Íomha: BTYTE Irish

Taispeántas an Eolaí Óig agus na Teicneolaíochta 2023 | 11 go 14 Eanáir i gCumann Ríoga BÁC

I gcomhar leis an Roinn Oideachais agus tacaíocht ó Rialtas na hÉireann

BTYSTE 2023

Comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad i gcomórtas na bliana i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Táimid ag tnúth le sibh a fheiceáil arís in Eanáir 2024. Beidh eolas cothrom le dáta ar an leathanach seo roimh an gcéad Taispeántas BT an Eolaí Óig agus na Teicneolaíochta eile. Idir an dá linn, féach Seirbhísí an Rialtais [nasc seachtrach www.gov.ie | anseo.]

Tá an Roinn Oideachais ar cheann de na príomhurraitheoirí ar Thaispeántas BT an Eolaí Óig agus na Teicneolaíochta (BTYSTE).

Baintear leas as gníomhaíochtaí páirteacha faoi stiúir an fhoghlaimeora le foghlaimeoirí a spreagadh agus a chuireann le dearcadh agus tuiscint na bhfoghlaimeoirí i leith ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) .

Deis a bhíonn ann cur leis an bhfoghlaim in ábhair ETIM a bhíonn ar siúl sna scoileanna againn. Is é is aidhm don Roinn Oideachais Ráiteas Beartais 2017-2026 um Oideachas ETIM a úsáid lena chinntiú go mbeidh na foghlaimeoirí sa tír seo ag plé ó aois óg le heispéiris ardchaighdeáin ETIM.

Tá Taispeántas an Eolaí Óig agus na Teicneolaíochta á reáchtáil le chóir a bheith 60 bliain agus é bunaithe i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Comórtas agus eispéireas oideachasúil atá ann do na daltaí ó gach áit in Éirinn a ghlacann páirt ann.

Tá Ranna agus Gníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Rialtais i ndiaidh a bheith i láthair ar Thaispeántas an Eolaí Óig agus na Teicneolaíochta le blianta beaga anuas.

Ina measc siúd tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Teagasc, Met Éireann, Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, an Phríomh-Oifig Staidrimh, Cúnamh Éireann, Fondúireacht Eolaíochta Éireann, an Chomhairle Oidhreachta agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

Gníomhú ar son na hAeráide ar BTYSTE

Cuireadh béim shuntasach ar an nuálaíocht eolaíochta agus teicneolaíochta le dul i ngleic leis an athrú aeráide sa taispeántas i mbliana agus bhí 20% de na tionscadail a cuireadh isteach ag plé le ceisteanna comhshaoil i ngach catagóir ETIM.

Tá tuilleadh eolais maidir le Plean Gnímh don Aeráid 2023 an Rialtais anseo.

Tá cúrsaí sláinte, cineálacha nua teicneolaíochta, talmhaíocht agus an eolaíocht spóirt i measc na dtreochtaí láidre atá tar éis a bheith sna hiontrálacha.

Roghnaigh moltóirí BTYSTE an 550 tionscadal a cuireadh i láthair sa taispeántas.