Íomha: Menopause banner v2 GA

Meanapás

Nuair a thagraítear do "mná" sa láithreán gréasáin seo, is í an chiall is cuimsithí den fhocal atá i gceist. Úsáidtear é mar ghiorrúchán chun cur síos a dhéanamh orthu siúd go léir a aithníonn iad féin mar mhná agus iad siúd nach n-aithníonn iad féin mar mhná ach a roinneann réaltachtaí agus taithí bhitheolaíoch na mban. Agus an téarma sin á úsáid againn, níl sé i gceist againn aon duine a fhágáil ar lár. Bealach amháin chun seirbhísí sláinte níos spriocdhírithe agus níos pearsantaithe a chruthú do gach duine in Éirinn is ea úsáid a bhaint as inscne chun bonn eolais a chur faoi bheartas sláinte.

Bhí an gá le comhrá oscailte a thosú maidir leis an meanapás ina léargas tábhachtach ón gcleachtadh éisteacht radacach arna choimisiúnú ag Tascfhórsa Shláinte na mBan, chun torthaí agus taithí sláinte na mban maidir le cúram sláinte a fheabhsú.

Is céim bhitheolaíoch í an meanapás, nuair a stopann an fhuil mhíosta go buan, a théann gach bean tríd ag am éigin ina saol. Nuair a bhíonn an meanapás ar dhuine d'fhéadfadh siomptóim amhail ráigeanna teasa, athruithe ar an fhuil mhíosta, guagacht giúmair, imní agus mearbhall inchinne a bheith orthu dá bharr. Is féidir leis na siomptóim seo tosú blianta sula stopann an fhuil mhíosta agus leanúint ar aghaidh ina dhiaidh sin.

Déanann níos lú ná 20% de na mná atá ag fulaingt mar gheall ar meanapás/peiri-mheanapás cur síos air mar thaithí dearfach agus aontaíonn tromlach na ndaoine (82%) nach bpléitear an meanapás go hoscailte.

Ní mór dúinn comhrá nua a thosú maidir le meanapás, conas a dhéanaimid cúram air agus conas a thacaímid leis ar bhealach iomlánaíoch.

Tá go leor déanta chun tacú le cúram cliniciúil an mheanapáis agus chun é a chur i bhfeidhm agus a fheabhsú go dtí seo. Osclaíodh trí chlinic speisialta meanapáis san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, in Ospidéal an Aonaigh agus sa Rotunda go dtí seo agus tá sé beartaithe go n-osclófar trí cinn eile, sa Choim, i gCorcaigh agus i nGaillimh, in 2022. Tá Clinicí Meanapáis Speisialaithe deartha chun cóireáil a dhéanamh ar shiomptóim chasta den mheanapáis ach is féidir le formhór na ndaoine a gcuid siomptóm a bhainistiú sa bhaile nó le Dochtúir Teaghlaigh.

Le tacaíocht ó Chiste Sláinte na mBan, d'fhoilsigh an ICGP Mearthreoir Thagartha le déanaí maidir le Diagnóis agus Bainistíocht an Mheanapáis i gCleachtadh Ginearálta.

I mBuiséad 2023 baineadh CBL ó Teiripe Athsholáthair Hormón (HRT) chun comhionannas rochtana do mhná ar fud na tíre a fheabhsú.

Ní bheidh rochtain ar shainchúram meanapáis ag teastáil ó gach bean. Tá sé mar aidhm ag an láithreán gréasáin seo tacú le daoine in Éirinn níos mó eolais a fháil faoin meanapás, cibé acu an gciallaíonn sé sin tuiscint a fháil ar a gcuid siomptóim féin nó tacú le duine muinteartha, cara nó comhghleacaí tríd an meanapás.