Íomha: NPSO LANDING BANNER

Cad í an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Othar?

Bhunaigh an Rialtas an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Othar (an ONSO) i mí na Nollag 2016, le ról sábháilteachta othar na Roinne Sláinte a threisiú agus ceannaireacht a sholáthar i dtaobh príomhbheartais agus príomhreachtaíocht um shábháilteacht othar a sholáthar.

I measc na limistéar oibreacha beartais, tá éifeachtacht chliniciúil, a chuireann cúram cliniciúil fianaisebhunaithe, nochtadh oscailte, abhcóideacht um shábháilteacht othar, agus sonraí agus faisnéis sláinte a úsáid chun cinn ar mhaithe le sábháilteacht othar. Cuireann ár mbeartas frithsheasmhachta in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach úsáid cheart antaibheathach chun cinn. Ullmhaíonn agus tacaíonn an ONSO chomh maith le reachtaíocht um shábháilteacht othar.

Déanann go leor comhlachtaí agus eagraíochtaí éagsúla fud fad na tíre, FSS agus an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte san áireamh idirchaidreamh leis an ONSO.

Cuireann an ONSO comhdháil bhliantúil ar siúl a sholáthraíonn ardán le haghaidh plé agus le príomhshaincheisteanna um shábháilteacht othar a chur i láthair.

Conas a thugaimid faoinár n-obair?

Tá foireann cúig aonad ag an ONSO a ndíríonn gach ceann díobh ar limistéar éagsúil um shábháilteacht othar.

Cliceáil na naisc thíos, le do thoil, chun níos mó a fhoghlaim faoi na foirne.