Íomha: Ploughing banner irish

An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, 2022

Do Rialtas, Do Phobal #GovPloughing22

Beidh níos mó ná 125 seastán éagsúla Rialtais mar chuid de shráidbhaile Rialtas na hÉireann ag an gComórtas Náisiúnta agus Domhanda Treabhdóireachta don bhliain 2022 in Ráth an Uisce, Port Laoise, Co. Laoise ar an 20-22 Meán Fómhair.

Beidh na cuairteoirí a bheidh ag an gComórtas in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Iarratas a dhéanamh ar phas
  • Ceisteanna a chur ar oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim faoi chúrsaí cánach
  • Liúntais leasa shóisialaigh a éileamh
  • Teacht ar eolas maidir le réimse seirbhísí a chuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar fáil lena n-áirítear scéimeanna nua CBT agus scéimeanna CBT atá ann cheana
  • Comhairle sláinte a fháil ó shaineolaithe an FSS

I measc na mórthéamaí i sráidbhaile an Rialtais, beidh Gníomhú ar son na hAeráide agus Tithíocht do Chách .

Beidh seirbhísí Rialtais ar fáil faoi struchtúir chomhlántacha de réir téamaí lena n-áirítear ‘Cultúr, Cruthaitheacht agus Nuálaíocht,’ ‘Todhchaí na Tuaithe - Ag Tacú le Pobail,’ agus ‘Maireachtáil Inbhuanaithe.’

Cuirfidh an Garda Síochána agus an Roinn Dlí agus Cirt seirbhísí ar fáil faoin téama ‘Ag tacú le híospartaigh na coireachta’.

Is féidir le cuairteoirí bualadh isteach chun casadh leis na foirne seo a leanas:

• Éire Ildánach,

• Óglaigh na hÉireann,

• Éire Dhomhanda,

• Fondúireacht Eolaíochta Éireann,

• Oifig na nOibreacha Poiblí,

• Bord Bia,

• Garda Cósta,

• Met Éireann,

• Leabharlann Taistil,

Agus go leor eile.

Beidh Taispeántas Conartha na Cartlainne Náisiúnta ar turas sa sráidbhaile.

Foilseofar plean iomlán na n-imeachtaí anseo.

Tá sráidbhaile Rialtas na hÉireann suite ag croílár shuíomh an Chomórtais Treabhdóireachta, in aice le Ceanncheathrú an Chumainn Náisiúnta Treabhadóireachta ag Sraitheanna 17-20.

Mapa Shráidbhaile Rialtas na hÉireann don bhliain 2022

Íomha: Social Card Map_GA