil mionsonraithe ar an gcur chun feidhme a dhéanamh).
Feabhsóidh Córas Tráma na hÉireann an seans go mairfidh an othar agus go mbainfear amach torthaí othar níos fearr trína chinntiú go bhfaighidh na daoine a dteastaíonn cúram uathu an cúram ceart, ag an am ceart.
Déantar an scagthástáil ar dhaoine ar cosúil go bhfuil siad sláintiúil. Ní bhíonn comharthaí acu.
Ní ionann an scagthastáil agus an tástáil dhiagnóiseach:
Forbróidh cuid acu ailse fós in ainneoin scagadh rialta. Cé gur féidir an riosca ailse a laghdú, ní féidir é a dhíchur leis an scagadh.
I measc samplaí de na riochta a chlúdaítear le cláir scagtha tá an ailse chíche, an ailse cheirbheacs, an ailse putóige agus an reitineapaite diaibéitis.