Íomha: Climate Conversation Banner image

An tAistear go dtí an Neodracht Charbóin

Cuireann an Bille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus an Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 Éire i dtreo astaíochtaí atá neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. De bhun an Bhille Aeráide beidh an Rialtas freagrach go dlíthiúil as an sprioc seo. Is ionann seo agus méadú suntasach san uaillmhian againn don aeráid – ár n-astaíochtaí a laghdú faoina leath sna deich mbliana romhainn, ar an mbealach go dtí an neodracht.

Tá dul chun cinn nach beag déanta ag ár bPlean Gnímh don Aeráid 2019, ach tá bealach fada le siúl fós. Sin an fáth a bhfuil muid ag cur beart leis an mbriathar atá sa Bhille. Is é an Plean Gnímh don Aeráid 2021 an treoir go dtí an neodracht, agus ba mhaith linn ionchur ón bpobal. Tá cuireadh sa Chomhrá faoin Aeráid ar shaoránaigh agus ar phobail bheith linn ar an aistear seo. Ní mór dúinn freisin cluas a thabhairt don eolaíocht. Tá Glaoch ar Fhianaise againn a iarrann tuairimí saineolaithe mar bhonn eolais don Phlean. Idir an dá linn, beidh Bearta Eatramhacha againn a chinnteoidh go leanfaimid den ghníomhú, fiú agus muid ag pleanáil don chéad chéim eile dár n-aistear chun na neodrachta aeráide.

Léigh tuilleadh faoi conas a bheimid ag dul i dtreo na neodrachta, agus bí páirteach sa Chomhrá faoin Aeráid.